Réamhrá

Teoiric na brí is ea an tséimeantaic. Is disciplín ildaite í, ina bhfuil leibhéil agus coincheapa éagsúla brí, bídís foclóireach, foirmiúil, struchtúrtha nó feidhmiúil.

Tá sé freisin ina réimse atá lán de dhíospóireachtaí teasaí, mar tá brí níos treallaí, nó níos {coinbhinsiúnaithe, ná mar shamhlódh duine (= Platón). Is beag focal (fuaimeanna ainmhithe Lingvopedia) a bhfuil brí dhíreach, "nádúrtha" aige, agus tá teanga na n-ainmhithe, fiú, siombalach (déanann beacha cumarsáid le rince, agus bíonn ainm ar leith ar gach míol mór).

Sampla maith is ea téarmaí ar dhathanna - in ainneoin gurb ionann córais amhairc bhitheolaíoch an uile dhuine, ní aontaíonn daoine faoi conas an leanúntas nádúrtha dathanna a roinnt ina ndathanna ainmnithe. Bíonn idir 2 fhocal agus 11-12 fhocal shimplí ar dhathanna ag teangacha éagsúla, agus is é dearg an chéad cheann a chuirtear leis na dathanna simplí dubh agus bán, ina dhiaidh sin bíonn téarma nó níos mó ar ghorm-uaine (Berlin & Kay). Ach ní aontaíonn aon duine faoi ionad na dteorainneacha. Ag am mBreatnais, mar shampla, tá focal amháin, {glas}, a chlúdaíonn formhór blue/green an Bhéarla, agus os a choinne sin foroinneann an Rúisis gorm isteach ina n-imireacha dúghorma sinij agus gealghorma goluboj. Agus is measa fós loighic thuairisciúil na nathanna cainte: athraíonn black man an Bhéarla, mar shampla, gofear gorm na Gaeilge. Mar sin, cén dath atá ceart? Ní mór dúinn glacadh leis ná fuil sa bhrí ach úsáid laistigh de chóras (coinbhinsiúnaithe) teanga, mar a déarfadh​​ Wittgenstein. Dá bhrí sin, d'fhill suaimhneas intinne áirithe sa teangeolaíocht le hidirdhealú Saussure idir signifiant agus signifié: bíonn an comhartha neamhspleách ar a bhrí. (Féach freisin Urlabhra agus Machnamh)

Séimeantaic an fhoclóra

Ó tharla go bhfuil focail sorochtana, scoite agus gur aonaid bheaga teanga iad, tá an-iarracht déanta chun focail a shainmhíniú, nó, más féidir sin, brí a fhorordú ó thaobh sanasaíochta (Isidore de Sevilla). Léiríonn an iliomad foclóirí, ciclipéidí agus scéimeanna rangaithe é sin. Is saonta an ní brí a shannadh ar gach focal trí thagairt sa domhan fíor (neamh-teanga), ach ní oibríonn sé sin ach amháin d'ainmfhocail dhílse (ainmneacha) agus tacsanomaíochtaí bitheolaíocha, nó - ag leibhéal níos teibí - focail dheicteacha ar nós mé, tú, sí, anseo, ansin, anois, inné ), mar a thugtar orthu. Ní fhreagraíonn fiormhór na bhfocal, ámh, do rudaí nó do phointí sa spás-am, ach do coincheapa. Agus ós rud é gur san aigne a bhíonn siadsan, is furasta d'aon bheirt nithe atá beagán difriúil a thuiscint leis an bhfocal céanna.

