Ar aghaidh chuig an inneachar

Esperanto

Esperanto lingvo

Líon na gcainteoirí dúchais

Idir 2-3 mhilliún (tá sí go líofa ag 100,000 agus rinne 2-3 mhilliún staidéar uirthi)

Teanga oifigiúil i

Ach amháin i gcomhdhálacha agus cruinnithe idirnáisiúnta Esperanto

Teanga mhionlaigh i

Tá cónaí ar chainteoirí Esperanto i mbreis is 120 tír. Ní mionlach iad a bhfuil aitheantas oifigiúil acu in áit ar bith.

Teanga diaspóra

Is féidir sochaí Esperanto a chur i gcomparáid le diaspóra. Tá cainteoirí Esperanto ina gcónaí ar fud an domhain, tá a gcultúr féin acu ach níl aon stádas dlí acu.

Aibítir
28litreacha
Tuisil gramadaí
2
Cód teanga
eo, epo
Saintréitheacht theangeolaíoch
gleanúna agus tréithe aonraíocha aici, ord na bhfocal saor
Fine teangacha
Teanga Nua-Laidneach, ach ó thaobh foclóra amháin
Líon na gcanúintí
Níl aon chanúintí.

An focal is sia

Riarthóirí cánach stáit
Is é {sound1} ("riarthóirí cánach stáit") an focal is faide atá le fáil i dtéacs, ach is féidir focail i bhfad níos faide a leanann rialacha gramadaí Esperanto a chruthú, mar shampla: kontraŭkolektivismobatalantoj ("trodaithe frith-chomharseilbhe"), gekontraŭdelikventismospecialiĝintoj ....

Focal nó abairt aisteach

Focail Ilbhríocha:
koleg-o: comhghleacaí, kol-eg-o: muineál ollmhór
bombon-o: milseán, bomb-ono: codán buama
1}: cultúr, kul-tur-o: túr corrmhíolta, kult-ur-o: áracsanna cultais
ĉarm-ul-in-o: cailín meallacach, ĉar-mul-ino: miúil tralaí bhaineann

Réamhrá

Is é Ludwig Lazar Zamenhof {/ b} a chuir tús leis an teanga, a chruthaigh an ghramadach ar bhonn na dteangacha Eorpacha, agus íosmhéid eisceachtaí inti. Tá an foclóir bunaithe den chuid is mó ar theangacha Rómánsacha, cé go bhfuil focail ó theangacha Gearmáinice agus eile ann freisin. Foilsíodh an chéad téacsleabhar i 1887, mheall an teanga nua pobal cainteoirí agus thosaigh sí gnáthphróiseas éabhlóide teanga laistigh de phobal a d'úsáid in a lán timpeallachtaí í agus a chruthaigh cultúr a bhaineann leis an teanga. Scór bliain ina dhiaidh sin, rugadh na chéad pháistí a labhair Esperanto lena dtuismitheoirí, céad chainteoirí dúchais na teanga. Dá bhrí sin, is féidir a rá gur teanga í a cruthaíodh le haghaidh cumarsáide idirnáisiúnta, a criólaíodh ina dhiaidh sin agus is teanga dhiaspóra cainteoirí Esperanto inniu í.

