Portaingéilis
Língua portuguesa
Língua portuguesa
thart ar 220 milliún
An Bhrasaíl (185 milliún), an Phortaingéil/na hAsóir/Maidéara (11 milliún), Angóla (60,000), Mósaimbíc (30,000), Rinn Verde (25,000), Tíomór Thoir, An Ghuine Mheánchriosach, Guine-Bissau, São Tomé agus Príncipe, AE
Paragua (750,000), An Afraic Theas (617,000), Uragua (28,000), Goa (250,000).
An Fhrainc (750,000), SAM (365,000), Ceanada, an Eilvéis, an Bheilg, an Ghearmáin (thart ar 80,000 an ceann), Lucsamburg (50,000), Veiniséala
Ó chúinne beag bídeach de Leithinis na hIbéire, leath an Phortaingéilis i gcéin agus i gcóngar le longa a hImpireachta mara. Ar a mbealach chuig saibhris an Chian-Oirthir bhunaigh na Portaingéiligh {sound1} poist thrádála agus dúnta feadh chóstaí na hAfraice, san India (Goa), sa tSín (Macao) agus ar feadh na línte loingseoireachta tábhachtacha straitéiseacha (Cabo Verde, Timor Thoir). Mar sin féin, d'fhaigheadh 90% de na mairnéalaigh bás ar gach turas, agus níor tharla aon aistriú mór daonra. Ina neaschomharsanacht, lonnaigh na Portaingéiligh sna hAsóir agus Maidéara, a bhfuil a gcanúintí féin acu araon anois, agus bhí na hoileáin ina gcinn droichid thábhachtacha do leathnú breise. An sárbheartú i leathnú na bPortaingéalach, áfach, b'shin an Bhrasaíl, a d'fhorbair ina pota leá Indiach, Portaingéalach agus - a bhuíochas sin do thrádáil neamhthrócaireach sclábhaíochta ar scála mór - géinte Afracacha. Sa phróiseas, scrios an Phortaingéilis, galair Eorpacha agus captaein sclábhaithe na mbandeirantes na mílte teanga Indiach, gan ach iomaitheoir tromchúiseach amháin aici, bunaithe ar Tupi Lingua Geral, a bhíodh in úsáid go forleathan i réimse na hAmasóine ar feadh cúpla céad bliain. Inniu, is Brasaíligh iad formhór mór na gcainteoirí Portaingéilise, agus bíodh go mbíodh cosc ar an bpriontáil uair amháin le foraithne ríoga, tá telenovela teilifíse tar éis an sreabhadh cultúrtha idir an Phortaingéil agus a hiarchoilíneacht a chur ar mhalairt treo.
Tréimhse na himirce
Tionchar Viseagotach
Ionradh na Múrach
Tionchar Arabach
An Phortaingéil Neamhspleách
Teanga na liricí
Deireadh an reconquista
An chéad ollscoil Phortaingéalach
Maidéara
Oileáin na nAsór
Calcutta, an India
Sluaíocht Cabral: An Bhrasaíl
Goa (an India)
Macao (an tSín)
Aontas leis an Spáinn
Tréimhse athchóirithe Pombaline
Ionradh Napoleon, téann an chúirt ríoga go dtí an Bhrasaíl
Neamhspleáchas na Brasaíle
Cogaí um dhícóilíniú san Afraic, teitheach na milliún Portaingéalach
Léarscáil chroineolaíoch a thaispeánann éabhlóid teanga iardheisceart na hEorpa.
Foinse: Wikimedia Commons
Cosúil leis na teangacha Rómánsacha eile, chuaigh an Phortaingéilis trí roinnt athruithe córasacha fuaime le linn a héabhlóide óna fréamhacha sa Laidin. Mar sin féin, cé gur gaire í don Spáinnis ó thaobh foclóra, tá an Phortaingéilis níos cosúla le hIodáilis agus Catalóinis ó thaobh na ngutaí, mar choinnigh sí gutaí bunaidh na Laidine san áit a thug an Spáinnis agus an Fhraincis défhoghair isteach.
Úsáideann an Phortaingéilis gnáth-aibítir na Laidine, ach bíonn ç sínte fada ar ghutaí aici. Bíonn luach foghraíochta ag na sínte fada sin.
Tá litriú na Portaingéilise rialta go leor, agus i bhformhór na gcásanna is féidir foghraíocht(chaighdeánach) a thuar ón bhfocal scríofa. Tá cóimheas ard guta/consan ag an teanga, tréith a gcuirtear béim uirthi i bPortaingéilis na Brasaíle, ina bhfuil rithim iambach-shiollach, fiú an oiread sin go gcuirtear isteach gutaí breise i mbraislí consan sa teanga labhartha, m.sh pi-si-co-lo-gi-a in ionad psicologia (síceolaíocht). Sa Phortaingéil, os a choinne sin, lagaítear na gutaí an oiread sin go bhfuaimníonn an toradh cosúil le sciorradh focal dothuigthe consan do chluasa na mBrasaíleach, m.sh. Frnandpssoa in ionad Fer-nan-do Pe-sso-a (file cáiliúil). Chothaigh an leagan Brasaíleach cultúr rince bríomhar, ach is mó a chothaíonn lionn dubh brónach na Portaingéile fado gol seachas damhsa.
