Ar aghaidh chuig an inneachar

Rúisis

Русский язык

Líon na gcainteoirí dúchais

> 150,000,000

Teanga oifigiúil i

An Rúis, an Bhealarúis, An Chasacstáin, An Chirgeastáin, An Táidsíceastáin

Teanga mhionlaigh i

An Úcráin, SAM, an Rómáin

Teanga diaspóra

Úisbéiceastáin, Iosrael, an Laitvia, an Mholdóiv, Tuircméanastáin, an Ghearmáin, Ceanada, an Bhrasaíl, an Fhionlainn, an Liotuáin, an Fhrainc, an Astráil, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Cúba, an Ríocht Aontaithe, an Eastóin, an Asarbaiseáin, an tSeoirsia, an Airméin, an Iorua

Aibítir
33litreacha
Tuisil gramadaí
6
Cód teanga
ru, rus
Saintréitheacht theangeolaíoch
infhillte , forainm ar lár , SVO
Fine teangacha
Ind-Eorpach - Bailt-Shlavach - Slavach - Oir-Shlavach
Líon na gcanúintí
2 ghrúpa, go leor leaganacha

An focal is sia

fad 1,989 milliméadar

Focal nó abairt aisteach

fuair sé bás, suaimhneas síoraí go raibh aige
Is ionann an scríobh agus an bhrí sa dá threo

Réamhrá

De réir shonraí an Choimisiúin Eorpaigh tá an Rúisis á labhairt ag 6% de dhaonra AE (~ 30 milliún duine). Is í an seachtú teanga is mó a úsáidtear in AE í agus an t-ochtú ceann ar domhan.

Gramadach

Tá dhá chatagóir briathra sa Rúisis, ar a dtugtar {gnéithe ag brath ar cibé an dtagraíonn siad do phróiseas leanúnach (briathra neamhfhoirfeacha ) nó gníomh críochnaithe ({/} briathra foirfeacha ). Tá trí aimsir ag briathra neamhfhoirfeacha ( caite, láithreach agus fáistineach) agus níl ach aimsir chaite agus aimsir fháistineach ag briathra foirfeacha, níl aon aimsir láithreach acu.

  • Что делать?
    Ag déanamh rud éigin (níl an gníomh críochnaithe, an próiseas)
  • Что сделать?
    Críochnaigh de bheith ag déanamh rud éigin (tá an gníomh críochnaithe, an toradh)
Caite Láithreach Fáistineach
Что делал?
Cad a dhein tú?
Я писал письмо
Bhí mé ag scríobh litreach. (Níl a fhios againn ar chríochnaigh sé á scríobh.)
Что делаю?
Cad atá ar siúl agam?
Пишу
Táim ag scríobh.
Что буду делать?
Cad a dhéanfaidh mé?
Буду писать
Scríobhfaidh mé. (Arís, níl a fhios againn an gcríochnóidh sé scríobh na litreach nó an bhfágfaidh sé leath-scríofa í.)
Что сделал?
Cad a dhein tú?
Написал
Scríobhas.
-
Что сделаю?
Cad a dhéanfaidh mé (go críoch)?
Напишу
Scríobhfaidh mé (go críoch).

Tá 6 thuiseal sa Rúisis. Foircinn a léiríonn iad agus tugann siad le fios an ról atá ag an ainmfhocal in abairt. Déantar ainmfhocail agus focail ar nós ainmfhocal a ghrúpáil i ndíochlaontaí i gcomhréir leis na foircinn áirithe a úsáidtear.

  • мама видит кошкумаму видит кошка
    Feiceann mamaí an cat. ‒ Feiceann an cat mamaí.
  • мама подошла к кошкек маме подошла кошка
    Tháinig mamaí chuig an gcat. ‒ Tháinig an cat chuig mamaí.

Tá an Rúisis an-saibhir. Agus Rúisis á labhairt, bíonn leaganacha, nó réimeanna, éagsúla teanga in úsáid. Mar shampla, i litir ghnó nó doiciméad oifigiúil, úsáidtear focail agus nathanna ná húsáidfí sa saol laethúil (fiú i gcomhrá an-tromchúiseach). Is gá leibhéal ard feasachta teanga a chothú d'fhonn roghanna míchearta a sheachaint agus na focail chuí a roghnú. Feictear litearthacht, slí bheatha agus go minic an bealach is mian leo a bheith le feiceáil ag daoine eile i dtaca lena roghanna teanga.

