Is ionann an Deilbhíocht agus an chuid den teangeolaíocht a dhéanann anailís ar struchtúr inmheánach na bhfocal agus ar an mbaint a bhíonn aige sin le brí na bhfocal.

Smaoiníonn formhór na ndaoine ar theanga ó thaobh na bhfocal, ach ní hiad na focail príomhsprioc na hanailíse sa deilbhíocht. Ina áit sin, is mó suim na dteangeolaithe sa mhoirféim. Sainmhínítear sin mar an t-aonad is lú brí i ngramadach na teanga nó mar "an t-aonad is lú feidhmiú i gcomhdhéanamh na bhfocal". An rud atá i bpáirt ag an dá chur chuige, sin an smaoineamh faoin aonad is lú a úsáidtear chun focail nó chun gramadach na teanga a thógáil.

Bíonn moirféim amháin ar a laghad i ngach focal, agus féadfaidh i bhfad níos mó a bheith ag cuid acu. Mar shampla, tá sé mhoirféim san fhocal Esperanto plimalboniĝintus (briathar a chiallaíonn 'a bheadh ag dul in olcas').

  • pli-
    níos mó
  • mal-
    a mhalairt
  • bon-
    maith
  • iĝ-
    éirigh
  • int-
    rangabháil chaite ghníomhach
  • -us
    modh coinníollach

Is iomaí ceann é sin, b'fhéidir, ach bíonn níos mó moirféimí fós i bhfocail i roinnt teangacha.

Bíonn moirféimí saor agus sa chás sin is féidir leo bheith leo féin amhail cat i mBéarla nó i kot sa Pholainnis, nó is féidir iad a bheith faoi cheangal, rud a chiallaíonn go mbíonn orthu bheith fara mír éigin eile san fhocal céanna. Tá na foircinn iolra Béarla agus Polainnise -s agus -y faoi cheangal.

  • cat
    kot
  • cat-s
    kot-y

Ní hionann teangacha maidir le cé na moirféimí atá faoi cheangal agus cé na cinn atá saor. San fhocal Spáinnise gato (cat) tá dhá mhoirféim faoi cheangal gat- agus -o, a léiríonn gur ainmfhocal firinscneach é. Má chuirtear -aina ionad, cat baineann is brí leis:

  • gat-o
    (fireann) cat
  • gat-a
    (baineann) cat

Is é katoan focal Esperanto ar {cat}, agus tá dhá mhoirféim ann, an fhréamh kat- agus -o a bhíonn i ngach ainmfhocal coiteann.

Is minic nach ionann an fhoirm a bhíonn ag moirféimí. allamoirf a thugtar ar leaganacha éagsúla den mhoirféim chéanna. Is é macska an focal Ungáirise ar {cat}. Sular féidir an foirceann iolra -k a chur leis, athraítear an guta deiridh ionas gur allamoirf den mhoirféim chéanna iad macska agus macská-: macska + k = macskák.

Cineálacha focal

I ngach teanga, is féidir focail a rangú i ngrúpaí de réir a bhfeidhme in abairtí, agus aicmí focal (nó ranna cainte) a thugtar ar na grúpaí sin.

Níl ach dhá roinn cainte atá le fáil i ngach teanga ainmfhocail agus briathra. Aicmí móra is ea iad araon agus bíonn go leor fo-aicmí acu.

I measc na n-ainmfhocal tá:

  • ainmfhocail choiteanna: ainmneacha le haghaidh rudaí mar aicme: madra, teach, cairdeas
  • ainmfhocail dhílse ainmneacha daoine, ainmhithe nó áiteanna ar leith: Seán, Bran, Beirlín
  • forainmneacha pearsanta tagraíonn siad do dhaoine mar sheoltóir, I, glacadóir, , nó ábhar, siad, abairte.
  • forainmneacha taispeánacha a thagraíonn do rudaí atá in aice láimhe agus láithreach (seo nó níos sia uainn sin, úd).

