Ar aghaidh chuig an inneachar

Spáinnis

Español

Líon na gcainteoirí dúchais

thart ar 450 milliún

Teanga oifigiúil i

Meicsiceo (110 milliún), An Cholóim (47 milliún), An Spáinn (46 milliún), An Airgintín (40 milliún), Peiriú (28 milliún), Veiniséala (27 milliún), An tSile (17 milliún), Guatamala, Eacuadór, Cúba, an Phoblacht Dhoiminiceach, an Bholaiv, Hondúras, Paragua, El Salvador, Nicearagua, Costa Ríce, Pórtó Ríce, Panama, Uragua, an Ghuine Mheánchriosach, An Sahára Thiar, AE

Teanga mhionlaigh i

Na Stáit Aontaithe, an Bheilís, Andóra, Giobráltar, Iosrael

Teanga diaspóra

Na Stáit Aontaithe, Ceanada, an Astráil, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an Eilvéis, an Ghearmáin, an Bhrasaíl, Maracó, Iosrael, an Ailgéir.

Aibítir
27litreacha
Tuisil gramadaí
0
Cód teanga
es, spa
Saintréitheacht theangeolaíoch
infhillte , forainm ar lár , SVO
Fine teangacha
Ind-Eorpach, Rómánsach
Líon na gcanúintí
cúpla céad canúint (Eorpach: Tuaisceart na Leithinse, Lár-Dheiscirt na Leithinse, Deiscirt na Leithinse, Canáiris; Meiriceánach: Meicsiceo, an Mhuir Chairib, Andéach-Aigéan Ciúin, Río de la Plata, Sileach, Meiriceá Láir)

An focal is sia

ceimic, Cyclopentanoperhydrophenanthrene

Focal nó abairt aisteach

ota-iaraingeolaíocht
fear bóthair iarainn
baile i Meicsiceo, focal a úsáidtear mar rabhlóg

Réamhrá

Spáinnis (español), ar a dtugtar freisin Caistílis (castellano), is teanga Rómánsach í a thosaigh i réigiún Castilla na Spáinne. Amhail na teangacha Rómánsacha eile, shíoraigh sí ón Laidin labhartha, tar éis theacht na Rómhánach go Leithinis na hIbéire (218 RC). Coilíniú Mheiriceá, arna thionscnamh sa 16ú céad, faoi deara an Spáinnis a scaipeadh thar limistéir mhóra i Meiriceá Theas agus Thuaidh. Tar éis dóibh a gcuid neamhspleáchais a fháil, thosaigh tíortha nua Mheiriceá an próiseas um aontú teanga.

Tá an Spáinnis mar theanga dhúchais ag thart ar 450 milliún duine, rud a chiallaíonn gurb í an dara teanga sa domhan í, tar éis Mhandairínis na Síne, maidir le líon na gcainteoirí dúchais. Tá sí freisin ag 60 milliún cainteoir mar dhara teanga agus ag 20 milliún mac léinn mar theanga iasachta. Is í an tríú teanga is mó a úsáidtear ar an Idirlíon í (agus 182 milliún úsáideoir aici). Tá Spáinnis ar cheann de sé theanga oifigiúla na Náisiún Aontaithe agus úsáidtear freisin mar theanga oifigiúil in AE, Mercosur, FIFA agus go leor eagraíochtaí idirnáisiúnta eile í.

Stair

  • Roimh an 3ú céad R.C.

    Tionchar réamh-Rómhánach

  • 3ú céad R.C. - 1ú céad A.D.

    Rómhánú Leithinis na hIbéire, tógann an Laidin ionad na dteangacha réamh-Rómhánacha

  • 409 – 711

    Tréimhse imirce - tionchar na Viseagotach

  • 711

    Ionradh na Múrach - tionchar na hAraibise

  • 722

    Tús na hAthghabhála (Reconquista)

  • 13ú céad

    Alfons X Castilla - tús á chur le húsáid na Caistílise go forleathan (Scoil Aistritheoirí Toledo arna bunú)

  • 10 - 14ú céad

    Meán-Spáinnis

  • 12 - 14ú céad

    Teanga na bhfilí liriciúla

  • 1492

    Deireadh an Reconquista

  • 1492

    foilsiú Grammatica le Antonio de Nebrija - an chéad leabhar a dhírigh ar struchtúr teanga Iar-Eorpach eile seachas an Laidin

  • 1208

    An chéad ollscoil sa Spáinn (Universidad de Palencia)

  • 15 - 17ú céad

    Nua-Spáinnis Luath (Spáinnis chlasaiceach)

    sraith na n-athruithe fóineolaíocha agus gramadaí a chlaochlaigh an tSean-Spáinnis go Nua-Spáinnis

  • 15 - 17ú céad

    Fionnachtana, teanga na trádála agus na misinéirí, leathnú na teanga ar fud Impireacht na Spáinne (tionchar theangacha dúchasacha Mheiriceá)

Éabhlóid Teanga i Leithinis na hIbéire

Foinse: Wikimedia Commons

Ar nós na dteangacha Rómánsacha eile, chuaigh an Spáinnis trí roinnt athruithe córasacha fuaime le linn a héabhlóide ón Laidin. Thug sé défhoghair isteach uaireanta, agus rud suimiúil, d'athraigh na cnuasaigh thosaigh PL-, Cl-,FL- go dtí an / ʎ / caol, a scríothtar ll e.g: plorarellorar.

Córas scríbhneoireachta agus fuaimniú

Úsáideann an Spáinnis aibítir na Laidne fara consan breise amháin, ñ, a léiríonn consan caol srónach. Tógann na cúig ghuta an síneadh fada.

