Ar aghaidh chuig an inneachar

Máltais

Lingwa Maltija

Líon na gcainteoirí dúchais

430,000

Teanga oifigiúil i

Málta, AE

Teanga diaspóra

An Bhreatain Mhór, an Astráil, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Túinéis

Aibítir
Laidin: 30 litir, 24 consan agus 6 ghuta
Tuisil gramadaí
0
Cód teanga
mt, mlt
Saintréitheacht theangeolaíoch
infhillte , deilbhíocht teimpléid , SVO
Fine teangacha
Seimíteach
Líon na gcanúintí
-

An focal is sia

atmasféar

Focal nó abairt aisteach

Péitseog mhilis i gcré dhearg Ħal Għargħur

Stair

Is iad an Mháltais agus an Béarla teangacha oifigiúla Mhálta, agus is í an Mháltais an teanga náisiúnta. Cé go bhfuil Béarla ag formhór na Máltach, is í an Mháltais is mó a úsáideann siad sa saol laethúil. Léiríonn stair na Máltaise stair an oileáin. Is dócha gur mar chanúint Phúnach a thosaigh an Mháltais, ach ina dhiaidh sin tháinig sí faoi thionchar láidir na hAraibise nuair a ghabh na hArabaigh Málta in 870 AD agus trí na haoiseanna ghlac sí le nithe as roinnt teangacha eile. Cé gur choinnigh sí a bunstruchtúr Seimíteach, allmhairíodh focail ó theangacha Eorpacha, amhail Fraincis, Iodáilis, Spáinnis agus Béarla de réir mar ba ghá focail nua chun cur síos ar ghníomhaíochtaí sóisialta agus gnó nua. Ar feadh na gcéadta bliain teanga labhartha amháin a bhí sa Mháltais. Níor scríobhadh í go dtí go luath san 20ú céad, nuair a ghlac sí le haibítir iartharach de rogha ar aibítir na hAraibise. Sa lá atá inniu ann is teanga iomlán chuimsitheach í an Mháltais, agus a litríocht féin aici.

Canúintí

Smaoineamh cúng is ea canúintí i Málta (agusin oileán Gozo in aice leis). Mar sin féin ag dul ó bhaile go baile, is furasta na difríochtaí a chloisteáil, ionas go gcloistear: immorru (téanam) agus ansin i mbaile eile chloisfí: immurru - tá an o tar éis athrú go u. Tá athrú Q go K ann freisin ionas go gcloistear Qormi (ainm baile) le Q in áit amháin, agus le K in áit eile.

Córas scríbhneoireachta agus fuaimniú

Scríobhtar an Mháltais i script Laidin-bhunaithe a caighdeánaíodh sna 1920í agus a glacadh go hoifigiúil i 1934 Tá carachtair speisialta in úsáid sa litriú, .i. an ġ, ċ buailte, an ż buailte agus ħ le barra. Is ionann an délitir għ agus dhá fhuaim a choinnítear san Araibis, ach a cailleadh i bhformhór na gcanúintí sa Mháltais.

  • a
  • b
  • ċ
  • d
  • e
  • f
  • ġ
  • g
  • h
  • ħ
  • i
  • j
  • k
  • l
  • m
  • n
  • o
  • p
  • q
  • r
  • s
  • t
  • u
  • v
  • w
  • x
  • z
  • ż

Gramadach

Is é l- an t-alt , atá in ann athrú go il-. E.g: l-isbaħ (is áille), il-bir (is fearr). Is féidir an l a chomhshamhlú roimh chonsain áirithe, mar sin in ionad il-dar, is í id-dar an fhoirm; athraíonn il-nar (an tine) go: in-nar.

Ceann de shaintréithe na Máltaise, a fuair sí mar oidhreacht ón Araibis, sin córas briathra na dtrí chonsan {/ b}, mar shampla kiser (bhris sé). Is iad trí chonsan an bhriathair: k, s, r. Cibé foirmeacha a thógann an briathar, fanann na trí chonsan san ord céanna, mar shampla ksirna (bhriseamar). Tá cineálacha éagsúla briathra: láidir, lag, lochtach, toll, dúbailte.

Thug córas briathra na Máltaise briathra Rómánsacha isteach freisin agus a chuir sé iarmhíreanna agus réimíreanna Máltaise leo, mar shampla: iddeċidejna ("shocraíomar") ← (i)ddeċieda ("cinneadh"), briathar Rómánsach + -ejna, marcóir den chéad phearsa iolra sa Mháltais.

Tá cineálacha éagsúla uimhir iolra {/ b}: ġlekk (gúna) - ġlekkijiet (gúnaí); ach: kelb (madra) - klieb (madraí). Focail de bhunadh Rómánsach, cumtar an uimhir iolra dóibh ar dhá bhealach: -i nó -jiet a chur leo. Mar shampla, lingwa (teanga) - lingwi (teangacha), ón tSicilis lingua, lingui {/ i}; pjanu (pianó) - pjanijiet . Focail de bhunadh an Bhéarla, déantar a n-uimhir iolra trí "-s" nó "-jiet" a chur leo, mar shampla, friġġ, friġis ón bhfocal {cuisneoir. Is féidir roinnt focal a chur san uimhir iolra le ceachtar de na hiarmhíreanna. Is féidir le cúpla iasacht ón mBéarla an dá iarmhír a chónascadh, amhail brikksa ón mBéarla {brick,atá in ann an fhoirm chomhchoiteann brikks nó an fhoirm iolra brikksiet a ghlacadh.

Déanmhas focal agus foclóir

Is féidir dhá chineál Máltaise a aithint. Is é an chéad cheann a labhraíonn cainteoirí oilte meánaicmeacha i Valletta (an príomhchathair) agus Sliema. Is minic a bhíonn códmhalartú idir Béarla agus Máltais i measc na gcainteoirí sin. Tá an dara cineál á labhairt i gceantair talmhaíochta agus tionsclaíochta. Tá an cineál sin níos coimeádaí, coinníonn sé fuaimeanna áirithe atá le fáil san Araibis agus breis focal de bhunadh Araibise.

Tá daonra Mhálta líofa sa Mháltais agus sa Bhéarla, agus is minic iad ag códmhalartú (ar a dtugtar 'Maltenglish') i gceantair áirithe agus idir grúpaí sóisialta áirithe.

Focail théamacha

Seanfhocail agus nathanna traidisiúnta atá greannmhar nó corr

Ar ais go barr