Is cur chuige cuibheasach neodrach an t-aicmiú táblach. Oibríonn sé neamhspleách ar thagraí, sainmhínithe, sanasaíocht agus breathnadóireacht, trína thástáil cé na focail is féidir a chur in ionad a chéile sa chomhthéacs céanna. Mar shampla, cabhróidh an comhthéacs "shuigh sí síos ar ...." chun cathaoir, tolg, stól, cathaoir uillinne, binse a aicmiú mar rudaí comhchosúla (troscán suí). Agus tharlódh gur fusa i bhfad a mhíniú cad is cathaoir ann trína chuspóir a thabhairt (suí ar) seachas í a shainmhíniú go beacht (cé mhéad cos? más ann dóíbh?). Mar sin féin, beidh coincheap ag gach cultúr faoin "uirlis suí thipiciúil", bíodh sin ina chathaoir nó nó ina mhata tatami, agus déanfar cur síos ar nithe eile suí de réir a ndifríochtaí le gnáth-chathaoir. Cén fáth? Tá fianaise thurgnamhach shíceolaíoch go ndéanann daoine struchtúrú ar a dtírdhreach shéimeantach trí choincheapa a chur le chéile timpeall ar fhréamhshamhlacha séimeantacha, mar a thugtar orthu. Má iarrann tú ar dhuine éigin uirlis a ainmniú, ainmnfeofar casúr go minic, beidh uirlis cheoil ina veidhlín, beidh 7 ann mar uimhir ... ach ní teileapaite í, ná asarlaíocht. Níl ann ach éifeachtacht shéimeantach, toisc gur fusa idirdhealú ná sainmhíniú. Tosaíonn páistí le fréamhshamhlacha amhail "madra" agus "úll", ansin fionnann siad cad a chiallaíonn ainmhithe agus torthaí trína fhoghlaim, ón úsáid, cibé an gaire coincheap X do "mhadra" nó do "úll". Agus sin an fáth gur madraí is ea cait ar feadh tamaill (iad bog, gleoite), dar le cuid mhaith páistí, agus gur úlla iad trátaí (iad cruinn, dearg).

Séimeantaic fhoirmiúil agus gnéithe séimeantacha

Tríd an tséimeantaic fhoirmiúil féachtar le huiríll a laghdú go tairiscintí maidir le staideanna a bhfuil luachanna fírinne insainmhínithe, méideanna agus mar sin acu. Go hidéalach, is féidir tairiscintí den sórt sin a léiriú trí úsáid a bhaint as loighic agus réasúnaíocht mhatamaiticiúil. (Insíonn gach polaiteoir bréaga & déanann gach bréagadóir caimiléireacht ar a chuid cánach -> má íocann duine éigin a chuid cánach, ní polaiteoir é).

Cur chuige eile, ná fuil chomh foirmiúil, sin brí a thomhas, mar shampla mamaigh a aicmiú maidir le gnéithe inghrádaithe amhail "cé chomh mór" agus "cé chomh fíochmhar". Fágfaidh sé sin leoin agus tíogair i gcúinne amháin den léaráid, eilifintí agus sioráif i gceann eile, cait agus firéid i dtríú cúinne, agus lucha agus leimíní sa chúinne deiridh. Ag leibhéal níos córasaí, is féidir cur síos ar fhocail mar chuail dhénártha gnéithe séimeantacha adamhacha. Mar shampla, is féidir cur síos ar fheithiclí mar + gluaiseacht, -beo, ar ainmhithe mar + gluaiseacht, + beo, agus ar phlandaí mr -gluaiseacht, + beo.

Séimeantaic struchtúraíoch

Is mór é tionchar an structúraíochais ar an tséimeantaic nua-aimseartha, agus féachtar ar theanga mar líonra de chaidrimh chórasacha. Bunaithe ar phrionsabal an chomhshuíomhachais, féachann teangeolaithe le gaolta séimeantacha a mhapáil ar ghaolta comhréire idir bríonna focal. Is féidir an difríocht idir teach a phéinteáil dearg agus teach dearg a phéinteáil {/ i} a thuiscint ó thaobh comhréire as ord na bhfocal: is cuid é {deargde fhrása ainmfhoclach ( teach dearg {/} i) sa chéad cheannr, ach is cuid de chlásal neamhspleách é (péinteáil - teach - dearg) sa dara sampla. Ó thaobh brí, is ionann sin agus cibé an raibh an teach dearg cheana roimh an bpéinteáil nó ná raibh sé ach dearg tar éis na péinteála. Mar an gcéanna, baineann na teangacha Rómánsacha leas as suíomh na haidiachta chun brí a léiriú. Mar sin, i bPortaingéilis is ionann um pesado lasta agus ualach trom, agus um lasta pesado {/} agus dualgas trom, cúram nó imní.

