Slóvaicis
Slovenský jazyk
Slovenský jazyk
thart ar 4.6 milliún cainteoir dúchais sa tSlóvaic móide eisimircigh agus diaspóraí
An tSlóvaic, AE; Is féidir í a úsáid freisin ag beagnach gach leibhéal den chumarsáid oifigiúil i bPoblacht na Seice
An Ungáir, an tSeirbia, an Úcráin, an Chróit
Poblacht na Seice, an Ungáir, an Bhreatain Mhór, an Ghearmáin, Éire, an Ostair, an Úcráin; na Stáit Aontaithe, Ceanada, An Airgintín, An Astráil
Tá l agus r, agus a gcoibhéisí fada ĺ agus ŕ, ina siollaí sa tSlóvaicis. Bíonn an chuma ortha ná fuil gnáthghutaí iontu agus cumtar focail shuimiúla leo. Mar sin féin bíonn siad sofhuaimnithe do chainteoirí dúchais.
Tá an focal štvrť (ceathrú) go háirithe úsáideach, toisc gur féidir é a úsáid i gcomhfhocail. Ar chuid de na focail is faide (ón gcorpas) tá štvrťstoročie (ceathrú céid), štvrťstrana (ceathrú leathanaigh agus štvrťhrsť ceathrú glaice.
Ós rud é ná coinníonn briathra sa mhodh ordaitheach uaireanta ach moirféim na fréimhe, tá dornán acu ná fuil ach consain iontu:
Tá abairt thraidisiúnta a léiríonn r siollach (sa tSeicis, leis):
Mar sin féin, is féidir é a mhéadú beagán le réimír bhriathartha, athrú san fhocal deiridh agus an cumasc štvrť:
Agus le modh ordaitheach réalaíoch (vrč) i gcaint dhíreach:
Is féidir súgradh beagán le cumaisc focal agus focail cosúil leis an méid seo a leanas (nach eol gur úsáideadh iad) a chruthú:
Tá próiseas scartha na dteangacha Iar-Shlavacha ón bPróta-Shlaivis faoi lán seoil.
Ba iad coidéacsanna, litreacha agus aistriúcháin den Bhíobla, arna scríobh i Sean-Shlavóinis na hEaglaise (sna scripteanna Glagalacha agus Coireallacha) na chéad doiciméid scríofa i gcríoch na Slóvaice comhaimseartha. Meastar gurb é Proglas (arna scríobh ag Constaintín Fealsamh) an chéad saothar liteartha bunaidh sa tSean-Shlaivis.
Tá easpa cáipéisí Slóvaicise ón ré sin. Bíonn logainmneacha na Slóvaice i Laidin i dtéacsanna.
An chéad téacs comhtháite sa tSlóvaicis.
Cruthú na gcéad leaganacha forchanúnacha.
Na chéad iarrachtaí chun Slóvaicis chobhsaí scríofa a úsáid: Romuald Hadvabný (Foclóir Slóvaicise-Laidine, 1763), Jozef Ignác Bajza (an chéad úrscéal sa tSlóvaicis, gearrscéalta agus dánta éagsúla, 1782-1813).
Thosaigh Anton Bernolák ag obair ar a chuid foclóirí agus leabhar ghramadaí Slóvaicise (a mheastar anois mar na chéad chinn sa chaighdeán).
Iarracht "fhrith"-chaighdeánaithe Ludevít Štúr. Mhodhnaigh Michal Miloslav Hodža, Martin Hattala agus Samo Czambel a theanga ina dhiaidh sin, agus ar deireadh thiar thug na hiarrachtaí sin an tSlóvaicis chomhaimseartha dúinn.
Glacadh le leagan jan Kollár (is ea, ceann eile) mar theanga oifigiúil, ach bhí agóidí i measc aos eagna na Slóvaice (mar gheall ar a cuma ársa agus na cosúlachtaí leis an tSeicis).
Rinneadh teanga oifigiúil na Seicslóvaice den tSeicslóvaicis: cuireadh dátheangachas éighníomhach Seicise agus Slóvaicise chun cinn.
Foilsíodh Rialacha Litrithe na Slóvaicise, a leag síos treoshuíomh Seicslóvaice.
An t-athchóiriú litrithe suntasach deiridh, is ón am sin atá litriú comhaimseartha na Slóvaicise againn.
