Is ionann sanasaíocht agus an staidéar a dhéantar ar stair na bhfocal, ar a mbunús, agus ar an tslí ina n-athraíonn a bhfoirmeacha agus a mbríonna le himeacht ama. Maidir le teangacha a bhfuil stair fhada i scríbhinn acu, úsáideann sanasaithe téacsanna le tuiscint a fháil ar an dóigh a úsáideadh focail i rith thréimhsí roimhe sin agus cathain a tháinig siad isteach i dteanga ar leith. Úsáideann sanasaithe teangeolaíocht chomparáideach freisin le heolas a athchruthú faoi theangacha ná fuil aon fhaisnéis ar fáil go díreach fúthu.

Cad as a dtagann focail nua?

Is trí thrí bhunshásra a thagann focail nua isteach i dteanga: iasachtaí, déanamh focal agus siombalachas fuaime.

Iasachtaí

Is ó theangacha eile a thógtar iasachtaí. Tá sé thar a bheith coitianta: tháinig breis is leath na bhfocal {Béarla /link} ar iasacht ón bhFraincis {/} link2 agus ón Laidin, agus tá iasachtaí ón tSínis ina gcodanna tábhachtacha den tSeapáinis, den Chóiréis agus den Vítneaimis.

De ghnáth oiriúnaítear iasachtaí d' fhóineolaíocht {/} agus do litriú na teanga a ghlacann leo. Is ar éigean a bhíonn focail Bhéarla inaitheanta sa tSeapáinis go minic. Mar shampla, is ón mBéarla a thagann バレーボール (borēboru)agus ciallaíonn sé eitpheil, nó "volleyball" as Béarla, ach cuireadh b agus r in ionad v agus l toisc nach ann do na fuaimeanna sin sa tSeapáinis, agus cuireadh guta ag an deireadh toisc nach féidir le focal Seapáinise críochnú ar chonsan. seachas ar n. Ní d'aonghnó a rinneadh na hathruithe sin: borēboru a deirtear go nádúrtha nuair a deir cainteoirí Seapáinise volkeyball {/} de réir rialacha um fhuaimniú a dteanga féin.

Is féidir le hiasachtaí brí éagsúil a fháil sa teanga nua: tagann an focal Rúisise {/} {portfel'} ("mála cáipéisí") ón bhFraincis portefeuille, focal a chiallaíonn "tiachóg". Tá bréag-Bhéarlachas coitianta in a lán teangacha: ciallaíonn Handy "fón póca" i nGearmáinis {/ link2}, focal ná fuil ach gaol indíreach aige leis an mbrí atá le "handy" i mBéarla.

Is féidir focail a thógáil ar athiasacht freisin: is é sin, gur féidir le focal dul sall agus anall idir theangacha. Mar shampla, tógadh an focal Fraincise {cinéma} ón bhfocal Gréigise κίνημα kínima, ​​a chiallaíonn "gluaiseacht", agus ina dhiaidh sin thóg an Ghréigis an focal ar athiasacht ón bhFraincis agus agus d'athlitrigh sí σινεμά sinemá é.

Déanamh focal

Is iomaí slí a bhíonn ag teangacha chun focail nua a chruthú. Ar cheann acu tá díorthú, is é sin focal nua a chruthú ar bhonn focail atá ann cheana féin. Ar chineálacha eile tá comhfhocail, a dhéantar trí fhocail a chur le chéile.

I measc bealaí eile tá acrainmneacha (tagann "radar" ó "radio detection and ranging"), sioscadh ("ad" ó "advertisement") agus portmanteaus ("brunch" = "breakfast" "lunch")

Tá breis eolais faoi dhéanamh focal in Deilbhíocht.

Siombalachas fuaime

Samplaí d'fhuaimfhoclaíocht is ea roinnt focal ar nós "cliceáil".

Conas a thagann éabhlóid ar fhocail?

Tagann éabhlóid ar gach rud a bhaineann le teangacha: foghraíocht, gramadach agus focail. Tagann ann d'fhocail nua, imíonn focail aosta agus athraíonn focail atá ann cheana féin.

Is furasta eolas a fháil ar stair na bhfocal nuair a bhíonn seancháipéisí i scríbhinn ann, ach nuair ná bíonn, cuireann an modh comparáideach ar chumas an teangeolaí teangacha ársa a athchruthú trí chomparáid a dhéanamh ar a sliocht. Gné lárnach amháin den éabhlóid teanga is ea athrú fuaime rialta: ní ar fhocail randamacha a théann athruithe san fhuaimniú i bhfeidhm, ach ar an teanga ar fad. Mar shampla, bhí fuaim G ag sinsearach na dteangacha Slavacha. Coinníodh í i bhformhór na dteangacha, ach i roinnt acu, mar shampla sa tSeicis agus sa tSlóvaicis, athraíodh de réir a chéile go H í: is é gora an focal ar "sliabh" as Rúisis agus as Slóivéinis, ach hora sa tSeicis agus sa tSlóvaicis. Ní i gcónaí a bhíonn na hathruithe fuaime chomh héasca leis sin, toisc ná hathraítear fuaimeanna uaireanta ach amháin i gcomhthéacsanna áirithe (ag deireadh focail, roimh ghuta, srl.), ach is é sin an prionsabal ginearálta a úsáideann teangeolaithe chun teangacha a chur i gcomparáid agus a sinsirigh a athchruthú.

Is féidir leis na mílte bliain éabhlóide focail a athrú an oiread sin go mbíonn siad do-aitheanta: thug an focal Próta-Ind-Eorpach {kmtom*}, a chiallaíonn "céad" (úsáideann teangeolaithe an tsiombail * lena chur in iúl gur athchruthaíodh focal agus ná fuarthas riamh i dtéacs é), focail chomh héagsúil le šimtas as Liotuáinis, sto sna teangacha Slavacha, cent as Fraincis, صد sad as Peirsis agus εκατό ekató as Gréigis.

Déantar athchruthú teangacha níos deacra trí iasachtaí agus trí athruithe i mbríonna na bhfocal: ciallaíonn "decimate" "scrios beagnach go hiomlán" anois, ach "duine as gach deichniúr a mharú" an bhrí a bhíodh leis, agus tagann an focal Fraincise travail ("obair ")as an Laidin tripalium (uirlis le daoine a chéasadh).