Tosaíonn gach eolaíocht thuairisciúil leis an aicmiú, agus ní haon eisceacht an tséimeantaic. Ar chóras ordaithe séimeantach amháin tá {teasáras, ar cheann eile tá innéacs ábhar uimhriúil leabharlainne. Acmhainní teanga nua-aimseartha ar nós líonraí séimeantacha agus ointeolaíochtaí, idirdhealaíonn siad idir gaolta éagsúla, amhail

  • Y is ea X (X = {hiopainm, Y = {hipearainm, mar shampla cluiche is ea ficheall
  • "Contrárthacht Y is ea X" ( {focail fhrithchiallacha)), mar shampla {gránna) vs {álainn)
  • Tá X ina [chomhábhar] de chuid Y ( {mírea-ainm), mar shampla {roth), agus {carr)

Ach toisc nach aon iontaoibh teanga, ní féidir a mheas go leanfaidh ointeolaíochtaí teanga na hointeolaíochtaí bitheolaíochta, nó fiú gurb ionann iad i dteangacha éagsúla. Mar shampla, is mamach an deilf ó thaobh bitheolaíochta, ach is minic is iascí ó thaobh teanga, agus más glasraí iad prátaí as Béarla, ní hamhlaidh atá as Gearmáinis agus as Danmhairgis Kartoffeln/kartofler.

Tá coincheap den ordú séimeantach atá úsáideach go hoideolaíoch, sin réimse focal , ina liostaítear, mar shampla, na focail a bhaineann le corp, le galf nó le capall. Uaireanta is ionann réimse focal agus aicmiúi is (mar shampla gairmeacha). Ach is minic ná teorainnítear baill an réimse focal trí hiopainmneacha ná trí aicme focal. Mar sin, sa réimse focal capall, ní hamháin go bhfuil capaill folaíochta, staileanna agus láracha, ach freisin uirlisí (cosúil le diallait), baill coirp (crúba) agus gníomhartha (pór, sodar, seitreach).

Go traidisiúnta, is le lámh a thógtaí ointeolaíochtaí, WordNets agus agus réimsí focal, agus teangeolaithe ag brath go hiomlán ar inbhreithniú agus eolas faoin domhan. Tá an modh beagán suibiachtúil seo arna fheabhsú ó shin trí acmhainní a ghineann ríomhaire atá bunaithe ar bhailiúcháin téacs leictreonacha ollmhóra (cosúil leis an idirlíon), anailís gramadaí uathoibríoch agus staitisticí. Samplaí is ea réimsí focal a ghintear go huathoibríoch le gréasáín comhtharlúcháin (Leipzig Wortschatz), nó foclóirí coibhneasta (DeepDict, Sketch Engine). Tríd an gcomhréir tagann siad ar na nithe seo a leanas, mar shampla: mar is féidir le capall (a) a bheith [fiáin, dorcha, d'adhmad, Traíoch], (b) rudaí a dhéanamh [seitreach, sodar, dul ar chosa in airde], nó (c) go ndéanfaí rudaí dó [a cheangal, grúmaeireacht], trí abairtí ina bhfuil an focal capall le feidhm comhréire mar ainmní nó cuspóir, faoi seach, a mheas.

