Ar aghaidh chuig an inneachar

Cróitis

Hrvatski jezik

Líon na gcainteoirí dúchais

4.4 milliún

Teanga oifigiúil i

An Chróit, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeirbia (tá sí ar cheann de 7 dteanga oifigiúla Vojvodina).

Teanga mhionlaigh i

Montainéagro, an Ungáir, an Ostair, an Iodáil, an Rómáin

Teanga diaspóra

An Ghearmáin, an tSualainn, an Fhrainc agus tíortha eile AE an Iarthair, an Airgintín, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, an Astráil, an Nua-Shéalainn

Aibítir
28 litir - 30 fóinéim, is fóinéimí iad (nj, lj, dž a scríobhtar le dhá litir)
Tuisil gramadaí
7
Cód teanga
hr, hrv
Saintréitheacht theangeolaíoch
infhillte , forainm ar lár , SVO
Fine teangacha
Ind-Eorpach, Slavach, Slavach Theas
Líon na gcanúintí
3 ghrúpa canúintí agus timpeall 25-30 fochanúint

An focal is sia

banoidhre na ríchathaoireach

Focal nó abairt aisteach

Ag a mbarr, is measa a dhónn sléibhte
4 bhlas tuinairde éagsúla

Réamhrá

Tá an Chróitis an-ghar don tSeirbis, don Bhoisnis agus don Mhontainéagrais. D'fhorbair an Chróitis mar theanga liteartha ón 15ú céad i leith in a lán leaganacha áitiúla agus is sa 19ú céad a fuair sí foirm an lae inniu (le roinnt difríochtaí).

Sa 19ú céad, bhí gluaiseacht láidir i dtreo comhtheanga do na Slavaigh Theas. Mar gheall ar a tionchar, ceapadh teangacha caighdeánacha an-chomhchosúil don tSeirbis agus don Chróitis, agus mar gheall air sin, chreid go leor daoine don chuid is mó den 20ú cead ná fuil ach aon teanga ann, an tSeirbea-Chróitis (nó Cróit-Sheirbis). Cheap daoine eile go raibh dhá theanga ar leith ann (Cróitis agus Seirbis). Meastar an Mhontainéagrais, mar gheall ar a stór focal intleachtúil agus a foclóir speisialaithe, mar chineál Seirbise, cé go bhfuil sé go leor saintréithe idirdhealaitheacha aici. Is deacair an Bhoisnis a shainiú, ach is cinnte go bhfuil sí idir an tSeirbis agus an Chróitis agus tá roinnt cineálacha di; is gaire í don Mhontainéagrais. Mar sin féin, labhraíonn cainteoirí na gceithre theanga lena chéile gan ateangairí. Bíonn na difríochtaí móra san fhoclóir speisialaithe i mbeagnach gach réimse. Is ar éigean is féidir le Cróitigh agus Seirbigh a chéile a thuiscint agus iad ag caint faoi mhatamaitic, bitheolaíocht, dlí nó fiú cócaireacht, murar fhoghlaim siad foclóir a chéile. Tá difríochtaí sa scríbhneoireacht freisin. Scríobhtar an tSeirbis agus an Mhontainéagrais leis na haibítrí Laidine agus Coireallacha, ach is in aibítir na Laidine amháin a scríobhtar an Chróitis agus an Bhoisnis.

Roinntear na teangacha Slavacha ina dtrí fhoghrúpa: Iar-Shlaivis (Polainnis, Seicis, Slóvaicis, Sorbais, Caisiubais, Slóivincis), Oir-Shlaivis (Úcráinis, Bealarúisis, Rúisis agus Rúisinis) agus Slaivis Theas (Slóivéinis, Cróitis, Seirbis, Montainéagrais, Boisnis, Macadóinis agus Bulgáiris).

Tabhall Baška (Baščanska ploča), thart ar an mbliain 1100

Canúintí

Roinntear críoch na Cróitise ina dtrí réimse canúintí: Shtocáivis, Kajcáivis agus Chacáivis. Forbraíodh litríocht i ngach canúint, ach den chuid is mó sa Shtocáivis, a úsáideadh mar bhonn chun an teanga chaighdeánach a chruthú.

  • Čakavsko narječje
  • Kajkavsko narječje
  • Štokavsko narječje

Foinse: Wikimedia Commons

Córas scríbhneoireachta agus fuaimniú

  • a
  • b
  • c
  • č
  • ć
  • d
  • đ
  • e
  • f
  • g
  • h
  • i
  • j
  • k
  • l
  • m
  • n
  • o
  • p
  • r
  • s
  • š
  • t
  • u
  • v
  • z
  • ž

Scríobhtar an Chróitis le haibítir na Laidine, cé go scríobhtaí ar dtús í leis an aibítir Glagalach, a cruthaíodh go speisialta do theangacha Slavacha, nó leis an aibítir Choireallach Iartharach (bosančica). Ar feadh tamaill d'úsáidtí na trí script ag an am céanna i réigiúin éagsúla, ach uaireanta freisin sa réigiún céanna. Sa deireadh, níor fhan ach script na Laidine. Litriú foghraíochta atá ann anois, .i. léitear an litir chéanna mar an gcéanna i gcónaí. Tá 27 litir: bunlitreacha na Laidine gan x, y agus q, ach fara č, ć, đ, š agus ž. Tá trí fhóinéim a scríobhtar le dhá litir, lj, nj agus .