Tá cineálacha eile forainmneacha ann freisin, ina measc ceisteach ( cé, cad ), diúltach ( aon duine ) agus forainmneacha coibhneasta (a, go ), éiginnte duine éigin, rud éigin .

Is é an t-idirdhealú is tábhachtaí do bhriathra an ceann idir briathra foclóireachta {/ b} (ar a dtugtar freisin briathra iomlána) a chuireann in iúl an rud a dhéanann duine nó rud éigin, amhail snámh, labhair, {/ i} nó ceap {/ i}. Os a choinne sine, briathra cúnta {/ b}, a mbíonn bríonna gramadaí acu, is é sin go úsáidtear iad fara briathra foclóireachta de ghnáth chun aimsir nó modh ar leith a chur in iúl. I measc na samplaí tá {/ b} ag siúl {/ i}, bhí {/ b} imithe .

{Aidiachtaí , a chuireann síos ar thréithe, agus a fheidhmíonn mar aicme focal ar leith (mar atá in a lán teangacha Eorpacha), nó is féidir a mheas mar fho-aicme de chuid na n-ainmfhocal nó na mbriathra.

I bhformhór na dteangacha Eorpacha, is gaire gaol na n-aidiachtaí le hainmfhocail, agus mar thoradh air sin cuireann siad in iúl na catagóirí céanna le hainmfhocail (amhail uimhir agus inscne agus tuiseal). I roinnt teangacha, ar nós na Seapáinise, is fo-aicme de na briathra iad agus léiríonn siad gnáthchatagóirí na mbriathra, amhail aimsir.

taberu = itheann (aimsir láithreach)
tabeta = d'ith
akai = tá dearg
akakatta = bhí dearg

I measc na n-aicmí focal tábhachtach eile tá cónaisc , a chuireann focail nó abairtí le chéile, {dobhriathra , a mhodhnaíonn codanna éagsúla den abairt, agus {réamhfhocail , a léiríonn caidrimh suímh nó eile idir an t-ainmfhocal a mhodhnaíonn siad agus an briathar.

Slite ina n-athraíonn focail

Is féidir próisis dheilbhíochta a roinnt ina dhá gcatagóir. Ní athraíonn athruithe {Infhillte bunbhrí an fhocail. Ina áit sin, léiríonn siad feidhm ghramadaí an fhocail. {paraidím a thugtar ar liosta foirmeacha gramadaí an fhocail. Seo paradím an fhocail Esperanto ar {ainm (nomo) a bhfuil dhá uimhir (uatha agus iolra) agus dhá thuiseal (ainmneach agus áinsíoch) aige.

uatha iolra
ainmneach nomo nomoj
áinsíoch nomon nomojn

Ní smaoiníonn cainteoirí dúchais teanga ar pharadaímí (rud a chuireann ionadh go minic ar chainteoirí nach cainteoirí dúchais iad). Ach uirlis úsáideach is ea paradaímí le cur síos ar theanga agus le teanga a fhoghlaim. Bealach áisiúil chun tagairt do gach ceann d'fhoirmeacha gramadaí focail, sin {léicséim (nó focal foclóireachta). Baineann na ceithre fhocal Esperanto sa pharaidím thuas leis an léicséim chéanna nomo.

Dhá chineál athruithe {díorthaithe atá ann. Is féidir le cineál amháin an roinn cainte lena mbaineann focal a athrú (mar shampla ainmfhocal a athrú go briathar nó aidiacht, aidiacht a athrú go hainmfhocal nó dobhriathar nó briathar a athrú go hainmfhocal). Sa Pholainnis díorthaítear an t-ainmfhocal pytanie (ceist) ón mbriathar pytać (fiafraigh). Cuirtear an foirceann -nie leis an bhfréamh pyta-.

