Liotuáinis
Lietuvių kalba
Lietuvių kalba
3.5-4 mhilliún
Poblacht na Liotuáine, AE
an Pholainn, SAM
An Bhealarúis, réigiún Kaliningrad, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Bhreatain Mhór, an Bhrasaíl, an Airgintín, Ceanada, an Ghearmáin, Uragua, an tSualainn, an Iorua, an Astráil, an Laitvia agus i dtíortha eile
Is féidir a aithint má tá bean pósta nó singil ó fhoirm a sloinne, cé nach féidir an riail sin a chur in oiriúint do na fir. Is é sin, ag mná neamhphósta bíonn sloinnte leis na foircinn i}"aitė", "iūtė" agus "ytė" agus críochnaíonn sloinnte na mban pósta i gcónaí le "ienė". Tá foirceann nua "ė" in úsáid le blianta beaga anuas, ar féidir é a úsáid do mhná pósta nó neamhphósta. Ach glacfaidh sé roinnt ama sula mbeidh sé forleathan. Faoi láthair níl sé in úsáid ach amháin ag mná pósta cáiliúla den chuid is mó.
Is suimiúil ná fuil mórán focal sa Liotuáinis don eascainí láidir. Sampla amháin is ea rupūžė (buaf). Nuair a bhíonn fonn eascainí ar Liotuánaigh, úsáideann siad focail ón Rúisis nó ón mBéarla.
Chuaigh triúr ban go dtí Vilnius, an Liotuáin den chéad uair. Tar éis filleadh abhaile roinn siad a dtaithí le cara:
- Tá an Liotuáinis chomh ceolmhar, díreach ar nós rince ..
- Cad ina thaobh?
- Mar gach uair a stadann an bus deir na paisinéirí "Lipsi, lipsi, čia-čia-čia" ...
“Lipsi, lipsi, čia-čia-čia”.. Ní ainmneacha rince iadsan, ach foirm ghiorraithe de "ar Jūs lipsite čia?" (An bhfuil tú ag dul amach anseo?)
Rinne na teangacha Baltacha brainse ar leith de na teangacha Ind-Eorpacha.
Scar na teangacha Oir-Bhaltacha ó na teangacha Iar-Bhaltacha (nó go simplí ón mBaltais).
Tús na ndifríochtaí idir an Liotuáinis agus an Laitvis.
Lean an Liotuáinis agus an Laitvis orthu ag forbairt ar leithligh.
Is é an téacs is sine atá fágtha sa Liotuáinis paidir scríofa de láimh i gcóip den leabhar "Tractatus sacerdotalis" i 1503.
Foinse: Wikimedia Commons
Tá an Liotuáinis ar cheann den dá theanga Bhaltacha marthanacha, chomh maith leis an Laitvis. Sa lá atá inniu ann is í an Liotuáinis an ceann is ársa de na teangacha Ind-Eorpacha uile. Creidtear gurb í is gaire don teanga Phróta-Ind-Eorpach.
"Duine ar bith ar mian leis a chloisteáil conas a labhair Ind-Eorpach, ba chóir dó teacht agus éisteacht le tuathánach Liotuánach, a dúirt an teangeolaí cáiliúil Francach Antoine Meillet.
Nuair a fhéachann speisialtóirí sa teangeolaíocht Ind-Eorpach leis an teanga Phróta-Ind-Eorpach a athchruthú, faigheann siad go bhfuil an Liotuáinis comhaimseartha chomh tábhachtach le teangacha ársa amhail Laidin, Gréigis agus Sanscrait.
Chuir Paul Thieme, 1958, i gcomparáid an seanfhocal Liotuáinise: Dievas davė dantis; Dievas duos ir duonos agus a aistriúcháin Laidine Deus dedit dentes; Deus dabit et panem ('thug Dia fiacla, tabharfaidh Dia arán freisin') le seanfhoirm den Sanscrait, dar le Thieme: Devas adadā t datas; Devas dā t (nó dadā t) api dhā nā s.
Ó tharla go bhfuil an Sanscrait agus an Liotuáinis araon an-ársa, tá roinnt de na focail gaolmhar agus den chineál céanna, a bhfuil bríonna chomhionanna nó an-chosúil acu. Mar shampla:
agus a lán eile.
Chomh maith leis sin, lean cosúlachtaí teanga agus deilbhíochta: skr. asmi - asi - asti = lit. táim - tá tú - tá siad.
Ní i ngeall ar ghaol gairid atá an chosúlacht teanga ann (baineann an Liotuáinis leis na teangacha Balta-Shlavacha agus an tSanscrait leis na teangacha Ind-Aoroamacja), ach toisc gur choinnigh an dá theanga a lán míreanna ón bPróta-Ind-Eorpais. Níor athraigh an tSanscrait mar theanga liotúirgeach ó cruthaíodh í, agus is beag a d'athraigh an Liotuáinis.
