Ar aghaidh chuig an inneachar

Slóivéinis

Slovenski jezik

Líon na gcainteoirí dúchais

2.4 milliún

Teanga oifigiúil i

An tSlóvéin, AE

Teanga mhionlaigh i

An Ostair, an Iodáil, an Ungáir

Teanga diaspóra

An Airgintín, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil

Aibítir
25litreacha
Tuisil gramadaí
6
Cód teanga
sl, slv
Saintréitheacht theangeolaíoch
infhillte , forainm ar lár , SVO
Fine teangacha
Ind-Eorpach, Slavach, Slavach Theas
Líon na gcanúintí
thart ar 50

An focal is sia

dialachtaic-ábharaíoch

Focal nó abairt aisteach

an bheirt againn
tofa mar an focal Slóivéinise is áille

Stair

Slavaigh ab ea sinsir na Slóivéanach nua-aimseartha, a chuir fúthu i réigiún sna hAlpa Thoir, ar chríocha na Slóivéine, na hUngáire Theas, na hOstaire Theas agus na hIodáile Thoir-Thuaidh, ag tosú sa 6ú céad. Is sa 10ú céad a scríobhadh na doiciméid is sine sa tSlóvéinis; tá siad freisin ar na téacsanna is sine a scríobhadh i dteanga Shlavach le haibítir na Laidine. Leasaitheoirí Protastúnacha sa 16ú céad a scríobh na chéad 50 leabhar sa tSlóvéinis; ina measc tá an chéad ghraiméar i 1550 agus an chéad aistriúchán den Bhíobla. Rugadh an teanga liteartha nua-aimseartha ó chanúintí Slóivéinise éagsúla agus ó thraidisiún scríbhneoireachta na Slóvéinise leis na céadta bliain anuas.

Lámhscríbhinní Freising ón 10ú céad..

Canúintí

Sa tSlóivéin, tá 6 ghrúpa canúintí agus 46 chanúint i limistéar geografach sách beag. Dá bhrí sin, is í an tSlóivéinis an teanga Shlavach is saibhre ó thaobh líon na gcanúintí. Tá roinnt cúiseanna leis sin. Lonnnaíodh críoch na Slóivéine ó roinnt treonna. Tagann ceithre ghrúpa teanga (Gearmáinic, Fionn-Úgrach, Rómánsach agus Slavach) le chéile san áit seo, agus bíonn gach ceann acu ag dul i bhfeidhm ar a chomharsana. Tá tábhacht leis na dálaí geografacha freisin, toisc gur bhac daingean teagmhálacha idir pobail iad na gleannta Alpacha agus na foraoisí sléibhe ollmhóra. Thug na dálaí sin uile oidhreacht teanga shaibhir, agus stór focal agus gramadach ar leith ina lán áiteanna, a bhíonn deacair a thuiscint do chainteoirí ó réigiúin eile.

  • Gorenjska narečna skupina
  • Dolenjska narečna skupina
  • Štajerska narečna skupina
  • Panonska narečna skupina
  • Koroška narečna skupina
  • Primorska narečna skupina
  • Rovtarska narečna skupina
  1. šavrinsko narečje
  2. čiško narečje
  3. kostelsko narečje
  4. mešani kočevski govori
  5. severnobelokranjsko narečje
  6. južnobelokranjsko narečje

Córas scríbhneoireachta agus fuaimniú

  • a
  • b
  • c
  • č
  • d
  • e
  • f
  • g
  • h
  • i
  • j
  • k
  • l
  • m
  • n
  • o
  • p
  • r
  • s
  • š
  • t
  • u
  • v
  • z
  • ž

Tá an litriú ina mheascán de phrionsabail foghraíochta agus sanasaíochta, agus is é an dara ceann is suntasaí. Ar an ábhar sin, ní léitear an litir chéanna i gcónaí ar an mbealach céanna: mar shampla, L ag deireadh focail agus tar éis guta, fuaimnítear mar W an Bhéarla é: bil [biw]. Fuaimnítear V roimh chonsan freisin mar W: stavba [stawba], vhod [whod]. Scríobhtar 29 bhfuaim na Slóivéinise le 25 litir Laidine, agus tá marc idirdhealaithe ar 3 cinn (č = ch, š = sh, ž = zh).

