Ar aghaidh chuig an inneachar

Beartas príobháideachais

Tá fáilte is fiche romhat chuig lingvo.info agus go raibh maith agat as ár suíomh gréasáin a úsáid! Is tábhachtach linn do chuid faisnéise pearsanta a chosaint agus ba mhaith linn tú a a chur ar an eolas faoi fhoirm agus raon feidhme bhailiúchán, phróiseáil agus úsáid do shonraí pearsanta i dtaca le húsáid ár suímh.

Pléifear le do chuid faisnéise pearsanta faoi rún de réir na rialachán cosanta sonraí ábhartha atá leagtha amach in Acht um Chosaint Sonraí na Gearmáine Cónaidhme (Bundesdatenschutzgesetz) agus sa ráiteas príobháideachta seo. Ní fhoilseofar í agus ní thabharfar d'aon tríú páirtí í.

Ba mhaith linn tú a chur ar an eolas gur féidir go mbeadh lúb ar lár agus tú ag seoladh sonraí tríd an idirlíon (m.sh. nuair a úsáideann tú ríomhphost). Ní féidir teacht ar chosaint iomlán ar shonraí in aghaidh rochtana ó thríú páirtithe.

Na sonraí teagmhála a foilsíodh mar gheall ar an riachtanas chun faisnéis a fhoilsiú, ní fhéadfaidh tríú páirtithe iad a úsáid chun fógraíocht agus ábhair faisnéise gan iarraidh a sheoladh. Coinnímid ár gceart chun caingean dlí a thionscnamh má dáileadh faisnéis cur chun cinn gan iarraidh, mar shampla r-phoist turscair

1. Faisnéis a bhailímid

1.1. Sonraí pearsanta

Bei Ihrem Besuch auf der Website werden keine personenbezogenen Daten von Ihnen gespeichert.

1.2. Sonraí logála

Nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh gréasáin agus gach uair a ghlaonn tú ar chomhad, bailíonn ár bhfreastalaí gréasáin eolas ar na próisis sin (e.g. an cineál brabhsálaí, dáta agus am an ghlao).Ní sonraí pearsanta iadsan. Mar sin, nílimid in ann na sonraí taifeadta a shannadh do dhuine ar leith.

Ní úsáidimid an fhaisnéis sin uile ach amháin chun críocha staidrimh agus naisc lochtacha nó earráidí clár a bhrath. Ní nochtfar aon rud do thríú páirtithe. Ní chomhcheanglaítear na sonraí sin le haon sonraí eile. Scriostar na sonraí go rialta, laistigh de sheachtain tar éis anailís staitistiúil.

1.3. Fianáin

Comhaid bheaga is ea fianáin a chuireann an brabhsálaí a dtugtar cuairt ar ríomhaire an úsáideora. Déantar sin lena chur ar chumas an fhreastalaí eolas faoin úsáideoir a thabhairt chun cuimhne níos déanaí.

Úsáideann an suíomh gréasáin seo dhá chineál fianán:

  • Fianáin shealadacha: úsáidtear fianáin seisiúin chun nascleanúint ar an suíomh seo a éascú. Stórálann na fianáin uimhir aitheantais uathúil, a ghintear go randamach, ar a dtugtar aitheantas seisiúin, agus a théann in éag go huathoibríoch tar éis dheireadh an tseisiúin.
  • Fianáin bhuana: Fágannn siad gur féidir do shocruithe a shábháil, m.sh. roghanna teanga, ar do ríomhaire. Rachaidh an fianán seo in éag go huathoibríoch tar éis 30 lá.

Úsáidtear fianáin seisiúin agus fianáin bhuana araon chun úsáid an tsuímh ghréasáin a shimpliú ar do shon. Is féidir leat úsáid na bhfianán a stopadh go sonrach don suíomh seo, nó go ginearálta do gach suíomh gréasáin, trí úsáid a bhaint as na socruithe ar do bhrabhsálaí Idirlín. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar shuíomh gréasáin an bhrabhsálaí idirlín. Agus fianáin á ndíchumasú agat, áfach, ní bheidh tú in ann roinnt feidhmeanna, ar nós logáil isteach go huathoibríoch ar shuímh ghréasáin, a úsáid a thuilleadh mar a bhí beartaithe.

2. Líonraí sóisialta a úsáid

2.1. Dearbhú um chosaint sonraí d'úsáid Facebook

Ar an suíomh gréasáin seo, Breiseáin líonra shóisialta Facebook (1601 S. California Avenue, Palo Alto, CA 94304, SAM), ar féidir leat iad a fheiceáil ar lógó Facebook nó na cnaipí "Is maith le" nó "Comhroinn", déantar iad a lánpháirtiú sa suíomh gréasáin. CHun léargas a fháil ar bhreiseáín Facebook, tabhair cuairt ar an leathanach Facebook seo a leanas: http://developers.facebook.com/docs/plugins/.

Le linn do chuairte ar an suíomh gréasáin seo, cruthaítear nasc díreach idir do bhrabhsálaí agus freastalaithe Facebook trí na breiseáin sin, trína bhfaigheann Facebook an t-eolas go roicheann tú ó do sheoladh IP ar ár suíomh gréasáin. Má tá tú sínithe isteach i do chuntas Facebook agus má ghliogálann tú na cnaipí "Is maith lel" nó "Comhroinn" cnaipí, is féidir leat ábhar ár suímh ghréasáin a nascadh le do phróifíl Facebook, trínar féidir le Facebook do chuairt ar ár suíomh gréasáin a shannadh ar do chuntas. Tabhair faoi deara ná faighimid aon eolas faoi ábhar na sonraí a tharchuirfear agus faoina úsáid ag Facebook. Do bhreis eolais, féach ar bheartas príobháideachta Facebook: http://www.facebook.com/about/privacy/.

