Cróitis
Hrvatski jezik
Hrvatski jezik
4.4 milliún
An Chróit, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeirbia (tá sí ar cheann de 7 dteanga oifigiúla Vojvodina).
Montainéagro, an Ungáir, an Ostair, an Iodáil, an Rómáin
An Ghearmáin, an tSualainn, an Fhrainc agus tíortha eile AE an Iarthair, an Airgintín, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, an Astráil, an Nua-Shéalainn
Tá an Chróitis an-ghar don tSeirbis, don Bhoisnis agus don Mhontainéagrais. D'fhorbair an Chróitis mar theanga liteartha ón 15ú céad i leith in a lán leaganacha áitiúla agus is sa 19ú céad a fuair sí foirm an lae inniu (le roinnt difríochtaí).
Sa 19ú céad, bhí gluaiseacht láidir i dtreo comhtheanga do na Slavaigh Theas. Mar gheall ar a tionchar, ceapadh teangacha caighdeánacha an-chomhchosúil don tSeirbis agus don Chróitis, agus mar gheall air sin, chreid go leor daoine don chuid is mó den 20ú cead ná fuil ach aon teanga ann, an tSeirbea-Chróitis (nó Cróit-Sheirbis). Cheap daoine eile go raibh dhá theanga ar leith ann (Cróitis agus Seirbis). Meastar an Mhontainéagrais, mar gheall ar a stór focal intleachtúil agus a foclóir speisialaithe, mar chineál Seirbise, cé go bhfuil sé go leor saintréithe idirdhealaitheacha aici. Is deacair an Bhoisnis a shainiú, ach is cinnte go bhfuil sí idir an tSeirbis agus an Chróitis agus tá roinnt cineálacha di; is gaire í don Mhontainéagrais. Mar sin féin, labhraíonn cainteoirí na gceithre theanga lena chéile gan ateangairí. Bíonn na difríochtaí móra san fhoclóir speisialaithe i mbeagnach gach réimse. Is ar éigean is féidir le Cróitigh agus Seirbigh a chéile a thuiscint agus iad ag caint faoi mhatamaitic, bitheolaíocht, dlí nó fiú cócaireacht, murar fhoghlaim siad foclóir a chéile. Tá difríochtaí sa scríbhneoireacht freisin. Scríobhtar an tSeirbis agus an Mhontainéagrais leis na haibítrí Laidine agus Coireallacha, ach is in aibítir na Laidine amháin a scríobhtar an Chróitis agus an Bhoisnis.
Roinntear na teangacha Slavacha ina dtrí fhoghrúpa: Iar-Shlaivis (Polainnis, Seicis, Slóvaicis, Sorbais, Caisiubais, Slóivincis), Oir-Shlaivis (Úcráinis, Bealarúisis, Rúisis agus Rúisinis) agus Slaivis Theas (Slóivéinis, Cróitis, Seirbis, Montainéagrais, Boisnis, Macadóinis agus Bulgáiris).
Tabhall Baška (Baščanska ploča), thart ar an mbliain 1100
Roinntear críoch na Cróitise ina dtrí réimse canúintí: Shtocáivis, Kajcáivis agus Chacáivis. Forbraíodh litríocht i ngach canúint, ach den chuid is mó sa Shtocáivis, a úsáideadh mar bhonn chun an teanga chaighdeánach a chruthú.
Scríobhtar an Chróitis le haibítir na Laidine, cé go scríobhtaí ar dtús í leis an aibítir Glagalach, a cruthaíodh go speisialta do theangacha Slavacha, nó leis an aibítir Choireallach Iartharach (bosančica). Ar feadh tamaill d'úsáidtí na trí script ag an am céanna i réigiúin éagsúla, ach uaireanta freisin sa réigiún céanna. Sa deireadh, níor fhan ach script na Laidine. Litriú foghraíochta atá ann anois, .i. léitear an litir chéanna mar an gcéanna i gcónaí. Tá 27 litir: bunlitreacha na Laidine gan x, y agus q, ach fara č, ć, đ, š agus ž. Tá trí fhóinéim a scríobhtar le dhá litir, lj, nj agus dž.
