Déanann saintréitheacht teanga staidéar ar theangacha, agus aicmíonn sé iad, de réir gnéithe difriúla. Cuireann sé ar ár gcumas teangacha a aicmiú ina ngrúpaí níos mó i gcomhréir leis an mbealach a úsáideann siad fuaimeanna, cineálacha deilbhíochta atá acu nó ná fuil acu, agus conas a chuireann siad ord ar mhíreanna in abairtí. Is féidir roinnt gnéithe a fháil ar fud an domhain i dteangacha neamhghaolmhara. Má bhíonn gné éigin i bpáirt ag dhá theanga, ní gá go mbeadh gaol eatarthu i ngeall air sin.

Ord bunúsach na bhfocal

Ceann de na bealaí is coitianta chun teangacha a aicmiú, sin an t-ord is minice briathar (V), ainmní (S) agus cuspóir (O) in abairtí amhail "itheann an cat an luch":

SVO ("an cat itheann an luch"),

SOV ("an cat an an luch itheann"),

VSO ("itheann an cat an luch"),

OSV ("An luch an cat itheann"),

OVS ("an luch Itheann an cat"),

VOS ("Itheann an luch an cat"),

Is teanga SVO é an Béarla, mar tá gach ord eile mícheart nó athaíonn siad an bhunbhrí (ciallaíonn "Itheann an luch an cat" rud an-difriúil). I roinnt teangacha eile, amhail an Russian, bheadh na habairtí sin go léir i gceart, cé go bhféadfadh ord amháin a bheith i bhfad níos coitianta (sa chás seo, SVO). I roinnt teangacha, braitheann an t-ord ar pharaiméadair éagsúla. SVO de ghnáth a bhíonn san Fhraincis , ach SOV nuair is forainm an cuspóir.

Is iad na hoird is coitianta SVO (atá le fáil i mBéarla, Indinéisis, Sínis, Spáinnis agus na mílte teangacha eile) agus SOV (atá le fáil sa tSeapáinis, Peirsis, Hiondúis agus Tuircis agus teangacha eile). Níl VSO chomh coitianta (le fáil san Araibis chaighdeánach, san Eabhrais agus sa Ghaeilge), agus na trí ord eile, a chuireann an cuspóir roimh an ainmní, níl siad le le fáil ach i níos lú ná 5% de theangacha an domhain. Mar staróg, labhraítear Iódais san ord OSV (láidir leis an bhFórsa atá tú, ach nuair is 900 bliain a shroicheann tú, cuma chomh breá ní bheidh ort).

Toin agus béim

Úsáideann roinnt teangacha an ton chun focail a idirdhealú óna chéile. Ar cheann de na samplaí is cáiliúla tá Mandairínis-Sínis, a bhfuil ceithre thon aici. Mar shampla, ciallaíonn (le ton ard) "smaoineamh", ciallaíonn (le ton atá ag titim) "ceithre" agus ciallaíonn (le ton íseal agus é ag titim agus ansin ag ardú) "bás". Tá teangacha ton coitianta in Oirthear na hÁise (teangacha Síneacha eile, Burmais, Téalainnis, Vítneaimis agus cinn eile) ach tá siad le fáil freisin san Afraic (Iarúibis) agus i Meiriceá (Navachóis).

Teangacha ná bíonn toin acu, is gnách go mbíonn béim acu (siolla amháin á fhuaimniú níos láidre ná na cinn eile). I roinnt teangacha, bíonn an bhéim i gcónaí ar an siolla céanna (an chéad siolla san Ungáiris, an ceann deiridh sa Fhraincis), ach i dteangacha eile bíonn an bhéim tábhachtach agus úsáidtear í chun focail a idirdhealú óna chéile. Is amhlaidh atá sa Bhéarla agus sa Rúisis: Is ainmfhocal “increase” ach is briathar “increase”, agus sa Rúisis, ciallaíonn “muka” "plúr" ach ciallaíonn “muka” "pianadh".

Teangacha aonraíocha agus teangacha sintéiseacha

Is féidir teangacha a aicmiú freisin tríd an tslí a marcálann siad feidhmeanna gramadaí. I dteangacha aonraíocha ar nós na Sínise, ní bhíonn i bhfocail de ghnáth ach moirféim amháin (aonad teanga a mbíonn brí leis), agus i dteangacha sintéiseacha, bíonn roinnt moirféimí iontu. Tá an Béarla beagán sintéiseach (infhilltear é amhail an iarmhír iolra in books), agus is iomaí infhilleadh a bhíonn i dteangacha ar nós na Laidine. Tá roinnt teangacha ar nós Ionúitis (a labhraíonn na hIonúitigh) agus uaireanta tugtar teangacha polaisintéiseacha orthu mar úsáideann siad an-chuid táthmhíreanna infhillte, agus freagraíonn focal amháin i dteangacha den sórt sin d'abairt iomlán i dteangacha eile.

Is féidir teangacha sintéiseacha a roinnt ina dteangacha comhtháite agus ina dteangacha gleanúna. I dteangacha gleanúna, bíonn feidhm amháin de ghnáth ag gach moirféim agus bíonn go leor moirféimí i bhfocail. Sampla maith de theanga ghleanúna is ea an Tuircis. Ciallaíonn an focal evlerimde "i mo thithe" agus tá sé comhdhéanta as na moirféimí seo a leanas: ev (teach), -ler (iolra), -im (mo) and -de (in). I dteangacha comhtháite, cuireann táthmhíreanna feidhmeanna le chéile. San fhocal Spáinnise {habló} ("labhair sé"), léirítear an aimsir chaite agus ainmní sa tríú pearsa uatha san aon am.

Níl aon teorainneacha soiléire idir na catagóirí sin, áfach, agus is annamh a bhíonn teangacha go soiléir i gcatagóir amháin.