Mar sin is furasta téacs Cróitise a léamh. Níl aon fhadhb ach an bhéim, mar is féidir an bhéim a leagan ar aon siolla (seachas an ceann deireanach), agus athraíonn béim mhícheart brí an fhocail go hiomlán uaireanta. Ní fíor sin don bhlas tuinairde, ámh. (tá ceithre bhlas tuinairde éagsúla, cosúil le toin na Sínise: dhá cheann ag titim agus dhá cheann ag ardú, agus is féidir le gach ceann acu a bheith fada nó gearr). Mar shampla, san abairt "Gore gore gore gore" ta ceithre fhocal ar cosúil iad a bheith comhionann, ach mar gheall ar na blasanna tuinairde éagsúla, tá ceithre bhrí éagsúla leo: "Ag a mbarr, is measa a dhónn sléibhte." {/I}

Gramadach

I gcoitinne, deirtear go bhfuil gramadach an-chasta ag an gCróitis, ar nós na dteangacha Slavacha uile. Tá dhá uimhir (uatha agus iolra), tá seacht dtuiseal ag gach ceann acu (ainmneach, ginideach, tabharthach, áinsíoch, gairmeach, áitreabhach agus uirliseach), agus ní mór é sin go léir a chomhcheangal le trí inscne (firinscneach, baininscneach agus neodrach). D'fhonn foirm ainmfhocail a chinneadh, ní mór ansin seacht dtuiseal, dhá uimhir agus trí inscne a mheas, mar sin go teoiriciúil tá 42 fhoirm ar fáil. Sna briathra tá seacht n-aimsir ((láithreach, fáistineachí I, fáistineach II, neamhfhoirfe/éigríochta, foirfe agus ollfhoirfe) agus dhá uimhir (uatha agus iolra). Tá trí phearsa (mé, tú, sé/sí san uimhir uatha, san uimhir iolra: sinn, sibh siad). Bíonn dhá ghné ag briathra freisin ((foirfeach agus neamhfhoirfeach), agus ní mór gné gach briathair a fhoghlaim, mar athraíonn sí an réimniú a roghnófar: mar shampla, skočiti ("léim") agus skakati ("léimeadh").

Ina theannta sin, tá go leor briathra neamhrialta agus tá a bhfoircinn féin acu. Tá sainghnéithe a bhaineann le hathruithe fuaime laistigh de na focail (easamhlú, caolú, srl) ann chomh maith. Cosúil leis na hainmfhocail, bíonn aidiachtaí agus forainmneacha casta chomh maith. Bíonn aidiachtaí cinnte nó éiginnte freisin.

Déanmhas focal agus foclóir

Samplaí de réimniú na mbriathra:

Aimsir láithreach:

Uatha Iolra
1ad pearsa idem
téim
idemo
téimid
2ra pearsa ideš
téir, téann tú
idete
téann sibh
3ú pearsa ide
téann sé/sí
idu
téid, téann siad

Éigríochta

Uatha Iolra
1ad pearsa pođoh
chuas/chuaigh mé
pođosmo
chuamar
2ra pearsa pođe
chuais/chuaigh tú
pođoste
chuabhair/chuaigh sibh
3ú pearsa pođe
chuaigh sé/sí
pođoše
chuadar/chuaigh siad

Foirfe

Uatha Iolra
1ad pearsa išao sam
chuas - fireann
išla sam
chuas - baineann
išli smo
chuamar - fireann
išle smo
chuamar- baineann
2ra pearsa išao si /išla si
chuais - fireann/baineann
išli ste/išle ste
chuabhair - fireann/baineann
3ú pearsa išao je/išla je
chuaigh sé/chuaigh sí
išli su/išle su
chuadar fireann/baineann

Tá ollfhoirfe chomh maith le dhá aimsir fháistineach (I agus II) ann freisin.

Ainmfhocail:

Uatha Iolra
Ainmneach stol
bord
stolovi
boird
Ginideach stola
an bhoird
stolova
na mbord
Tabharthach stolu
chuig an mbord
stolovima
chuig na boird
Áinsíoch stol
bord
stolove
boird
Gairmeach stole
a bhoird!
stolovi
a bhorda!
Áitreabhach o stolu
i dtaobh an bhoird
o stolovima
i dtaobh na mbord
Uirliseach stolom
le bord
stolovima
le boird

Bíonn inscne ag gach ainmfhocal (firinscneach, baininscneach, neodrach). Léiríonn an sampla thuas ainmfhocal firinscneach. Bíonn foircinn éagsúla ag ainmfhocail bhaininscneacha agus neodracha. Nuair a fhoghlaimítear ainmfhocal, ní mór a inscne a fhoghlaim chomh maith (mar atá i nGearmáinis).

Úsáideann an Chróitis an consan R mar ghuta i roinnt focal, mar shampla smrt ("bás"), krv ("fuil"), brv ("droichead beag"), srl. Tá focail a bhfuil 5 nó 6 chonsan i ndiaidh a chéile gan ghuta acu, mar shampla smrtno ("básmhar"), stvrdnuti ("cruaigh") ...

Tá 31 fhóinéim sa Chróitis iarbhír, toisc go bhfuil défhoghar (a fhuaimnítear ie) agus a scríobhtar jeije.

Focail théamacha

Seanfhocail agus nathanna traidisiúnta atá greannmhar nó corr

Ar ais go barr