Ar aghaidh chuig an inneachar

Téarmaí úsáide

Tá fáilte is fiche romhat chuig lingvo.info! Má úsáideann tú an suíomh gréasáin lingvo.info ("an suíomh gréasáin", "an tseirbhís", "an soláthraí"), tuigtear gur léigh tú ("an t-úsáideoir"), gur thuig tú agus gur ghlac tú leis na téarmaí agus na coinníollacha seo a leanas, is cuma an bhfuil tú cláraithe mar bhall de lingvo.info nó ná fuil. Dá bhrí sin, léigh an téacs seo a leanas go críochnúil.

1. Ginearálta

  1. Is féidir leat úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin ar fad gan chlárú. Ach tá cluichí agus tráthanna na gceistm sa suíomh gréasáin seo agus is féidir leo logáil isteach trí líonraí sóisialta a éileamh.
  2. Aontaíonn tú gur féidir sonraí áirithe ó do phróifíl úsáideora a thugann líonra sóisialta a bheith ar fáil go poiblí (mar shampla, d'ainm úsáideora/ainm, an dul chun cinn agat i gcluiche, stádas ar líne, teanga roghnaithe, dáta clárúcháin agus dáta deiridh gníomhaíochta agus nithe eile a noch tú go deonach, lena n-áirítear do phictiúr próifíle). Ní bheidh do sheoladh r-phoist inrochtana d'úsáideoirí eile.

2. Cosaint sonraí

Is eol do sholáthraí an tsuímh seo an tábhacht a bhaineann le sonraí pearsanta cosaint. Sin é an fáth go gcloíonn an suíomh go docht le rialacha an dlí um chosaint sonraí. Tá sonraí maidir le próiseáil na sonraí úsáideora á rialú ag an mBeartas Príobháideachais.

3. Freagrachtaí an úsáideora

  1. Ní fhéadfar an suíomh gréasáin seo a úsáid ach amháin chun críocha atá ceadaithe de réir dlí.
  2. Tá cosc ​​ar bhlocáil feidhmeanna gréasáin, forscríobh, modhnú nó cóipeáil an ábhair, chód an chláir agus/nó sonraí an tsuímh ghréasáin, chomh maith le haisghabháil uathoibrithe ábhair, ach amháin más gá sin d'úsáid chuí na seirbhísí ar an suíomh gréasáin

4. Athruithe ar sheirbhís

Tá an soláthraí i dteideal freisin na seirbhísí atá ar fáil a athrú nó a scor tráth ar bith, dá rogha féin gan fógra roimh ré.

5. Cearta a dheonú

  1. Tugann soláthraí an stuímh ghréasáin duit, mar úsáideoir, ceart pearsanta, ar fud an domhain, neamh-inaistrithe agus neamh-eisiach na seirbhísí sin a úsáid de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo.
  2. Mar úsáideoir, deonaíonn tú don suíomh gréasáin ceart domhanda, neamh-eisiach, saor ar ríchíosa, inaistrithe, sealadach, ar ábhar agus neamhshrianta ó thaobh spáis chun an t-ábhar a phostáil tú a úsáid i ngach meán a úsáideann an soláthraí. Údaraítear d'úinéir an tsuímh seo go sonrach an t-ábhar seo a úsáid in aon mheáin, agus é a fhoilsiú, a chóipeáil, a atáirgeadh, a mhodhnú, a eagrú, a dháileadh, agus é a oiriúnú chun na críche sin.
  3. Mar úsáideoir, ráthaíonn tú gur féidir le tríú páirtithe do chuid ábhair a úsáid saor in aisce i gcomhthéacs 5.2. Deimhníonn tú gur leatsa na cearta agus an t-údarás uile is gá do na cearta a deonaíodh anseo a bhaineann leis an ábhar a chuir tú isteach.
  4. Na cearta a dheonaíonnn an suíomh gréasáin duit, agus ní chríochnaíonn na barántaí agus na slánaíochtaí thuasluaite le foirceannadh an chaidrimh chonarthaigh.

6. Cearta maoine

An téacs, na híomhánna agus an t-ábhar eile go léir atá foilsithe ar an suíomh gréasáin ach amháin an t-ábhar a chuir úsáideoirí eile ar fáil - mura dtugtar a mhalairt le fios - is cóipcheart le lingvo.info iad agus ní féidir le húsáideoirí nó le tríú páirtithe, ar líne nó as líne, iad a úsáid gan toiliú an tsoláthraí i scríbhinn.