Bíonn trí ainm ag Rúisigh, ainm pearsanta, ainm athar agus sloinne..

ainm pearsanta ainmn athar sloinne
Иван
Ivan
Владимирович
Vladimirovich
Петров
Petrov
Анна
Anna
Ильинична
Il'inichna
Сидорова
Sidorova

As ainm pearsanta an athar a dhéantar ainm athar.

ainm an athar ainm athar firinscneach ainm athar baininscneach
Иван
Ivan
Иванович
Ivanovich
Ивановна
Ivanovna
Владимир
Vladimir
Владимирович
Vladimirovich
Владимировна
Vladimirovna
Илья
Il'ya
Ильич
Il'ich
Ильинична
Il'inichna

Úsáidtear an t-ainm pearsanta agus ainm an athar (Иван Владимирович, Анна Ильиничена) chun beannú d'oifigigh uachtaracha, daoine aosta agus i suímh fhoirmiúla.

Ní minic a labhraítear le daoine as a sloinnte agus de ghnáth is i suímh an-fhoirmeálta a úsáidtear iad. Uaireanta úsáideann múinteoirí scoile a sloinnte chun labhairt le daltaí: «Сидоров, иди к доске!» [! Sidorov, idi k doske!] (Sidorov, tar aníos go barr an tseomra ranga). Go háirithe na cinn is dána: Сергеев, опять ты не сделал домашнее задание! [Sergeev, opjat' ty ne sdelal domašnee zadanie!] (Sergeev, arís níl d'obair baile déanta agat!).

Bíonn foirmeacha díspeagtha ag beagnach gach ainm pearsanta sa Rúisis

  • СергейСережаСереженька
  • АннаАняАннушка, Анюта

is gnách do dtugtar foirmeacha díspeagtha ar leanaí: Сереженька [Serezhen'ka] (foirm dhíspeagtha de Сергей, [Sergej]), Ирочка [Irochka] (foirm dhíspeagtha de Ирина, [Irina]). De ghnáth úsáidtear a n-ainm iomlán nuair a dhéanann leanaí rud éigin olc.

Ní minic a úsáidtear ainmneacha athar taobh amuigh den Rúis. Rúisigh atá ina gcónaí thar lear, is fearr leo go minic foirm dhíspeagtha a n-ainmneacha, mar shampla Дима [Dima] in ionad Дмитрий [Dmitrij], Надя [Nadya] in ionad Надежда [Nadezhda].

Córas scríbhneoireachta agus fuaimniú

Sa Rus ársa bhaintí úsáid as dhá theanga - Slavóiinis na hEaglaise agus Sean-Shlaivis Thoir. Aibítir amháin a bhí ann - an ceann Coireallach. Is suimiúil a thabhairt faoi deara go gciallaíodh litreacha ní hamháin fuaimeanna an tráth sin, ach freisin uimhreacha (féach an chairt thíos). Thairis sin, bhíodh bealaí éagsúla scríbhneoireachta, mar gheall ar éagsúlacht na rialacha in áiteanna éagsúla. Mar sin féin, faoin naoú haois d'fhéadfaí an fhuaim chéanna a chur in iúl le roinnt litreacha, mar shampla: [u] trí "у", "Ѹ" (uk), "Ѫ" (yus mór). Ina ainneoin sin go raibh go leor litreacha, chuirtí siombailí forscripte éagsúla os cionn na litreacha agus ní scríobhtaí focail i gcónaí ina n-iomláine. In ainneoin roinnt athruithe, níor éascaíodh scríobh na Rúisise a fhoghlaim go dtí athchóiriú litrithe 1918.

Litir Luach uimhriúil Ainm
А а 1 азъ (azŭ)
Б б боукы (buky)
В в 2 вѣдѣ (vědě)
Г г 3 глаголи (glagoli)
Д д 4 добро (dobro)
Є є 5 єсть (estĭ)
Ж ж живѣтє (živěte)
Ѕ ѕ / Ꙃ ꙃ 6 ѕѣло (dzělo)
З з / Ꙁ ꙁ 7 земля (zemlja)
И и 8 ижє (iže)
І і / Ї ї 10 и/ижеи (i/ižei)
К к 20 како (kako)
Л л 30 людиѥ (ljudije)
М м 40 мыслитє (myslite)
Н н 50 нашь (našĭ)
О о 70 онъ (onŭ)
П п 80 покои (pokoi)
Р р 100 рьци (rĭci)
С с 200 слово (slovo)
Т т 300 тврьдо (tvrdo)
Оу оу / Ꙋ ꙋ (400) оукъ (ukŭ)
Ф ф 500 фрьтъ (frtŭ)
Х х 600 хѣръ (xěrŭ)
Ѡ ѡ 800 отъ (otŭ)
Ц ц 900 ци (ci)
Ч ч 90 чрьвь (črvĭ)
Ш ш ша (ša)
Щ щ шта (šta)
Ъ ъ ѥръ (jerŭ)
Ꙑ ꙑ ѥры (jery)
Ь ь ѥрь (jerĭ)
Ѣ ѣ ять (jatĭ)
Ꙗ ꙗ я (ja)
Ѥ ѥ ѥ (je:)
Ю ю ю (ju)
Ѧ ѧ (900) ѧсъ (ęsŭ)
Ѩ ѩ ѩсъ (jęsŭ)
Ѫ ѫ ѫсъ (ǫsŭ)
Ѭ ѭ ѭсъ (jǫsŭ)
Ѯ ѯ 60 кси (ksi)
Ѱ ѱ 700 пси (psi)
Ѳ ѳ 9 фита (fita)
Ѵ ѵ 400 ижица (ižica)