Ní athraíonn cineál eile athraithe díorthaithe an cineál focail ach athraíonn sé an bhrí sách mór ionas gur léicséim nua an toradh. I nGearmáinis, má chuirtear aus- (amach) leis an mbriathar sprechen (labhairt) athraítear an chiall go fuaimniú .

aus- + sprechen = aussprechen

Cuirtear formhór na n-athruithe deilbhíochta i gcrích trí {tháthmhíreanna , sin moirféimí atá faoi cheangal a chur le fréamhacha. Is iad na táthmhíreanna is coitianta réimíreanna , a chuirtear roimh an bhfréamh agus {iarmhíreanna , a chuirtear léi ina diaidh.

Bealach áisiúil le smaoineamh ar fhocail, sin ó thaobh fréamhacha agus tamhan. Is í an {fhréamh an bunfhocal nó an focal foclóireachta agus bíonn sí ann i gcónaí. Is é an {tamhan an fhréamh móide aon táthmhíreanna díorthaíochta ar féidir táthmhíreanna infhillte {/ b} a chur leo. Mar shampla, is fréamh agus tamhan araon é an focal Béarla alphabet. Roinneann an focal alphabetize an fhréamh chéanna, ach is é alphabetize an tamhan anois, agus tá an iarmhír dhíorthaíoch -ize curtha leis chun é a thiontú ina bhriathar.

Cuirtear táthmhíreanna infhillte amhail -d don aimsir chaite nó -ing don rangabháil láithreach leis an tamhan chun na foirmeacha alphabetized agus alphabetizing a thabhairt.

Mar an gcéanna, is féidir an focal Polainnise przeczytam (léifidh mé é (go léir)) a anailísiú mar an fhréamh czyta- (léamh) lena gcuirtear an réimír díorthaithe prze- (trí) chun an tamhan przeczyta- (léigh tríd, é a léamh ar fad) a dhéanamh. Ar deireadh cuirtear an forceann infhillte -m (an chéad phearsa uatha) leis.

Samplaí de dheilbhíocht líneach is ea réimíreanna agus iarmhíreanna (áit a gcuirtear isteach moirféimí in ord líneach). I ndeilbhíocht neamh-líneach tosaíonn moirféim nua sula dtagann deireadh leis an gcéad cheann.

Ag circumfix bíonn dhá chuid atá le feiceáil in áiteanna éagsúla. Déantar cuid mhaith rangabhálacha caite as Gearmáinis leis an circumfix ge- -T, amhail gesagt (ráite):

sag- + ge- -t = gesagt

Bíonn {inmhír laistigh de mhoirféim eile, nó i bhfocail eile, idirbhriseann sí í. I dTagálaigis, lingua franca na nOileán Filipíneach is fréamh é sulat a chiallaíonn {scríobh. Athraíonn an inmhír -um- é go briathar finideach a dhíríonn aird ar an ainmní. Mar sin, ciallaíonn sumulat scríobhann (duine éigin).

{Ablaut, sin modhnú fóinéimeach ar an bhfréamh gan aon mhír eile a chur léi. San Eoraip tá go leor briathra ag na teangacha Gearmáinice a dhéanann an aimsir chaite trí athrú a dhéanamh ar an nguta. Sa Bhéarla is minic a dhéantar an aimsir chaite agus na rangabhálacha caite trí ghuta na fréimhe a athrú, amhail swim a athraíonn go swam san aimsir chaite.

Ar cheann de na cineálacha deilbhíochta is casta tá an {trasmhír , a fhorchuireann patrún thar an bhfréamh. I Máltais, bíonn foirmeacha atá éagsúil ó bhonn ach atá fós gaolmhar ag aidiachtaí de réir inscne. I gcás na n-aidiachtaí sin, is é vCCvC (v = guta, C = consan) an patrún firinscneach, ach is é CvCCa an fhoirm bhaininscneach.

fréamh firinscneach baininscneach
bán b j d , abjad bajda
dubh s w d iswed sewda

I measc na gcineálacha eile tógán deilbhíochta tá comhfhocail {/ b}, a chuireann breis is fréamh amháin le chéile chun tamhan nua a dhéanamh. Is é Sprachwissenschaft an focal Gearmáinise ar theangeolaíocht, comhfhocal a rinneadh ón bhfréamh {Sprache} (teanga) agus Wissenschaft (eolaíocht).