Scoilt na Seicslóvaice; Tá tábhacht fós le meáin chumarsáide na Seice sa tSlóvaic.
Tá fáil ar leagan leictreonach de leabhair thagartha na Slóvaicise caighdeánaithe agus acmhainní teanga eile.
Is ag litriú na Nua-Shlóvaicise atá an líon is mó litreacha i measc na dteangacha Eorpacha a bhaineann úsáid as aibítir na Laidne - 46 litir. Baineann aibítir na Slóvaicise mórúsáid as síntí fada agus tá litreacha éagsúla uathúla aici. Is in aibítir na Slóvaicise amháin atá Ľ/ľ and Ĺ/ĺ (L le mäkčenagus l le síneadh fada), is sa tSlóvaicis agus sa tSeicis amháin atá na litreacha Ď/ď and Ť/ť, agus murach gur ghlac an Tuircméinis Ň/ň in athchóiriú i 1995, is sa tSlóvaicis agus sa tSeicis amháin a bheadh sé le fáil.
Tá amharcléiriú suimiúil ar mäkčeň - de ghnáth, bíonn cruth dinge lastuas den litir (ˇ) a bhíonn ann, ach bíonn sé éagsúil in ď, ť, ľ and Ľ - tá sé beagnach cosúil le huaschama ag gabháil le taobh deas na litreach. Ach an mäkčeň céanna atá ann, mar a bhíonn i gcónaí sa lámhscríbhneoireacht. Ós rud é gur sa tSlóvaicis agus sa tSeicis amháin atá na litreacha seo, bíonn an cheist sách anaithnid ar an gcoigrích agus bíonn meascán mearaí de thoradh air, go minic trí uaschamóga fáin ag eachtrannaigh.
Is litreacha ar leith iad na délitreacha (ch, dz, dž). Mar sin féin, tá na litreacha sách lag - i scríbhinn ingearach bíonn dhá áit acu, ach i gcrosfhocail tógann ch de ghnáth áit amháin, ach athraíonn dz agus dz. Nuair a chuirtear i gceannlitreacha iad bíonn dhá fhoirm- CH agus Ch, DZ agus Dz, DŽ and Dž, ag brath ar na litreacha eile a bheith go hiomlán i gceannlitreacha nó gan a bheith.
Is eol nach fada ón tSlóvaicis ón tSeicis. Cuirtear sin i gcomparáid leis an Iodáilis-Neapolaitis, Portaingéilis-Gailísis, Ioruais-Sualainnis agus teangacha atá ar aon dul leo. Is mó an difríocht, b'fhéidir, ná Seirbis-Cróitis nó Béarla Shasana-Béarla SAM, ach is lú í ná Gearmáinis-Ollainnis nó Rúisis-Úcráinis. Teanga eile atá gar don tSlóvaicis is ea an Pholainnis, ach is mó na difríochtaí sa chás sin agus tá teorainn leis an intuigtheacht.
Tá leanúntas canúintí ón tSeicis go canúintí na Slóvaice Thoir, agus canúintí idirchriosacha go Russyn (Lemko) agus Polainnis (Góral). Dá bhrí sin, tá nasc intuigtheachta idir canúintí na dteangacha Iar-Shlavacha agus Oir-Shlavacha araon agus is féidir iad a rangú mar chuid de leanúntas na gcanúintí Slavacha Thuaidh. Taistealaí a thosódh a aistear sa chathair Sheiceach is sia siar (Aš) agus a stopfadh i ngach sráidbhaile, thabharfadh sé faoi deara an chanúint áitiúil a bheith beagán difriúil, ach fós an-ghar. Agus ar an mbealach sin d'fhéadfadh an taistealaí teacht go Vladivostok, gan teorann teanga shoiléir a aimsiú ar an mbealach - ach is mór a bheidh idir na teangacha is sia soir agus is sia siar.
I Slóvaicis is le táthmhíreanna is mó a chruthaítear focail nua - díorthú agus focail iasachta (ó Bhéarla den chuid is mó) ag teacht isteach sa teanga.
Tá líon mór táthmhíreanna a úsáidtear sa tSlóvaicis. Is féidir leo brí focail a mhodhnú, mar shampla:
Suíomh gréasáin ilteangach d'fhoghlaim na Slóvaicise: http://slovake.eu