Ar aghaidh chuig an inneachar

Bulgáiris

Български език

Líon na gcainteoirí dúchais

thart ar 7 milliún sa Bhulgáir, 10-12 milliún cainteoir ar fud an domhain

Teanga oifigiúil i

An Bhulgáir, Sliabh Athos (An Ghréig), AE

Teanga mhionlaigh i

An Rómáin (cineál an Banat), an tSeirbia, an tSlóvaic, an Úcráin, an Ungáir

Teanga diaspóra

An Astráil, An Albáin, Ceanada, SAM, an Fhrainc, an Ghréig, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Tuirc, an Ríocht Aontaithe, an Mholdóiv, i measc na bpobal eisimirceach ar fud an domhain

Aibítir
Coireallach, 30 litir
Tuisil gramadaí
0
Cód teanga
bg, bul
Saintréitheacht theangeolaíoch
infhillte , forainm ar lár , SVO
Fine teangacha
Ind-Eorpach; Balta-Shlavach; Slavach; Slavach Theas
Líon na gcanúintí
thart ar 70 canúint, iad roinnte ina 2 ngrúpa mhóra (Oirthear agus Iarthar)

An focal is sia

Ná gníomhaígí i gcoinne an bhunreachta! (iolra)
39 litir (ní chuirtear an focal i bhfoclóirí oifigiúla)

Focal nó abairt aisteach

Ar feadh nóiméid bhíos i gcathaoir uilleach, aisteach,phluis, ghíoscánach
panagram 33-litir - abairt a bhaineann úsáid as gach litir san aibítir, ar a laghad uair amháin
Tá Nina ag ciceáil anfhlatha.
palandróm 15-litir - frása a léitear mar an gcéanna ar aghaidh nó ar gcúl

Stair

Bhí an tSean-Bhulgáiris lárnach chun litearthacht a leathadh i measc na dteangacha Slavacha eile - chruthaigh Constantinus and Methodius an chéad leagan scríofa den teanga sa 9ú céad agus ina dhiaidh sin d'úsáidtí mar theanga liteartha ar fud an domhain Shlavaigh í.

  • < 860

    Réamhstairiúil: idir an imirce Shlavach chuig tíortha na mBalcán thoir agus misean Naomh Coireall and Methodius go dti an Mhoráiv Mhór

  • 9 - 11ú céad

    Sean-Bhulgáiris

  • 12 - 15ú céad

    Meán-Bhulgáiris

  • ón 16ú céad

    Nua-Bhulgáiris

Córas scríbhneoireachta agus fuaimniú

  • а
  • б
  • в
  • г
  • д
  • е
  • ж
  • з
  • и
  • й
  • к
  • л
  • м
  • н
  • о
  • п
  • р
  • с
  • т
  • у
  • ф
  • х
  • ц
  • ч
  • ш
  • щ
  • ъ
  • ь
  • ю
  • я

Sa bhliain 886 AD, a tugadh isteach in Impireacht na Bulgáire an aibítir Ghlagalach a cheap Naoimh Coireall and Methodius sna 850í.

Tháinig an aibítir Choireallach de réir a chéile in ionad na haibítre Glagalaí sna céadta bliain ina dhiaidh sin, nuair a forbraíodh i dtús an 10ú céad í. D'úsáidtí roinnt aibítrí Coireallacha agus 28-44 litir iontu ag tús agus i lár an 19ú céad go dtí go bhfuir an aibítir le 32 litir forlámhas sna 1870í. D'úsáidtí an aibítir sin go dtí an t-athchóiriú ortagrafach i 1945 nuair a baineadh na litreacha Ѣ, ѣ, agus Ѫ, ѫ as an aibítir, rud a laghdaigh líon na litreacha go 30. Tráth aontachas na Bulgáire leis an Aontas Eorpach an 1 Eanáir, 2007, rinneadh tríú aibítir oifigiúil AE den aibítir Choireallach.