Sa lá atá inniu ann tá 33 litir in aibítir na Rúisise (tá cuma na Gréigise ar chuid acu, agus is féidir iad a aithint óna n-úsáid sa mhatamaitic):

  • а
  • б
  • в
  • г
  • д
  • е
  • ё
  • ж
  • з
  • и
  • й
  • к
  • л
  • м
  • н
  • о
  • п
  • р
  • с
  • т
  • у
  • ф
  • х
  • ц
  • ч
  • ш
  • щ
  • ъ
  • ы
  • ь
  • э
  • ю
  • я

Tá 33 charachtar in aibítir na Rúisise: 10 nguta, 21 chonsan agus 2 chomhartha. Is fearr a léiríonn an Rúisis an fhoghraíocht ná an Béarla. De ghnáth, tuigfear focail Rúisise má léitear amach os ard iad, litir ar litir.

Sé ghuta atá ann: /i/, /ɛ/, /a/, /o/, /u/, /ɨ/ agus ní rangaítear de réir faid iad.

Bíonn an bhéim sa Rúisis inathraithe: водá [vodá] - вóды ['vodɨ], uisce. Athraíonn na gutaí [o] agus [e] gan bhéim faoi seach go [a] agus [i], m.sh. мóре ['morʲe] - м[a]ря [ma'rʲa], farraige; лес [lʲes] - л[и]сá [lʲi'sa], foraois. Crapadh a thugtar ar an bhfeiniméan sin. Ní thaispeánann foilseacháin Rúisise an bhéim ach amháin i bhfoclóirí.

Bíonn consain na Rúisise caol agus leathan, ar nós na Gaeilge, agus glórach (critheann téada an ghutha) nó neamhghlóach (ní chritheann téada an ghutha). Léirítear caoile agus leithne na gconsan sa litriú leis an nguta a leanann iad nó siombailí - comhartha leithne (ъ) agus comhartha caoile (ь). Tá luach séimeantach ag caoile na gconsan freisin. Samplaí: мел [ugol] (gual) - мель [ugol '] (cúinne) - an litir е a léiríonn caoile M, caoile л san fhocal мель - le comhartha caoile (ь). Déanann consain péirí de réir a gcaoile nó a leithne agus de réir iad a bheith glórach/neamhghlórach.

Glórach Neamhghlórach
Dísithe Б
В
Г
Д
Ж
З
П
Ф
К
Т
Ш
С
Neamhdhísithe Л, М, Н, Р, Й Х, Ц, Ч, Щ
Leathan Caol
Sna litreacha "а", "о", "у", "ы", "ъ", mura mbíonn comhartha na caoile ag deireadh an fhocail, bíonn an consan roimhe sin LEATHAN Léiríonn na litreacha "и", "е", "ё", "ю", "я", "ь" go bhfuil an consan rompu CAOL
Б - бык Бʼ - бег
В - волк Вʼ - век
Г - год Гʼ - геолог
Д - дом Дʼ - дед
З - зола Зʼ - земля
К - кукла Кʼ - киоск
Л - луна Лʼ - люди
М - мама Мʼ - миска
Н - нож Нʼ - небо
П - папа Пʼ - пять
Р - рот Рʼ - река
С - сон Сʼ - сено
Т - ток Тʼ - тетя
Ф - фантик Фʼ - фея
Х - хобот Хʼ - хитрец
Leathan i gcónaí Caol i gcónaí
Ш, Ж, Ц Ч, Щ, Й

Focail théamacha

Seanfhocail agus nathanna traidisiúnta atá greannmhar nó corr

Ar ais go barr