Is féidir leis an mbéim a bheith ar aon siolla. Ní hionann brí d'fhocail a bhfuil béim ar shiollaí éagsúla iontu.

Gramadach

Chun foirm na haidiachta a chinneadh, tugann sé thuiseal agus trí inscne 18 bhféidearthacht. Réimnítear briathra de réir pearsa (an chéad, an dara agus an tríú pearsa), 4 aimsir (láithreach, fáistineach, foirfe agus ollfhoirfe) agus 3 uimhir (uatha, iolra agus uimhir dhé). Tá go leor briathra neamhrialta, dá bhrí sin, agus is deacair iad a aithint agus ní furasta iad a fhoghlaim. Ní hamháin go bhfuil áit na béime, an uimhir dhé agus an ginideach deacair d'eachtrannaigh, ach fiú do na Slóivéanaigh féin.

Úsáidtear an uimhir dhé fara uatha agus iolra. Má thagraíonn ainmfhocal do bheirt, do dhá rud nó nó dhá choincheap, ba chóir é a dhíochlaonadh san uimhir dhé, atá difriúil ó uatha agus iolra. Úsáidtear an uimhir dhé ní hamháin don ainmfhocal, ach freisin d'aidiachtaí agus forainmneacha, agus réimnítear briathra, ní hamháin san uimhir uatha agus iolra, ach san uimhir dhé chomh maith.

téigh (iti)

Uatha Uimhir dhé Iolra
1ad pearsa grem greva gremo
2ra pearsa greš gresta greste
3ú pearsa gre gresta gredo

fear céile (mož)

Uatha Uimhir dhé Iolra
Ainmneach mož moža možje
Ginideach moža mož mož
Tabharthach možu možema možem
Áinsíoch moža moža može
Áitreabhach pri možu pri možeh pri možeh
Uirliseach z možem z možema z možmi

cailín (deklica)

Uatha Uimhir dhé Iolra
Ainmneach deklica deklici deklice
Ginideach deklice deklic deklic
Tabharthach deklici deklicama deklicam
Áinsíoch deklico deklici deklice
Áitreabhach pri deklici pri deklicah pri deklicah
Uirliseach z deklico z deklicama z deklicami

Déanmhas focal agus foclóir

Baineann an tSlóivéinis leis na teangacha Slavacha agus coinníodh roinnt gnéithe ársa den Phróta-Shlaivis inti a cailleadh sna teangacha Slavacha eile

Is í an ghné ársa is suntasaí an uimhir dhé, ná húsáidtear ach amháin sa tSlóivéinis agus i dteangacha Sorbacha na Gearmáine. Níl ach iarsmaí den uimhir dhé sna teangacha Slavacha eile.

Gné ársa eile a caomhnaíodh sa tSlóivéinis, sin córas na bhforainmneacha, atá an-rialta. Is beag teanga a bhfuil a leithéid acu.

Ceisteach (K) Taispeántach (T) Neamhshonrach (VS) Diúltach (N)
kaj
cad
to
é sin
vse
gach rud
nič
faic
kdo
ta, tisti
é seo
vsak
gach
nihče
éinne
kakšen
cén cineál
takšen
a leithéid
vsakršen
gach cineál
nikakršen
gan aon
kje
tam
ansin
vsepovsod
gach áit
nikjer
gan aon áit
kdaj
cathain, nuair
takrat / tedaj
ansin
vedno / vsakokrat
i gcónaí
nikoli
riamh
kako
conas
tako
mar sin
vsekakor
i ngach slí
nikakor
gan in aon slí
koliko
cé mhéad
toliko
an oiread sin
- nekoliko
roinnt

Cruthaíonn an tSlóivéinis focail nua atá bunaithe ar a fréamhacha dúchais, dá bhrí sin, is lú líon na bhfocal iasachta inti ná i dteangacha eile. Ach, ar ndóigh, glacann sí freisin le focail iasachta, ach cuirtear in oiriúint do rialacha an teanga iad ("euro", sin evro).

Tugann go leor teangacha CD an Bhéarla ar dhlúthdhioscaí, ach sa tSlóivéinis tugtar zgoščenka orthu (cé go n-úsáidtear CD uaireanta freisin), "ríomhaire", sin računalnik, "fón cliste", sin dlančnik, srl

Focail théamacha

Seanfhocail agus nathanna traidisiúnta atá greannmhar nó corr

Rabhlóga

Ar ais go barr