Is fearr le roinnt teangacha comhfhocail chun focail nua a dhéanamh ach is fearr le teangacha eile modhanna eile ar nós ainmfhocail a mhodhnú le frásaí réamhfhoclacha. Is comhfhocal é meilteoir caifei nGearmáinis {Kaffemühle} agus in Ungáiris kavédaraló ach is ainmfhocal fara frása réamhfhoclach é i bhFraincis moulin à café agus i bPolainnis młynek do kawy.

{Eamhnú , sin focal a athrá chun feidhm ghramadaí de shaghas éigin a chur in iúl. San Indinéisis, athdheirtear ainmfhocail chun foirmeacha iolra a dhéanamh, mar atá i buku (leabhar) agus buku-buku (leabhair). Uaireanta ní athdheirtear ach cuid den fhocal, mar atá i dTuircis beyaz (bán) agus bembeyaz (an-bhán).

Ilfhréamhachas, sin athrú iomlán ar an bhfocal chun feidhm ghramadaí a chur in iúl. Is minic gur cúrsaí staire faoi deara é sin. I Spáinnis tagann infinideach agus aimsir fháistineach an bhriathair téigh ón mbriathar Laidine ire ach tá an aimsir láithreach bunaithe ar bhriathar eile Laidine vadere (téigh ar aghaidh).

infinideach ir téigh
aimsir fháistineach iré rachad
aimsir láithreach voy téim, táim ag dul

Saintréitheacht na struchtúr deilbhíochta

Ní hionann mar a chuireann teangacha éagsúla táthmhíreanna isteach. Uaireanta tagraítear do theangacha de réir an chineáil deilbhíochta is mó a mbraitheann siad air. I dteangacha gleanúna cuirtear feidhmeanna gramadaí éagsúla in iúl trí tháthmhíranna ar leith, amhail pearsa, uimhir agus tuiseal, agus cuirtear leis an tamhan iad. Sa Tuircis, is féidir an sampla evlerimin (mo thithe) a thaifeach mar fhréamh amháin agus trí iarmhír.

  • ev-
    teach
  • ler-
    iolra
  • -im-
    mo
  • -in
    de
  • =
  • evlerimin
    de mo thithe

I dteangacha comhtháthaithe, cuireann táthmhíreanna feidhmeanna éagsúla le chéile ionas go léiríonn an foirceann Seicise dar críoch uimhir iolra agus tuiseal ginideach san aon am. Thairis sin, nuair a chuirtear leis an ainmfhocal dům (teach) é, athraíonn guta na fréimhe agus tugann sé domů.

Úsáideann teangacha aonraíocha i bhfad níos lú táthmhíreanna ná teangacha gleanúna nó teangacha comhtháthaithe. Chun gaolta gramadaí a thaispeáint, úsáideann siad meascán d'ord na bhfocal agus focail ar leith a chur isteach do na cineálacha feidhmeanna a thugann táthmhíreanna go minic le fios i dteangacha atá níos dírithe ar an deilbhíocht. Sa Vítneaimis, mar shampla, cuirtear aimsirí in iúl trí mhíreanna a chur roimh an mbriathar foclóireachta.

  • Tôi đã xem phim.
    (Mé caite feic scannán)
    D'fhéachas ar an scannán.
  • Tôi đang xem phim.
    (Mé láithreach feic scannán)
    Táim ag féachaint ar scannán.
  • Tôi sẽ xem phim.
    (Mé fáistineach feic scannán)
    Féachfad ar scannán.

Is fairsinge i bhfad na slite a athraíonn teangacha éagsúla focail d'fhonn a bhfeidhm a athrú ná mar is féidir a léiriú anseo. Fairis sin, cosúil le gnéithe eile den teanga, ní bhíonn próisis dheilbhíochta go hiomlán ina stad riamh agus bíonn cainteoirí na teanga de shíor á n-athrú ar bhealaí beaga a chruthaíonn difríochtaí móra i dteanga le himeacht aimsire.