Séimeantaic fheidhmeach

Leanann formhór na gcóras aicmiúcháin thuas dearbhú JR Firth 1957 go n-aithneoidh tú focal as a chuideachta. I bhfocail eile, baineann an tséimeantaic le húsáid focal agus leis an gcóras teanga. Bíonn focail i gcuideachta a chéile i {gcomhlogaíochtaí. Bíonn roinnt comhlogaíochtaí 100% seasta, agus smaoinítear orthu mar aonaid shingile shéimeantacha ( páipéar uaine, Cothrom na Féinne ), agus bíonn cinn eile comhdhéanta ach gan a bheith seasta ( {sliabh ard, { i} ard teocht, ardFheis, {ard mheán lae).

Ach is fairsinge ná comhlogaíochtaí rialacha na cuideachta focal. Briathra, go háirithe, bíonn sliotáin shéimeantacha acu dá gcuid argóintí comhréire. Mar shampla, bíonn sliotán ainmní do ghníomhaire (daonna) ag muirnigh, sliotán cuspóra do neach beo (duine, ainmhí nó cuid de chorp). San abairt "muirníonn Peadar Sinéad" tá ról séimeantach an GHNÍOMHAIRE ag Peadar, agus Sinéad, toisc í a bheith beo, tá ról an TAITHÍGH aici.

Bealach galánta chun meafar a mhíniú sin breathnú air mar chaismirt idir na cineálacha séimeantacha sliotán agus líontóirí, de ghnáth brúnn an chéad cheann léirmhíniú meafarach ar an dara ceann. Mar shampla, tá aistriú meafarach beochta go coincheapa neamhbheo nuair a labhraíonn file ar ghaotha tráthnóna te ag muirniú a craicinn (gaoth = GNÍOMHAIRE) lom, nó ar mhéara na n-imreoirí 'a mhuirníonn cuair a ghiotáir (giotár = TAITHÍOCH).

Ar ndóigh, bíonn ar léamh feidhme na séimeantaice comhéadan a dhéanamh, ní hamháin síos leis an gcomhréir, ach freisin suas, leis an bpragmataic agus leis an teangeolaíocht shóisialta. Dá bhrí sin, ní dhéantar brí phragmatach (idir lúibíní uilleacha) na samplaí thíos léir sa chomhthéacs, agus ní féidir í a dhíorthú ach ón gcomhthéacs pragmatach:

Beidh mé sa phasáiste [= ag fanacht leat, ná bí ag moilleadóireacht]

Ar stop tú ag cur cluain ar do chailín? [= ba ghnách leat cluain a chur uirthi]

Ealaín agus arm cumhachtach teanga ar aon is ea ionramháil na brí pragmataí. Tá an fear bocht sa sampla sin i dtrioblóid, is cuma cén freagra a thabharfaidh sé. Is féidir greann, agus go háirithe íoróin, a bhaint amach go minic trí léirmhíniú amháin a chur chun tosaigh ar dtús, agus ansin brí na cainte a athrú tríd an gcomhthéacs a leasú, rud a iompóidh ráiteas dearfach ina ráiteas diúltach:

Is í an Bhrasaíl tír na todhchaí[- agus is mar sin a bheidh i gcónaí]

Cad é do thuairim faoi dhaonlathas na Siombáibe? [- Measaim gur smaoineamh maith a bheadh ann]

Díchoilíníodh an Afraic ar shlí dhaonlathach: fear amháin - vóta amháin [- uair amháin]

Ar deireadh, uaireanta cinneann srianta sóisialta roghnú na bhfoirmeacha teanga ar leith. Sa tSeapáinis, mar shampla, tá go leor bealaí chun a rá. Mar shampla an watashi foirmeálta, an washi (fir) coitianta agus an {Atashi} (bean) gleoite. Tá castacht shóisialta teanga le déanaí sa Fhraincis nuair a díothaíodh an fhoirm mhúinte bhaineann neamhphósta Mademoiselle (Miss, Ms), rud ná fágann ach Monsieur (An tUasal) agus Madame (Bean). Ar ndóigh, ós í seo an Fhrainc, bhí go leor ban míshásta a bheith díghrádaithe chuig brí a measann siad a bheith +sean, -mealltach ó thaobh gnéis.