Ísiltíris
Nederlands, Vlaams
Nederlands, Vlaams
21 mhilliún (móide 5-6,000,000 cainteoir Afracáinise)
An Ísiltír, An Bheilg, Suranam, Aruba, Cúrasó, Sint Maarten; AE, Aontas Náisiúin Mheiriceá Theas, úsáidtear go neamhoifigiúil i gComhphobal Mhuir Chairib í.
An Fhrainc (20-40.000), An Ghearmáin (Kleve, Bergish Thoir)
Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, An Astráil, An Nua-Shéalainn
Teanga il-lárnach is ea an Ísiltíris, agus forbairtí ar leith aici i gcríocha éagsúla. Is é cineál anTuaiscirt (An Ísiltír, Ísiltíris na hOllainne) an cineál is tábhachtaí agus bíonn claonadh ag daoine eile ina threo a bheag nó a mhór.
Afracáinis - teanga atá ina gaol gairid
Is í an Afracáinis an t-aon chriól atá bunaithe ar an Ísiltíris agus atá fós á labhairt go forleathan. Tá sí ar cheann d'aon cheann déag de theangacha oifigiúla Phoblacht na hAfraice Theas. Fairis sin, tá sí ar cheann den bheagán criól ar deineadh teanga liteartha di agus a fuair stádas caighdeáin. Tá an Afracáinis agus an Ísiltíris a bheag nó a mhór intuigthe go frithpháirteach, ach is léir gur teangacha ar leith iad.
is gann an fhianaise
a úsáidtear i go leor cáipéisí agus i roinnt litríochta
litríocht agus eolaíocht
Aistriúchán ar an mBíobla, an Statenbijbel, cruthaíonn S. Stevin téarmaíocht eolaíoch, Ré Órga an chultúir Ísiltírigh
Comhdháil in Gent
An chéad chomhlitriú
Athchóiriú Marchant ar an litriú - díothaíodh foircinn na dtuiseal
Coigeartú ar an litriú agus litriú malartach ("bán").
Ní furasta a chinneadh cé mhéad litreacha atá in aibítir na hÍsiltírise. De ghnáth luaitear 26 litir, ach ní úsáidter q, x agus y ach amháin in iasachtaí. Tá conspóid i dtaobh na délitreach "IJ, ij" (amhail i IJsland - an Íoslainn), an litir ar leith í nó nach ea. Úsáideann an Ísiltíris chomh maith sraith leathan síntí fada, thart ar 15 acu (féach figiúr thíos), ná fuil san áireamh mar litreacha neamhspleácha ach oiread. Ní mór litriú an Bhéarla a bheith ag cainteoir Ísiltírise, ós rud é ná fuil aon roghanna eile seachas na hiasachtaí ( {baby, privacy,). Rud ar leith i litriú na hÍsiltírise is ea an teaglaim litreacha" 's-" - ‘s-Gravenhage, {sound3 } - rud ná fuil le fáil ach san Ísiltíris.
Tá thart ar 40 fuaim (fóinéim) san Ísiltíris: 24 chonsan agus 16 ghuta, lena n-áirítear 4 dhéfhoghar. Tá an-tábhacht leis an idirdhealú idir gutaí fada agus gearra. I leabhar Guinness na dTaifead luaitear an chanúint Ísiltírise Weert mar an gcóras teanga is mó ar domhan a bhfuil gutaí aige.
Ar cheann de na fuaimeanna is deacra do dhaoine nach cainteoirí dúchais iad tá fuaimniú an défhoghair ui ([œy], "oinniún") agus an t-idirdhealú idir an "fhuaim-f" agus an "fhuaim -v" (fuaim thréitheach san Ísiltíris. Is í an fhadhb atá ann nach creathacht an difríocht atá eatarthu ach fad coibhneasta). Tá "fuaimeanna-h" éagsúla ann freisin (g, ch, [ɣ], [x] agus h - chaos, lach, hoog).
Tá foclóir na hÍsiltírise Gearmáinic den chuid is mó ach tá a lán iasachtaí ón Laidin, Gearmáinis, Fraincis, agus ón mBéarla - a bheag nó a mhór san ord sin in am agus líon na n-iasachtaí. Ach tá an chuid is saibhre den Ísiltíris sna pictiúir agus sna nathanna seachas sna focail, a thugann gné amhairc don teanga seo. Tugtar beeldspraak (caint pictiúir) air agus tá an-mheas air in aon chineál tráchtaireachta. Tá na habairtí do-aistrithe do theangacha eile, den chuid is mó.
Tá cáil ar na hOllainnigh, i measc nithe eile, as a bheith an-cheanúil ar an scátáil, is iomaí focal ón réimse seo atá do-aistrithe, agus tagann go leor acu ón bhFreaslainnis. Sampla amháin: klunen a chiallaíonn "ag siúl ar scátaí thar píosa talún idir dhá limistéir atá clúdaithe le hoighear". Ciallaíonn Koek-en-zopie "píosa císte agus deoch the a óltar le linn scátála, nó both a dhíolann é sin." Tá baint ag téarmaí eile do-aistrithe le huisce, cainéil, cladáin, locháin, lochanna srl. - mar is é an t-uisce an toisc is tábhachtaí ar fad i saolré an náisiúin seo atá faoi bhun leibhéal na mara. Tógadh cuid de na focail sin isteach i dteangacha eile agus ina measc tá {boulevard (ar dtús: bolwerk - "bábhún", "urdhún", "baracáid", "déantús cosanta os comhair dúin"), {mannequin (ar dtús ón bPléimeannais: mannekke - "buachaill, ógfhear, fear óg, buachaill beag"), {boss (ar dtús: baas). Is iomaí téarma muirí agus cabhlaigh i mBéarla agus i Rúisis a thagann ón Ísiltíris, mar shampla an tinneas "scurvy", "scorbutus" (ar dtús: scheerbuik - bolg gortaithe). Agus ar ndóigh is eol do chách polder, dike, klomps agus {tiúilipí.