Ar aghaidh chuig an inneachar

Cé sinne?

Tá 9 gcomhpháirtí ó 7 dtír
i gcomhar ar lingvo.info ó mhí na Nollag 2012.

Eŭropa Esperanto-Unio

Eŭropa Esperanto-Unio

An Bhruiséil, an Bheilg

Is é atá san EEU scátheagras Eorpach na gcumann náisiúnta Esperanto i ngach Ballstát AE chun a gcuid oibre a chomhordú ag an leibhéal Eorpach. Tá faoin EEU féiniúlacht Eorpach a neartú i measc na saoránach AE, i gcomhcheol le féiniúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha; cearta teanga agus éagsúlacht teanga a chur chun cinn san Aontas Eorpach agus foghlaim teangacha i gcoitinne a fheabhsú.

Suíomh gréasáín

Studio GAUS

Studio GAUS

Beirlín, An Ghearmáin

Tá taithí ag Gníomhaireacht na Meán Nua i dtairseacha ilteangacha a fhorbairt ag gach eochairchéim, idir fhorbairt coincheapanna, aitheantas corparáideach, suímh ghréasáin a dhearadh chun na gníomhaíochtaí sin a chomhordú, chomh maith le cláir agus tionscadail clár-reáchtála. Is ar réimsí an oideachais agus na ríomhfhoghlama is mó a dhíríonn sí.

Suíomh gréasáín

Edukácia@Internet

Edukácia@Internet

Partizánske, An tSlóvaic

Tacaíonn an eagraíocht idirnáisiúnta E@I leis an bhfoghlaim idirchultúrtha ar an idirlíon. I gcomhar le heagraíochtaí eile oibríonn sí ar shuímh ghréasáin ilteangacha éagsúla, a bhíonn ag plé go háirithe le ríomhfhoghlaim agus oideachas, m.sh. lernu!, slovake.eu, deutsch.info, monda.eu srl. Fairis sin eagraíonn E@I tionscnaimh oiliúna éagsúla, go háirithe i réimsí na dteangacha agus na dteicneolaíochtaí nua.

Suíomh gréasáín

Ľudovít Štúr Institute of Linguistics

Jazykovedný ústav Ľudovíta Štúra

Bratislava, An tSlóvaic

Reáchtálann Roinn Corpus Náisiúnta na Slóvaice d'Institiúid Teangeolaíochta l. Štúr taighde i réimse na teangeolaíochta corpais. Díríonn an roinn ar thógáil acmhainní leictreonacha faoin tSlóvaicis - comhthreomhar, i scríbhinn, ó bhéal, corpora stairiúla agus eile. Bhí an SNK páirteach i dtionscadail idirnáisiúnta ar nós CESAR, slovake.eu, EuroMatrixPlus, NetWordS agus go leor eile.

Suíomh gréasáín

Društvo za evropsko zavest

Društvo za evropsko zavest

Maribor, An tSlóvéin

Tá sé mar aidhm ag an gcumann Slóivéanach Društvo za evropsko zavest feasacht Eorpach a fhorbairt agus tuiscint ar fhéiniúlacht Eorpach, agus a chur chun cinn i measc na saoránach AE, a neartú, i gcomhcheol le féiniúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha. Comhoibríonn DEZ le heagraíochtaí Eorpacha eile ar thionscadail a bhaineann le saoránacht agus féiniúlacht Eorpach, chomh maith le cur chun cinn na héagsúlachta teanga agus cultúir san Aontas Eorpach.

Suíomh gréasáín

Rusų kultūros centras

Rusų kultūros centras

Vilnius, An Liotuáin

Tá an RKC (Ionad Cultúrtha Rúisise) ina eagraíocht phoiblí a bunaíodh sa bhliain 1988 chun éagsúlacht náisiúnta na Liotuáine a chaomhnú agus comhphlé idir grúpaí eitneacha a spreagadh. Le breis is 20 bliain anuas tá sé rannpháirteach go gníomhach i dtionscadail chultúrtha agus oideachais éagsúla. D'eagraigh RKC ócáidí idirnáisiúnta, seimineáir agus ceardlanna cruthaitheacha a bhaineann leis an éagsúlacht chultúrtha.

Suíomh gréasáín

Visetas, UAB

Visetas, UAB

Kaunas, An Liotuáin

Tá Visetas ina chuideachta chomhtháite cumarsáide agus caidrimh phoiblí, agus taithí aige i gcumarsáid na hearnála B2B, agus i scaipeadh tionscadal agus tionscnamh neamhbhrabúis go háitiúil agus go hidirnáisiúnta. Tá sé ina bhall de TAAN Worldwide ( Líonra Gníomhaireachtaí Fógraíochta Transworld).

Suíomh gréasáín

"Daoine atá ag obair le chéile go neamhspleách i dtreo cuspóra amháin, is uathu a thagann an obair foirne is fearr."

James Cash Penney
Ar ais go barr