Tuircis
Türk dili
Türk dili
breis is 70 milliún
An Tuirc, an Chipir
An Mhacadóin, an Rómáin, An Bhoisnia-Heirseagaivéin, an Ghréig, an Iaráic, an Chosaiv
An Ghearmáin, an Fhrainc, an Ísiltír, Stáit Aontaithe, an Ostair, an Araib Shádach, an Eilvéis, an Astráil, an tSualainn, an Rúis, an Danmhairg, an Ríocht Aontaithe, Ceanada, an Bheilg, an Bhulgáir, an Iodáil, an Asarbaiseáin ...
Tá dearcadh coitianta Turcach go bhfuil teanga choitianta amháin Tuircise (Türkçe) atá roinnte ina mórchanúintí (lehçe), amhail Tuircis Chasach (Kazak Türkçesi), Tuircis Úisbéiceach (Özbek Türkçesi) agus Tuircis na Tuirce (Türkiye Türkçesi). De réir an amharcphointe seo, ná haontaíonn formhór na dteangeolaithe leis, tá an Tuircis (is é sin, an teanga Thuirciceach choitianta) ar cheann de na teangacha is mó ar domhan agus beagnach 200 milliún cainteoir aici.
Tugadh isteach aibítir na Laidine in 1928. Ní fhreagraíonn na córais scríbhneoireachta a bhíodh ann, mar shampla an aibítir rúnach, nó Uyghur nó an scriopt Arabach, d'aibítir na Tuircise nua-aimseartha, atá comhdhéanta de 21 chonsain agus 8 nguta ghearra. Níl aon ghutaí fada nó défhoghair. Is í an sprioc a bhí ag athchóiriú teanga Atatürk nasc níos dlúithe idir scríobh agus urlabhra a chruthú: Benim adım Mustafa [benim adɯm Mustafa] ('Is é Mustafa m'ainm').
Ar cheann de na gnéithe is sainiúla sa Tuircis tá armóin gutaí, lena n-áirítear na freasúraí:
Tosach | Cúl | |||
---|---|---|---|---|
Neamhchruinn | Cruinn | Neamhchruinn | Cruinn | |
Ard -o | i | ü | ı | u |
Íseal -o | e | ö | a | o |
Mar shampla, san abairt görüşürüz (slán go fóill, lit feicfimid a chéile) tá an fhréamhgör- (féach) agus trí iarmhír éagsúla, a bhfuil ceithre leagan ag gach ceann acu: -ış/iş/uş/üş (Cómhalartach) -ır/ir/ur/ür (éigríochta) -ız/iz/uz/üz (1 Iolra). Athraíonn na gutaí sna hiarmhíreanna de réir an ghuta sa fhréamh. An seicheamh céanna iarmhíreanna arna chur le fréamhacha éagsúla, tugann sé leaganacha éagsúla:
Teanga ghleanúna is ea anTuircis, murab ionann is formhór na dteangacha Eorpacha. Ciallaíonn sé sin go gcuirtear iarmhíreanna gramadaí le fréamh dho-athraithe focail.Tá a brí gramadaí féin ag gach iarmhír. Is féidir breis is iarmhír amháin a chur leis an bhfocal, mar atá sa sampla thíos:
Níl aon inscne gramadaí sa Tuircis ionas gur féidir an focal arkadaş (cara) a úsáid d'fhir agus do mhná araon. Níl aon alt sonrach ach úsáidtear an uimhir bir (a haon) mar alt neamhshonrach. Léirítear an uimhir iolra leis an iarmhír -lar/ler (ag brath ar armóin na ngutaí), mar atá i evler (tithe) agus atlar (capaill). Tá sé thuiseal sa Tuircis, ainmneach, ginideach, tabharthach, áinsíoch, áitreabhach, ochslaíoch. Braitheann an guta san iarmhír ar armóin na ngutaí:
teach | capall | dochtúir | aisteoir | |
Ainmneach | ev | at | doktor | aktör |
---|---|---|---|---|
Ginideach | evin | atın | doktorun | aktörün |
Tabharthach | eve | ata | doktora | aktöre |
Áinsíoch | evi | atı | doktoru | aktörü |
Áitreabhach | evde | atta | doktorda | aktörde |
Ochslaíoch | evden | attan | doktordan | aktörden |
Leanann na briathra an patrún fréamh-gné/aimsir-iarmhír phearsanta, mar shampla oyna-dı-m (D'imir mé). Déantar an diúltú leis an iarmhír dhiúltach -ma/me i ndiaidh na fréimhe, mar shampla oyna-ma-dı-m (Níor imir mé). I gcás ceisteanna, úsáidtear an mhír mı/mi/mu/mü, mar shampla oynadım mı? (Ar imir mé?). Tá cúig bhunaimsir sa Tuircis: láithreach, fáistineach, éigríochta, caite, caite claoninsinte. Úsáidtear an ceann deireanach nuair ná fuil an cainteoir ar an eolas má tá an abairt fíor nó ná fuil, mar shampla, Ali evlenmiş (deirtear gur phós Ali).
Uatha | Iolra | |||||
---|---|---|---|---|---|---|
1ad pearsa | 2ra pearsa | 3ú pearsa | 1ad pearsa | 2ra pearsa | 3ú pearsa | |
Láithreach | yapıyorum | yapıyorsun | yapıyor | yapıyoruz | yapıyorsunuz | yapıyorlar |
Fáistineach | yapacağım | yapacaksın | yapacak | yapacağız | yapacaksınız | yapacaklar |
Éigríochta | yaparım | yaparsın | yapar | yaparız | yaparsınız | yaparlar |
Caite sonrach | yaptım | yaptın | yaptı | yaptık | yaptınız | yaptılar |
Caite tátalach | yapmışım | yapmışsın | yapmış | yapmışız | yapmışsınız | yapmışlar |
Fréamhacha focail do-athraithe a dhéanann croílár an fhoclóra. Na fréamhacha is sine, de ghnáth is fréamhacha aonsiollacha iad de na cineálacha VC, CV, CVC nó CVCC, dá bhrí sin tá teorainn le líon na bhfréamhacha. Déantar focail nua trí iarmhíreanna a chur le fréamhacha na bhfocal atá ann cheana féin, mar shampla:
Tá eamhnú ar bhealach an-choitianta chun brí focail a threisiú sa Tuircis. Tá roinnt cineálacha:
Úsáidtear eamhnú freisin san fhuaimfhoclaíocht: çıtır çıtır (a úsáidtear nuair a itheann duine bia briosc), şapır şapır (a úsáidtear nuair a itheann nó a phógann duine éigin os ard). Is féidir é a úsáid freisin do roinnt gnéithe amhairc de rudaí: pırıl pırıl (lonrach). Cé go bhfuil na leaganacha thuasluaite an-choitianta, tá na patrúin seasta (seachas do ghrúpa C) agus tá teorainn le míreanna nua a chruthú.