Cruthaíodh í as stór focal theangacha Ind-Eorpacha, ach bhí sí le bheith sofhoghlamtha. Dá bhrí sin, gramadach ghleanúna atá aici, saintréith de chuid na dteangacha Tuirciceacha agus Fionn-Úgracha, agus ag leibhéal níos doimhne tá sí aonraíoch, mar atá an tSínis agus an Vítneaimis. Ciallaíonn sé sin gur féidir a cuid moirféimí a úsáid mar fhocail neamhspleácha. Tá gramadach aici atá go hiomlán rialta agus is féidir méid mór focal a chruthú trí fhréamhacha foclóireachta agus thart ar dhaichead táthmhír a chur le chéile (mar shampla ón bhfréamh san- (sláintiúil) is féidir focail mar iad seo a leanas a chruthú: malsana (“breoite”), malsanulo (“duine breoite”), gemalsanuloj (“daoine breoite, idir fhir agus mhná”), malsanulejo (“ospidéal”), sanigilo (“cógas”), saniĝinto (“duine ar tháinig biseach air”), sanigejo (“áit leighis”), malsaneto (“mionbhreoiteacht”), malsanego (“mórbhreoiteacht”), malsanegulo (“duine an-bhreoite”), sanstato (“staid sláinte”), sansento (“mothú sláinte”), sanlimo (“teorainn sláinte”), malsankaŭzanto (“pataigin”), kontraŭmalsanterapio (“teiripe in aghaidh breoiteachta”)…).Bíonn foircinn chomhsheasmhacha ag na príomhranna cainte (ainmfhocail, briathra, aidiachtaí agus dobhriathra) a thaispeánann i gcónaí an roinn chainte lena mbaineann siad. Déanann a rialtacht sofhoghlamtha í, agus i ngeall ar a cumas sruthlínithe chun focail nua a chruthú, tá sí ar cheann de na teangacha is táirgiúla dá bhfuil ann. Is acmhainn di líon focal gan teorainn a chruthú. Tá sí in ann aon smaointe nó staideanna nua a chur in iúl. Mar shampla, is féidir úrscéal a scríobh faoi Mharsaigh fhicseanúla a bhfuil cuma boird orthu agus cur síos orthu mar tablo (“bord”), tablino (“bord baineann”), tablido (“sliocht na mbord”)… Is féidir linn gléas a shimplíonn an saol gnéis a shamhlú agus cur síos air mar sekssimpligilo (" simplitheoir gnéis "), fear a shiúlann droim ar ais (inversmarŝanto,"siúlóir droim ar ais "), leigheas in aghaidh dogmatachais (maldogmigilo, "dí-dhogmatóir"), srl

Stair

  • 1878

    Críochnaíodh an chéad leagan cianach den Esperanto, ar thug Zamenhof Lingwe Uniwersala uirthi. Ach tá sí éagsúil go maith ón Esperanto nua-aimseartha

  • 1887

    Le cabhair óna bhean chéile foilsíonn Zamenhof Unua Libro , an leabhar a chuir tús leis an Esperanto nua-aimseartha.

  • 1889

    Foilsíodh an chéad iris Esperanto, La Esperantisto {/ b}, i Nurenberg, agus bunaíodh an chéad chlub Esperanto.

  • 1905

    Tionóladh an chéad Universala Kongreso {/ b} (Comhdháil Dhomhanda) in Boulogne-sur-Mer, agus 688 i láthair.
    Foilsíodh an Fundamento de Esperanto .

  • 1908

    Bunaíodh an Universala Esperanto-Asocio {/ b}, Cumann Esperanto an Domhain.

  • 1954

    Bhunaigh UNESCO caidreamh comhairliúcháin le Cumann Esperanto an Domhain. An chéad rún UNESCO ag tacú le hEsperanto.

  • 1985

    An dara rún UNESCO af son Esperanto. Spreagann UNESCO ballstáit na Náisiún Aontaithe chun Esperanto a chur ar a gcuraclaim scoile.

  • 1987

    D'fhreastail 6000 cainteoir Esperanto ar an 72ú Universala Kongreso i Vársá chun 100 bliain Esperanto a cheiliúradh.

  • 2002

    Seoladh lernu! - an suíomh gréasáin is mó chun Esperanto a fhoghlaim, saor in aisce.

  • 2008

    Shroich leagan Esperanto den Vicipéid - an chiclipéid is mó ar líne - 200.000 alt.

  • 2009

    Is féidir scrúduithe idirnáisiúnta Esperanto a dhéanamh ag trí leibhéal (B1, B2, C1). Meastar iarrthóirí i 4 bhunscil: léitheoireacht agus cluastuiscint, scríobh agus cumarsáid ó bhéal, i gcomhréir le Comhchreat Tagartha na hEorpa.

