Ar aghaidh chuig an inneachar

Polainnis

Język polski

Líon na gcainteoirí dúchais

40 milliún

Teanga oifigiúil i

Poblacht na Polainne, AE

Teanga mhionlaigh i

Poblacht na Seice, an tSlóvaic, an Rómáin, an Úcráin

Teanga diaspóra

An Bhreatain Mhór, an Ghearmáin, Éire, An Ostair (san Eoraip); na Stáit Aontaithe, Ceanada, an Astráil, an Bhrasaíl, an Airgintín, An Nua-Shéalainn (taobh amuigh den Eoraip)

Aibítir
32litreacha
Tuisil gramadaí
7
Cód teanga
pl, pol
Saintréitheacht theangeolaíoch
infhillte , forainm ar lár , SVO
Fine teangacha
Ind-Eorpach, Balto-Slavach, Slavach, Iar-Shlavach, Lechiteach
Líon na gcanúintí
7

An focal is sia

iníon neamhphósta áitritheora Chathair Chonstaintín, greann seachas focal atá in úsáid iarbhír

Focal nó abairt aisteach

Tá ciaróg ag dordán sna giolcacha
thugamar sinn féin i leith ón slua díograiseach
Cheannaigh an Rí Cathal (muince) coirníní ar dhath an choiréil don Bhanríon Karolina.

Stair

Is é an sampla is sine den Pholainnis scríofa abairt amháin a dúirt Seiceach is é ag labhairt lena bhean chéile Pholannach, a thaifead manach Gearmáinach i dtéacs a bhí go hiomlán sa Laidin,mar gheall ar stair mhainistir Chistéirseach i réigiún na Siléise Íochtaraí.

Tá sé sna taifid a chuireann síos ar an mbliain 1270 agus taifeadtar mar Day ut ia pobrusa, a ti poziwai é. Sa litriú nua-aimseartha tugtar mar Daj ać ja pobruszę, a ty poczywaj é agus ciallaíonn sé 'Lig domsa an mheilt (an plúr} a dhéanamh, agus lig thusa do scíth'. I bPolainnis nua-aimseartha seo an rud a bheadh ann Daj, niech ja pomielę, a ty odpoczywaj.

Gramadach

Tá córas an-saibhir réimíreanna agus iarmhíreanna ag an bPolainnis, agus is minic an dara ceann faoi deara athruithe ar chonsain agus ar ghutaí araon. Ar roinnt samplaí de sin tá świat (domhan) agus na świecie (sa domhan), zapraszamy (tugaimid cuireadh [duine éigin]) agus zaprosimy (tabharfaimid cuireadh do [dhuine éigin]), nó droga (bóthar) agus po drodze (ar an mbealach).

Tá líon na n-inscní sa Pholainnis ina ábhar díospóireachta fós. Tá cur chuige anseo go bhfuil trí nó ceithre inscne san uimhir uatha agus dhá cheann san uimhir iolra. Is é is cúis leis sin gur cosúil go bhfuil an t-inscne firinscneach traidisiúnta ag briseadh suas ina dhá inscne ar leith, agus ná cinneann an t-inscne san uimhir uatha an t-inscne san uimhir iolra ach cuid den am, mar a léiríonn aontú na n-aidiachtaí agus na mbriathra.

  • Uatha
    • Fireann
      • Fireann beo
      • fireann neamhbheo
    • Baineann
    • Neodrach

Braitheann foirmeacha na dtuiseal ar inscne an ainmfhocail agus ar an bhfuaim ag deireadh an ainmfhocail. Idirdhealú bunúsach i ngramadach na Polainnise is ea an deighilt idir fuaimeanna leathana agus caola, ar nós na Gaeilge. Ciallaíonn caol go bhfuaimnítear an fhuaim le fuaim 'y' in aice léi agus ciallaíonn leathan nach amhlaidh atá.