Choimeád an Liotuáinis stór focal an-ársa. Déanann sé sin ciste luachmhar di. Tugann Coimisiún Stát na Liotuáinise, i measc rudaí eile, aire don teanga ionas nach mbeidh sí báite le focail iasachta. Féachtar le focail nua in ionad na gceann a fuarthas ar iasacht a chruthú. Mar sin féin, tá tionchar an Bhéarla soiléir agus ag méadú.
Tá go leor iarmhíreanna díspeagtha-muirneacha sa Liotuáinis; dá bhrí sin, tá neart focal muirneach:
Níl ach dhá uimhir (uatha agus iolra) agus dhá inscne (firinscneach agus baininscneach) ag an Liotuáinis.
Tá ceithre aimsir (caite, caite atriallach, láithreach, fáistineach) agus trí réimniú ag an Liotuáinis.
Tagraíonn an aimsir chaite atriallach do ghníomh athfhillteach san am atá caite: imdavau ir skaitydavau (chinninn agus léinn go minic (ní uair amháin)).
Infinideach | |
---|---|
imti (tóg), mylėti (gráigh ), skaityti (léigh) | |
Caite | |
Uatha | |
1ad pearsa | aš ėmiau, mylėjau, skaičiau |
2ra pearsa | tu ėmei, mylėjai, skaitei |
3ú pearsa | jis/ji ėmė, mylėjo, skaitė |
Iolra | |
1ad pearsa | mes ėmėme, mylėjome, skaitėme |
2ra pearsa | jūs ėmėte, mylėjote, skaitėte |
3ú pearsa | jie/jos ėmė, mylėjo, skaitė |
Caite atriallach | |
Uatha | |
1ad pearsa | aš imdavau, mylėdavau, skaitydavau |
2ra pearsa | tu imdavai, mylėdavai, skaitydavai |
3ú pearsa | jis/ji imdavo, mylėdavo, skaitydavo |
Iolra | |
1ad pearsa | mes imdavome, mylėdavome, skaitydavome |
2ra pearsa | jūs imdavote, mylėdavote, skaitydavote |
3ú pearsa | jie/jos imdavo, mylėdavo, skaitydavo |
Láithreach | |
Uatha | |
1ad pearsa | aš imu, myliu, skaitau |
2ra pearsa | tu imi, myli, skaitai |
3ú pearsa | jis/ji ima, myli, skaito |
Iolra | |
1ad pearsa | mes imame, mylime, skaitome |
2ra pearsa | jūs imate, mylite, skaitote |
3ú pearsa | jie/jos ima, myli, skaito |
Fáistineach | |
Uatha | |
1ad pearsa | aš imsiu, mylėsiu, skaitysiu |
2ra pearsa | tu imsi, mylėsi, skaitysi |
3ú pearsa | jis/ji ims, mylės, skaitys |
Iolra | |
1ad pearsa | mes imsime, mylėsime, skaitysime |
2ra pearsa | jūs imsite, mylėsite, skaitysite |
3ú pearsa | jie/jos ims, mylės, skaitys |
Tá 7 dtuiseal (ain, gin, tabh, áins, uirl. áitr, gair,), cúig dhíochlaonadh d'ainmfhocail agus trí dhíochlaonadh d'aidiachtaí sa Liotuáinis.
Is féidir le haidiacht sa Liotuáinis suas go 147 {foirm a bheith aici: 2 inscne x 6 thuiseal x 2 uimhir x 2 fhoirm x 3 chéim comparáide 3 fhoirm gan aon inscne.
Tá foirmeacha forainmneacha na n-aidiachtaí ina ngné speisialta den Liotuáinis. Léiríonn an fhoirm sin gur gné ar leith atá ann agus cuireann sí béim an ngné sin: gražus - gražusis (álainn - an álainn seo). Ní bhíonn na foirmeacha sin as Béarla, Gearmáinis, Fraincis agus go leor teangacha eile.
Tá 32 litir in aibítir na Liotuáinise.
D'úsáidtí na litreacha ą, į, ų tráth chun gutaí srónacha a léiriú. Níl aon ghutaí srónacha sa Liotuáinis liteartha nua-aimseartha, ach d'fhan na litreacha chun na fuaimeanna fada /aː/, /iː/, /uː/ a léiriú.
Consain sa Liotuáinis (ach amháin "j"), bíonn siad ina bpéirí, caol agus leathan. Bíonn siad glórach nó neamhghlórach freisin.
Cuirtear an fhóinéim /x/ in iúl le dhá litir / - ch, ar nós na Gaeilge.
Gutaí (fada agus gearra) agus consain (caol agus leathan) na Liotuáinise agus défhoghair (uo, ai, ei, ie) agus teaglaim défhoghracha:: al, am, an, ar, el, em, en, er, il, im, in, ir, ul, um, un, ur, ol, om, on, or).
Foinse: Wikimedia Commons
canúint Shamagaiteach
Canúint Aukštáiteach