Mura mian leat go mbeidh Facebook in ann cuairteanna a thabhairt ar ár leathanaigh a shannadh chuig do chuntas úsáideora Facebook, logáil amach as do chuntas Facebook.

2.2. Dearbhú um chosaint sonraí d'úsáid Twitter

Breiseán Twitter, a thugann Twitter Inc (1355 Market St., Suite 900, San Francisco, CA 94103, SAM) lánpháirtítear iad sa suíomh gréasáin seo. Tá an suíomh seo nasctha le do chuntas Twitter trí úsáid Twitter, agus tríd an bhfeidhm atvuíteála go háirithe. Tá an nasc sin le feiceáil freisin d'úsáideoirí eile. Sa tslí sin, tarchuirtear sonraí freisin chuig Twitter. Tabhair faoi deara ná faighimid aon eolas faoi ábhar na sonraí a tharchuirfear agus faoina úsáid ag Twitter. Do bhreis eolais, féach ar bheartas príobháideachta Twitter: https://twitter.com/privacy.

Is féidir leat do shocruithe cosanta sonraí ar Twitter a athrú trí na socruithe cuntais anseo a úsáid http://twitter.com/account/settings.

2.3. Dearbhú um chosaint sonraí d'úsáid Google +

Trí úsáid a bhaint as cnaipe Google +1 is féidir leat eolas a fhoilsiú ar fud an domhain. Trí chnaipe Google, is féidir leatsa agus le húsáideoirí eile ábhar pearsanta a fháil ó Google agus a gcomhpháirtithe. Stórálfaidh Google an t-eolas a thug tú mar ábhar agus eolas faoin leathanach ar fhéach tú air má ghliogáil tú ar dtús ar Google +1. Is féidir do +1 a chomhcheangal le d'ainm agus do grianghraf próifíle i seirbhísí Google, amhail torthaí cuardaigh nó do phróifíl Google, nó in áit eile ar shuímh ghréasáin agus ar fhógraí ar an Idirlíon. Taifeadann Google eolas faoi do gníomhaíochtaí + 1 chun a chuid seirbhísí a fheabhsú duit féin agus do dhaoine eile. Chun úsáid a bhaint as cnaipe Google +1 cnaipe, is gá duit próifíl phoiblí Google ata le feiceáil ar fud an domhain, ina mbeidh an t-ainm a roghnaíodh don phróifíl ar a laghad. Úsáidtear an t-ainm seo i seirbhísí uile Google. I gcásanna áirithe, is féidir leis an ainm seo teacht in ionad aon ainm eile a d'úsáid tú chun ábhar a roinnt le do Chuntas Google. Féadfar céannacht do phróifíle Google a thaispeáint d'úsáideoirí a bhfuil do sheoladh r-phost ar eolas acu nó faisnéis eile a insíonn cé hé tú.

Chomh maith leis na húsáidí thuasluaite, úsáidfear an fhaisnéis a thugann tú i gcomhréir leis an mbeartas ábhartha príobháideachta Google. Féadfaidh Google staitisticí comhiomlána a scaoileadh faoi ghníomhaíochtaí +1 a chuid úsáideoirí nó iad a chur ar aghaidh chuig úsáideoirí agus comhpháirtithe, amhail foilsitheoirí, fógróirí nó suímh atá nasctha.

3. Faisnéis faoi shonraí agus faoi scriosadh sonraí

3.1. Faisnéis faoi na sonraí a stóráiltear

Mar úsáideoir de chuid an tsuímh ghréasáin tá ceart eolais saor in aisce agat faoin tslí ina stóráiltear do shonraí pearsanta. Más gá sin, seol r-phost chuig info@lingvo.info.

3.2. Scriosadh sonraí

Chun do shonraí úsáideora a scriosadh, ní mór dúinn an t-eolas seo a leanas a fháil chun tú a aithint: ainm úsáideora, ainm agus sloinne, ainm roimh phósadh, b'fhéidir, seoladh ríomhphoist agus dáta breithe. Seol r-phost chugainn chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: info@lingvo.info. Má tá cosc ar iarratas ar scriosadh sonraí ar chúiseanna dlí, conartha, tráchtála nó cánach, nó tréimhsí coinneála dlíthiúla, déanfar do shonraí a bhlocáil seachas iad a scriosadh.

4. Athruithe

D'fhéadfadh an Beartas Príobháideachais athrú ó am go chéile, ach ní chuirfear srian leis na cearta atá ráthaithe sa Bheartas Príobháideachais gan do thoiliú sainráite. Déanfar gach athrú ar an mBeartas Príobháideachta a phostáil ar an leathanach seo.

5. Údarás an leagain Gearmáinise

Ba mhaith linn tú a chur ar an eolas gurb é an leagan Gearmáinise dár mbeartas príobháideachta a bheidh údarásach i gcás éiginnteachta.

6. Teagmháil

Is tábhachtach linn muinín na n-úsáideoirí. Dá bhrí sin, tá lingvo.info ullamh chun ceisteanna maidir le próiseáil do shonraí pearsanta a fhreagairt am ar bith. Má tá ceisteanna agat ná freagraíonn an Beartas Príobháideachta seo, nó má tá tuilleadh eolais uait faoi aon phointí breise, cuir r-phost chuig an seoladh seo a leanas: info@lingvo.info.

Tugadh cothrom le dáta an uair dheiridh: 25 Bealtaine 2018

Ar ais go barr