  • 2012

    Ghlac Google Translate le hEsperanto mar an 64ú teanga.

Córas scríbhneoireachta agus fuaimniú

  • a
  • b
  • c
  • ĉ
  • d
  • e
  • f
  • g
  • ĝ
  • h
  • ĥ
  • i
  • j
  • ĵ
  • k
  • l
  • m
  • n
  • o
  • p
  • r
  • s
  • ŝ
  • t
  • u
  • ŭ
  • v
  • z

Léitear Esperanto mar atá a scríobhtar í. Bíonn an fhuaim chéanna ag gach litir i gcónaí, agus is í an litir chéanna a chuireann an an fhuaim chéanna in iúl i gcónaí, agus bíonn an bhéim i gcónaí ar siolla leathdhéanach. Siolla amháin is ea na défhoghair amhail aŭ, eŭ, oŭaj.

Roinnt fuaimeanna speisialta in Esperanto, agus traslitrithe Gaeilge nó Béarla leo: ĉ = ch an Bhéarla, ŝ = s in sí, ĝ = j an Bhéarla, ĥ (ch na Gaeilge, ĵ = zh an Bhéarla (nó Fraincis j).

Gramadach

Críochnaíonn gach ainmfhocail in -o: tabl-o (bord), lamp-o (lampa), hom-o(fear).

Críochnaíonn gach aidiacht in -a: bela (álainn), granda (mór), malgranda (beag).

Críochnaíonn infinideach gach briathair in -i, havi (bheith...ag), iri (téigh).

San aimsir láithreach bíonn an foirceann -as: mi manĝas (ithim),li manĝas (itheann sé), ili estas (tá siad), mi estas (táim), ŝi estas (tá sí).

San aimsir chaite bíonn an foirceann -is. Roinnt samplaí: li lernis (d'fhoghlaim sé), ili estis (bhí siad), homo estis (bhí fear), li manĝis (d'ith sé).

San aimsir fháistineach bíonn an foirceann -os, mi lernos (foghlaimeoidh mé), Marko sidos (suífidh Marko síos).

Chomh maith leis an tuiseal ainmneach, tá foirceann áinsíoch a úsáidtear le haghaidh ainmfhocal, aidiachtaí agus forainmneacha san uimhir uatha agus san iolra: -n (Mi vidas aŭton. Aŭton mi vidas.: Feicim an carr.)

A bhuí leis an áinsíoch, tá ord na bhfocal saor

Déantar uimhir iolra na n-ainmfhocal agus na n-aidiachtaí leis an bhfoirceann -j a chuirtear isteach i ndiaidh na bhfoirceann -o-a, libro (leabhar),libroj (leabhair).

Tá thart ar dhaichead réimír agus iarmhír chun focail nua a chruthú. I measc na bhfocal is minice tá an réimír mal-, a athraíonn brí an fhocail ina malairt. Seo í an chaoi: athraíonn bona (maith) go malbona (olc) agus bela (álainn) go malbela (gránna).

Ciallaíonn an iarmhír -ul 'duine', mar sin grandnazulo = duine a bhfuil srón mhór air. Cruthaíonn an iarmhír -in leaganacha baininscneacha amhail grandnazulinoj (mná a bhfuil srón mhór orthu).

Uatha Iolra
Ainmneach Áinsíoch Ainmneach Áinsíoch
Alt (an / na) - / la - / la - / la - / la
Aidiacht (mór) granda grandan grandaj grandajn
Ainmfhocal (mac tíre ) lupo lupon lupoj lupojn

Tá dhá phríomh-thairseach áit ar féidir leat an teanga a fhoghlaim saor in aisce ar líne. Suíomh ginearálta is ea www.lernu.net agus is do mhúinteoirí go príomha www.edukado.net.

Vicipéid in Esperanto: eo.wikipedia.org.

Focail théamacha

Seanfhocail agus nathanna traidisiúnta atá greannmhar nó corr

Ar ais go barr