Inscne Foirceann tipiciúil
Fireann (beo, neamhbheo) → Consan caol nó leathan, -a
Baineann → -a, consan (bog, den chuid is mó), -ni
Neodrach → -o, -ie, -ę, -um

Córas scríbhneoireachta agus fuaimniú

Go hoifigiúil tá na 32 litir seo a leanas san aibítir:

  • a
  • ą
  • b
  • c
  • ć
  • d
  • e
  • ę
  • f
  • g
  • h
  • i
  • j
  • k
  • l
  • ł
  • m
  • n
  • ń
  • o
  • ó
  • p
  • q
  • r
  • s
  • ś
  • t
  • u
  • v
  • w
  • x
  • y
  • z
  • ź
  • ż

Tá ceithre chomhartha idirdhealaithe: eireaball (ogonek, ą, ę), síneadh fada (kreska, ć, ń, ó, ś, ź), barra (kreska ukośna, ł) agus ponc (kropka, ż).

Díol spéise ar leith i gcóras fuaime na Polainnise is ea an chodarsnacht idir dhá ghrúpa fuaimeanna a bhfuil an chuma orthu gurb ionann iad, dar le neamh-Polannaigh. Mar shampla, is cosúil an teaglaim litreacha sz agus ś le fuaim 'sh' an Bhéarla. Is é an difríocht gur aisfhillteach caol é sz (arna fhuaimniú agus barr na teanga biorach agus níos sia siar) ach gur ailbheolach caol é ś (arna fhuaimniú le teanga níos réidhe agus leis na liopaí níos scaipthe).

Seo roinnt íosphéirí (nó gar-íosphéirí):

Aisfhillte, caol

  • cz - życzę
    Is mian liom
  • - dżem
    subh
  • sz - wiesz
    tá a fhios agat
  • ż - żarno
    bró

Ailbheolach-chaol

  • ć - życie
    beatha, saol
  • - dzień
  • ś - wieś
    sráidbhaile
  • ź - ziarno
    gráinne (gainimh, cruithneachta)

Is rídheacair do dhaoine nach cainteoirí dúchais iad an difríocht a chloisteáil. Chomh maith leis sin, tá cz [t͡ʂ] i gcodarsnacht le trz [tʂ] sa chás go bhfuil an dá fhuaim scartha mar atá in czy (cibé acu) agus trzy (trí cinn). In éineacht le ć ansin tá trí fhuaim 'ch' ar deacair do dhaoine nach cainteoirí dúchais iad a idirdhealú.

Canúintí

Is gnách anois go gcaitear leis an gCaisiúibis (Kaszubski) mar theanga ar leith agus is amhlaidh don tSiléisis uaireanta. Tá difríochtaí canúnacha ag dul i laghad sa Pholainn i méid agus i dtábhacht ón Dara Cogadh Domhanda i leith. Is féidir cur síos orthu anois mar bhlasanna sa Pholainnis chaighdeánach. agus cúpla focal áitiúil acu, seachas mar chineálacha áitiúla ar leith dáiríre.

Fíricí suimiúla

Ar nós roinnt teangacha Slavacha eile, tá stór an-saibhir foirmeacha díspeagtha ag an bPolainnis, stór a fhónann do fhriotail éagsúla.

Uaireanta ní thagraíonn siad ach do mhéid bheag mar is dywan (súsa) beag é dywanik. Uaireanta bíonn dhá chéim díspeagtha ann ionas go dtagraíonn księga do leabhar mór, książka do leabhar meánmhéide rialta agus książeczka do leabhar atá níos lú ná gnáthleabhar.

Is minic a bhíonn bríonna múinte nó tromchiallacha speisialta ag focail dhíspeagtha. Iarrann cigirí ticéad bileciki (ticéid beag) na bpaisinéirí a fheiceáil in ionad bilety. Thagródh cléireach i siopa búistéara do wołowinka (mairteoil bheag) chun béim a chur ar a húire agus a blastacht. Uaireanta úsáidtear focail dhíspeagtha chun béasaíocht a chur in iúl don duine a labhraítear leis ionas go bhféadfadh óstach kawusia (caife beag) a thairiscint in ionad kawa, ní toisc go bhfuil an cupán beag ach chun mothúcháin dhearfacha a chur in iúl dá aoi.

Focail théamacha

Seanfhocail agus nathanna traidisiúnta atá greannmhar nó corr

Rabhlóga

Ar ais go barr