Bíonn béim an fhocail dinimiciúil, sainiúil sa Bhulgáiris :

  • въ̀лна
    olann
  • вълна̀
    tonn
  • пáри
    gal
  • парѝ
    airgead

Gramadach

Tá dhá uimhir sa Bhulgáiris - uatha agus iolra. Chomh maith le horduimhreacha agus focail няколко (roinnt), úsáideann ainmfhocail fhirinscneacha foirm speisialta comhairimh in -а / -я, a eascraíonn ó uimhir dhé na Próta-Shlaivise: два/три стола (dhá/trí chathaoir) i gcomparáid le {sound3 } (na cathaoireacha seo).

Tá trí inscne gramadaí sa Bhulgáiris: firinscneach, baininscneach agus neodrach. Is féidir inscne an ainmfhocail a fháil de ghnáth óna fhoirceann: bíonn ainmfhocail a chríochnaíonn ar chonsan firinscneach go ginearálta; iad siúd a chríochnaíonn ar -а / -я, bíonn siad baininscneach; agus ainmfhocail a chríochnaíonn ar -е, -о bíonn siad beagnach i gcónaí neodrach.

Níl tuisil ann ach amháin sna forainmneacha pearsanta, a mbíonn ainmneach, áinsioch agus tabharthach acu. Tá rianta de na tuisil san fhorainm pearsanta ceisteach firinscneach кой ("who" mar atá sa Bhéarla foirmiúil, "whom"), agus i roinnt aonad frásacha agus nathanna. Tá an Gairmeach in úsáid go fóill, áfach, tá claonadh chun é a sheachaint in go leor ainmneacha pearsanta.

Cuirtear sonracht in iúl le halt sonrach a cheanglaítear leis an ainmfhocal. I bhfrásaí aidiacht-ainmfhocal, ní thógann ach an aidiacht foirceann an ailt shonraigh. Tá ceithre alt shonracha san uatha. Ainmfhocail a chríochnaíonn ar chonsan agus atá firinscneach, úsáideann siad -ът / -ят más ainmní iad, agus -а / -я in aon áit eile. Ainmfhocail a chríochnaíonn ar chonsan agus atá baininscneach, chomh maith le ainmfhocail a chríochnaíonn ar -а / -я (a bhformhór baininscneach, freisin), úsáideann siad -та. Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -е / -о, úsáideann siad -то.

Is é -те an t-alt sonrach iolra do gach ainmfhocal ach amháin dóibh siúd a bhfuil iolra acu a chríochnaíonn ar -а / -я; bíonn -тa acusan ina ionad sin.

Is iad na briathra an chuid is casta de ghramadach na Bulgáirise, go háirithe nuair a chuirtear i gcomparáid le teangacha Slavacha eile iad. Infhilltear iad do phearsa, uimhir agus uaireanta inscne. Tá acu freisin gné foclóra (foirfeach agus neamhfhoirfeach), faí, naoi n-aimsir, trí mhodh, ceithre fhianaiseach agus sé fhoirm bhriathartha neamh-críochta. Toisc gur féidir ainmní an bhriathair a thuiscint as an bhfoirceann briathartha, fágtar ar lár go minic é. Toisc nach bhfuil aon infhinideach sa Nua-Bhulgáiris is í foirm bhunúsach an bhriathair an aimsir láithreach shimplí, an chéad phearsa uatha.

Canúintí

Tá thart ar 70 canúint (40 sa Bhulgáir agus thart ar 30 i dtíortha eile), iad roinnte ina 2 ngrúpa mhóra (Oirthear agus Iarthar) le leaganacha éagsúla den ghuta coiteann Slavach yat (Ѣ).

I gcanúintí an Iarthair ("urlabhra chrua") fuaimnítear an yat "e" i ngach ionad. m.sh. млеко (mlekò) - bainne, хлеб (hleb) - arán.

I gcanúintí an Oirthir ("urlabhra bhog") malartaíonn iar-yat idir "ya" agus "e": fuaimnítear mar "ya" é má bhíonn sé faoi bhéim agus ná fuil guta caol (e nó i) sa chéad siolla eile - m.sh. мляко (mlyàko), хляб (hlyab), agus mar "e" aon áit eile - mar shampla млекар (mlekàr) - fear bainne, хлебар (hlebàr) - báicéir.

Focail théamacha

Seanfhocail agus nathanna traidisiúnta atá greannmhar nó corr

Rabhlóga

Ar ais go barr