7. Dliteanas

  1. Féachann an soláthraí leis an suíomh gréasáin a choinneáil ag oibriú, saor ó earráid agus slán, ach ní ráthaíonn sé go bhfuil an suíomh gréasáin sábháilte, slán nó saor ó earráidí tráth ar bith, ná go n-oibríonn sé i gcónaí gan cur isteach, moill nó easnaimh.
  2. Ní ghlacann an soláthraí le dliteanas i leith sáruithe dualgais atá beag nó faillíoch, mur mbíonn de thoradh ar an sárú sin dochar don bheatha, don chorp nó don tsláinte, chomh fada agus nár sáraíodh aon rialacháin faoin Acht um Dhliteanas Táirgí. Dliteanas i leith sáruithe oibleagáidí, a chuireann cosc ​​ar cheartfheidhmiú an chaidrimh chonarthaigh agus a mbíonn an t-úsáideoir ag brath go rialta ar a n-urramú, ní dhéanann sé seo aon difear dó. Is amhlaidh maidir le le sáruithe ár ngníomhairí.
  3. De réir an dlí, níl oibleagáid ar sholáthraí an tsuímh ghréasáin mar sholáthraí seirbhíse chun faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis a sheoltar nó a stóráiltear nó imthosca a thugann gníomhaíocht mhídhleathach le fios a imscrúdú. Ní ghlacann sé, dá bhrí sin, aon fhreagracht as faisnéis nó ábhar a chuireann úsáideoir ar fáil, ar ráitis a dhéanann úsáideoirí, nó as ábhar atá ar shuímh ghréasáin sheachtracha atá nasctha leis an suíomh gréasáin seo.
  4. In ainneoin ábar a sheiceáil go cúramach, níl soláthraithe an tsuímh seo faoi dhliteanas i leith ábhar ar naisc sheachtracha. Is iad a gcruthaitheoirí amháin atá freagrach as ábhar atá ar leathanaigh nasctha.
  5. Níl an soláthraí freagrach as ábhar agus cruinneas na fógraíochta. Is é an t-údar amháin atá freagrach as ábhar na bhfógraí. Is amhlaidh don ábhar ar aon suíomh gréasáin a fógraíodh. Ní hionann fógrán a cheadú ar an suíomh gréasáin agus a thabhairt le fios go bhfuil an soláthraí ag aontú le dlíthiúlacht an ábhair ann. Is ar na fógróirí amháin atá an fhreagracht as sin.
  6. Mar úsáideoir, saorann tú soláthraí an tsuímh ghréasáin ó gach éileamh, lena n-áirítear éilimh ar dhamáistí, a thugann úsáideoirí eile nó tríú páirtithe eile i gcoinne an tsoláthraí maidir le sárú a gcearta agatsa nó mar gheall ar ábhar a chruthaigh tú. Úsáideoir a phostálann ábhar den sórt sin ar an suíomh gréasáin, glacann sé leis na costais go léir arna dtabhú ag soláthraí an tsuímh mar gheall ar shárú ar chearta tríú páirtí, lena n-áirítear costais le haghaidh cosaint dhlíthiúil. Gach ceart eile, lena n-áirítear éilimh an tsoláthraí ar damáiste, ní dhéanfar difear dóibh.

8. Coinníollacha deiridh

  1. Na téarmaí agus na coinníollacha seo agus aon díospóidí a bhaineann leo, tá siad faoi réir dhlíthe Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine. Is é Beirlín an suíomh le haghaidh feidhmíochta agus an áit eisiach dlínse, chomh fada agus agus is féidir é go dleathach.
  2. Is é leagan Gearmáinise an chomhaontaithe atá ceangailteach ó thaobh dlí.
  3. Forchoimeádann úinéir an tsuímh an ceart chun na téarmaí a mhodhnú tráth ar bith gan cúiseanna a thabhairt. Bíonn an leagan is déanaí ar fáil i gcónaí ag https://lingvo.info/terms. Ní chuirfear úsáideoirí ar an eolas nuair a tharlaíonn athrú ar na téarmaí úsáide; tá sé de fhreagracht ar an úsáideoir na téarmaí reatha úsáide a fháil agus a léamh . Trí leanúint ag bhaint úsáide as an suíomh gréasáin tar éis athrú ar na coinníollacha úsáide, aontaíonn an t-úsáideoir leis na hathruithe.
  4. Tá an soláthraí i dteideal a chearta agus oibleagáidí a aistriú faoi na téarmaí seo, go hiomlán nó go páirteach, chuig tríú páirtí gan aon fhógra.
  5. Is féidir eolas teagmhála le haghaidh soláthraí nó riarthóirí an tsuímh ghréasáin a fháil ar an leathanach teagmhála.

Dáta an leasaithe dheiridh: {dáta}

Ar ais go barr