Fireann | Baineann | |
---|---|---|
an capall dubh | an bord cruinn | |
Uatha | o cavalo preto | a mesa redonda |
Iolra | os cavalos pretos | as mesas redondas |
Tá 3 réimniú rialta (-ar, -er, agus -ir) sa teanga, m.sh. falar (caint), comer (ithe) agus dormir (codladh), chomh maith le roinnt dosaen briathra neamhrialta nó grúpaí briathra neamhrialta. Gné leath-neamhrialta is ea an t-athrú guta idir focail a bhfuil an bhéim ar an bhfréamh agus foirmeacha a bhfuil an bhéim ar an bhfoirceann, agus idir foircinn gutaí leathana (a/o) agus chaola (e/i).
Béim ar an bhfréamh | Béim ar an bhfoirceann | |
---|---|---|
dormir
codail
|
durmo
codlaím
|
dormimos
codlaímid
|
Foirceann ar ghuta leathan | Foirceann ar ghuta caol | |
---|---|---|
consentir
aontaigh
|
consinto
aontaím
|
consente
aontaíonn sé/sí
|
comer
ith
|
Uatha | Iolra | ||||
---|---|---|---|---|---|---|
1ad pearsa | 2ra pearsa | 3ú pearsa | 1ad pearsa | 2ra pearsa | 3ú pearsa | |
Táscach | ||||||
Láithreach | como | comes | come | comemos | comeis | comem |
Neamhfhoirfe | comia | comias | comia | comíamos | comíeis | comiam |
Caite | comi | comeste | comeu | comemos | comestes | comeram |
Ollfhoirfe | comera | comeras | comera | comêramos | comêreis | comeram |
Fáistineach | comerei | comerás | comerá | comeremos | comereis | comerão |
Foshuiteach | ||||||
Láithreach | coma | comas | coma | comamos | comais | comam |
Neamhfhoirfe | comesse | comesses | comesse | comêssemos | comêsseis | comessem |
Fáistineach | comer | comeres | comer | comermos | comerdes | comerem |
- | ||||||
Coinníollach | comeria | comerias | comeria | comeríamos | comeríeis | comeriam |
Ordaitheach | come | (coma) | (comamos) | comei | (comam) | |
Infinideach pearsanta | comer | comeres | comer | comermos | comerdes | comerem |
Ina theannta sin, is féidir na haimsirí cumaisc seo a leanas a dhéanamh leis an mbriathar cúnta ter (tá...ag), agus samplaí sa chéad phearsa uatha:
Táscach | Foshuiteach | |
---|---|---|
Comhchaite foirfe | tenho comido | tenha comido |
Comh-ollfhoirfe | tinha comido | tivesse comido |
Fáistineach foirfe | terei comido | tiver comido |
Comhchoinníollach | teria comido | - |
Ní teanga chumasc í an Portaingéilis, agus ní cheadaítear ach réimíreanna amháin (m.sh. {sound1 } "hípear") agus iarmhíreanna (m.sh. -ização -ization), ach ní cumasc fréamhacha. Dá bhrí sin, is iad na focail is faide sa teanga focail eolaíochta le fréamhacha Gréigise nó Laidine (ceimic, leigheas, socheolaíocht).
Fréamhaithe go domhain i bPortaingéilis na hEorpa, tá go leor focal Araibise ó bhreis is 500 bliain de riail Ioslamach agus an Reconquista . Bíonn na focail sin inaitheanta go minic as an 'al' (an t-alt Araibise) tosaigh.
Bhí na Portaingéalaigh ar ghanntanas focal nuair a chonaic siad dúlra na Brasaíle agus tógadh na mílte agus na mílte ainmneacha ainmhithe, plandaí agus logainmneacha ar iasacht ó theangacha Indiacha, ar an gcéad dul síos Tupí agus an leagan a chaighdeánaigh na hÍosánaigh Lingua Geral.
Ta bia agus reiligiún na sclábhaithe Angólacha anois ina gcuid riachtanach d'anam na Brasaíle, rud a chruthaíonn deilbhíní cultúrtha, amhail feijoada (stobhach pónairí) agus exu (deamhan-spiorad).
Níl ach 2 chaighdeán scríofa a úsáidtear do mhúineadh na Portaingéilise, Portaingéilis na hEorpa (Lúisiteach) agus Portaingéilis na Brasaíle, amhail an scoilt litrithe-foclóireachta idir Béarla Shasana Béarla Mheiriceá, ach freisin fara roinnt difríochtaí gramadaí. Tá canúintí na Portaingéilise an-éagsúil maidir le blas cainte agus foclóir. Tá 10 bpríomhréimse canúna sa Phortaingéil agus ina cuid oileán. I measc na gcanúintí Portaingéilise sa Spáinn, tá an Ghailísis agus uaireanta meastar mar theanga ar leith í ar chúiseanna polaitiúla. Sa Bhrasaíl, tá ag na canúintí rianta foclóireachta go leor de na teangacha Indiacha agus Afracacha, chomh maith le teangacha imirce eile na hEorpa. I ngach cearn den iar-Impireacht, tá canúintí Portaingéilise fós. Le hathbheochan reatha na Portaingéilise in Angóla agus Mósaimbíc tá iarracht láidir um chaighdeánú ann, atá díobhálach do na canúintí. Ar deireadh, tá roinnt criól Portaingéilise, nach canúintí iad, ach teangacha a d'fhorbair ó phidsin trádála Portaingéilise: Kabuverdiano (Rinn Verde), Forro (São Tomé agus Príncipe) agus Papiamento (oileáin ABC Ollannacha Mhuir Chairib).
Léarscáil canúintí na Portaingéile agus teangacha Rómánsacha eile
Foinse: Wikimedia Commons