Mar sin is furasta téacs Cróitise a léamh. Níl aon fhadhb ach an bhéim, mar is féidir an bhéim a leagan ar aon siolla (seachas an ceann deireanach), agus athraíonn béim mhícheart brí an fhocail go hiomlán uaireanta. Ní fíor sin don bhlas tuinairde, ámh. (tá ceithre bhlas tuinairde éagsúla, cosúil le toin na Sínise: dhá cheann ag titim agus dhá cheann ag ardú, agus is féidir le gach ceann acu a bheith fada nó gearr). Mar shampla, san abairt "Gore gore gore gore" ta ceithre fhocal ar cosúil iad a bheith comhionann, ach mar gheall ar na blasanna tuinairde éagsúla, tá ceithre bhrí éagsúla leo: "Ag a mbarr, is measa a dhónn sléibhte." {/I}
I gcoitinne, deirtear go bhfuil gramadach an-chasta ag an gCróitis, ar nós na dteangacha Slavacha uile. Tá dhá uimhir (uatha agus iolra), tá seacht dtuiseal ag gach ceann acu (ainmneach, ginideach, tabharthach, áinsíoch, gairmeach, áitreabhach agus uirliseach), agus ní mór é sin go léir a chomhcheangal le trí inscne (firinscneach, baininscneach agus neodrach). D'fhonn foirm ainmfhocail a chinneadh, ní mór ansin seacht dtuiseal, dhá uimhir agus trí inscne a mheas, mar sin go teoiriciúil tá 42 fhoirm ar fáil. Sna briathra tá seacht n-aimsir ((láithreach, fáistineachí I, fáistineach II, neamhfhoirfe/éigríochta, foirfe agus ollfhoirfe) agus dhá uimhir (uatha agus iolra). Tá trí phearsa (mé, tú, sé/sí san uimhir uatha, san uimhir iolra: sinn, sibh siad). Bíonn dhá ghné ag briathra freisin ((foirfeach agus neamhfhoirfeach), agus ní mór gné gach briathair a fhoghlaim, mar athraíonn sí an réimniú a roghnófar: mar shampla, skočiti ("léim") agus skakati ("léimeadh").
Ina theannta sin, tá go leor briathra neamhrialta agus tá a bhfoircinn féin acu. Tá sainghnéithe a bhaineann le hathruithe fuaime laistigh de na focail (easamhlú, caolú, srl) ann chomh maith. Cosúil leis na hainmfhocail, bíonn aidiachtaí agus forainmneacha casta chomh maith. Bíonn aidiachtaí cinnte nó éiginnte freisin.
Samplaí de réimniú na mbriathra:
Uatha | Iolra | |
---|---|---|
1ad pearsa |
idem
téim |
idemo
téimid |
2ra pearsa |
ideš
téir, téann tú |
idete
téann sibh |
3ú pearsa |
ide
téann sé/sí |
idu
téid, téann siad |
Uatha | Iolra | |
---|---|---|
1ad pearsa |
pođoh
chuas/chuaigh mé |
pođosmo
chuamar |
2ra pearsa |
pođe
chuais/chuaigh tú |
pođoste
chuabhair/chuaigh sibh |
3ú pearsa |
pođe
chuaigh sé/sí |
pođoše
chuadar/chuaigh siad |
Uatha | Iolra | |
---|---|---|
1ad pearsa |
išao sam
chuas - fireann išla sam chuas - baineann |
išli smo
chuamar - fireann išle smo chuamar- baineann |
2ra pearsa |
išao si /išla si
chuais - fireann/baineann |
išli ste/išle ste
chuabhair - fireann/baineann |
3ú pearsa |
išao je/išla je
chuaigh sé/chuaigh sí |
išli su/išle su
chuadar fireann/baineann |
Tá ollfhoirfe chomh maith le dhá aimsir fháistineach (I agus II) ann freisin.
Uatha | Iolra | |
---|---|---|
Ainmneach |
stol
bord |
stolovi
boird |
Ginideach |
stola
an bhoird |
stolova
na mbord |
Tabharthach |
stolu
chuig an mbord |
stolovima
chuig na boird |
Áinsíoch |
stol
bord |
stolove
boird |
Gairmeach |
stole
a bhoird! |
stolovi
a bhorda! |
Áitreabhach |
o stolu
i dtaobh an bhoird |
o stolovima
i dtaobh na mbord |
Uirliseach |
stolom
le bord |
stolovima
le boird |
Bíonn inscne ag gach ainmfhocal (firinscneach, baininscneach, neodrach). Léiríonn an sampla thuas ainmfhocal firinscneach. Bíonn foircinn éagsúla ag ainmfhocail bhaininscneacha agus neodracha. Nuair a fhoghlaimítear ainmfhocal, ní mór a inscne a fhoghlaim chomh maith (mar atá i nGearmáinis).
Úsáideann an Chróitis an consan R mar ghuta i roinnt focal, mar shampla smrt ("bás"), krv ("fuil"), brv ("droichead beag"), srl. Tá focail a bhfuil 5 nó 6 chonsan i ndiaidh a chéile gan ghuta acu, mar shampla smrtno ("básmhar"), stvrdnuti ("cruaigh") ...
Tá 31 fhóinéim sa Chróitis iarbhír, toisc go bhfuil défhoghar (a fhuaimnítear ie nó iē) agus a scríobhtar je nó ije.