Ar aghaidh chuig an inneachar

Cad is lingvo.info ann?

Sinn a chur in aithne

Maidir leis an tionscadal

Is é is cuspóir don tionscadal lingvo.info eolas faoi theangacha a chur ar fáil agus ilteangachas a chur chun cinn ar an idirlíon. Teangacha, sin bun agus barr an sceil! - a n-áilleacht, a gcumhacht friotail agus a n-uathúlacht a nochtadh.

Suíomh gréasáin idirghníomhach in 18+ dteanga is ea é, agus rud is tábhachtaí - slí isteach neamh-leadránach is ea é chuig saol na dteangacha ar líne, ar a bhfuil:

  • Eolas i do theanga-sa faoi na 24 theanga oifigiúla AE;
  • Eolas agus naisc chun tú a thabhairt go croílár pé teanga is mian leat trí chúrsaí agus tionscadail atá ar an ngréasán cheana féin a chur chun cinn;
  • Eolas suimiúil, spraíúil faoi theangacha i gcoitinne.

Ár scéal féin

Cruthaíodh an fhoireann 9 gcomhpháirtí ó 7 dtír thart ar 4 chomhpháirtí lárnacha, a bhíonn i gcomhar go rialta chun ilteangachas in AE a chur chun cinn agus suímh ghréasáin ilteangacha, saor in aisce, a fhorbairt chun teangacha a fhoghlaim. Creidimid uile gur chóir go mbeadh teacht ag cách ar ábhar foghlama teanga saor in aisce ina dteanga féin, mar is gá teangacha éagsúla a fhoghlaim chun luach an chultúir agus na hoidhreachta atá ag cách a thuiscint. Is mó i gcónaí an gá in AE chun tacú le teangacha eile seachas an Béarla a fhoghlaim toisc gur mó i gcónaí a thugtar céim síos dóibh i bhformhór na gcóras oideachais foirmiúil.

Tacaíonn an Coimisiún Eorpach faoi Chlár na Foghlama Fadsaoil (KA2 Teangacha) leis an tionscadal ó mhí na Nollag 2012 go Samhain 2014.

Grá ár gcroí iad na teangacha!

Ar ais go barr