  • a
  • á
  • b
  • c
  • d
  • e
  • é
  • f
  • g
  • h
  • i
  • í
  • j
  • k
  • l
  • m
  • n
  • ñ
  • o
  • ó
  • p
  • q
  • r
  • s
  • t
  • u
  • ú
  • ü
  • v
  • w
  • x
  • y
  • z

Tá 5 dhéghraf (péirí de charachtair a úsáidtear le chéile chun fuaim amháin a léiriú): ch, ll, rr, gu agus qu.

Gramadach

Rud suimiúil, tá difríocht ríthábhachtach, chórasach idir an modh táscach agus an modh foshuiteach. Tagraíonn an táscach d'imeachtaí fíora, nó imeachtaí is cosúil a bheith fíor; úsáidtear an foshuiteach chun amhras nó éiginnteacht faoi chásanna hipitéiseacha a chur in iúl.

  • Llegaré aunque mi coche no funciona.
    Tiocfaidh mé cé ná fuil mo charr ag oibriú {/ b}. (tásc).
    (tá a fhios ag an gcainteoir ná fuil an carr ag oibriú)
  • Llegaré aunque mi coche no funcione.
    Tiocfaidh mé fiú mura bhfuil mo charr ag oibriú {/ b} (fosh.)
    (níl an cainteoir cinnte an oibreoih an carr nó ná hoibreoidh)
  • Quizás lo pueden hacer.
    B'fhéidir gur féidir {/ b} leo é a dhéanamh.
    (tá a fhios ag an gcainteoir gur féidir leo ach níl a fhios aige an ndéanfaidh siad)
  • Quizás lo puedan hacer.
    B'fhéidir gur féidir {/ b} leo é a dhéanamh.
    *níl an cainteoir cinnte an féidir leo)

Infhilleadh frása ainmfhoclaigh:

Fireann Baineann
an cat dubh an bord cruinn
Uatha el gato negro la mesa redonda
Iolra los gatos negros las mesas redondas

Infhilleadh frása bhriathartha:

Tá 3 réimniú rialta ag briathar na Spáinnise (-ar, -er, agus -ir), .e.g. hablar (caint), comer (ithe) agus dormir (codladh), chomh maith le roinnt dosaen briathra neamhrialta nó grúpaí briathra. Gné leath-neamhrialta is ea athrú guta idir foirmeacha ina bhfuil béim ar an bhfréamh agus foirmeachta ina bhfuil béim ar an bhfoirceann.

Béim ar an bhfréamh Béim ar an bhfoirceann
querer
teastaíonn ó/gráigh
quiero
teastaíonn uaim/tá grá agam do
queremos
teastaíonn uainn/tá grá againn do
dormir
codail
duermo
codlaím
dormimos
codlaímid

Tábla na n-infhillteacha do bhriathra -ER

Uatha Iolra
1ad pearsa 2ra pearsa 3ú pearsa 1ad pearsa 2ra pearsa 3ú pearsa
Táscach
Láithreach como comes come comemos coméis comen
Neamhfhoirfe comía comías comía comíamos comíais comían
Caite comi comiste comió comimos comisteis comieron
Fáistineach comeré comerás comerá comeremos comeréis comerán
Foshuiteach
Láithreach coma comas coma comamos comáis coman
Neamhfhoirfe comiera / comiese comieras / comieses comiera / comiese comiéramos / comiésemos comierais / comieseis comieran / comiesen
Fáistineach comiere comieres comiere comiéremos comieres comieren
-
Coinníollach comería comerías comería comeríamos comeríais comerían
Ordaitheach come coma comamos comed coman

Ina theannta sin, is féidir na haimsirí cumaisc seo a leanas a dhéanamh leis an mbriathar cúnta haber, agus samplaí sa chéad phearsa uatha:

Táscach Foshuiteach
Comhchaite foirfe he comido haya comido
Comh-ollfhoirfe había comido hubiera comido/hubiese comido
Fáistineach foirfe habré comido hubiere comido
Comhchoinníollach habría comido -

Déanmhas focal agus foclóir

Tagann thart ar 60% d'fhoclóir na Spáinnise ón Laidin, tagann thart ar 10% ón nGréigis, 10% ón nGotais, 10% ón Araibis agus 10% ó theangacha eile (amhail Gearmáinic, Bascais, Ibéiris, Catalóinis, Máigis, Nachuáitlis, Ceatsuais, Aidhmiris agus teangacha eile).

Focail Araibise sa Spáinnis

Tá tionchar mór ag an Araibis ar an Spáinnis toisc go raibh ceannas ag Moslamaigh i Leithinis na hIbéire idir 711 agus 1492. Bíonn na focail sin inaitheanta go minic ón 'al-' (an t-alt Araibise) tosaigh.

  • aceituna
    ológ
  • albornoz
    róba folctha
  • alboroto
    ciréib, áthas
  • alcalde
    méara
  • enchufar
    ionsuigh
  • naranja
    oráiste

Tionchar na dteangacha dúchasacha Meiriceánacha

Nuair a d'fhionnadar tailte nua, ní raibh stór focal ag na hionróirí Spáinneacha le plé leis an dúlra Meiriceánach, mar sin tógadh na mílte ainmneacha ar ainmhithe, plandaí agus ar áiteanna ar iasacht ó theangacha Meiriceá-Indiacha. Ní úsáidtear cuid de na focail sin ach amháin i limistéir shrianta i ndomhan na Spáinnise, ach tá cáil idirnáisiúnta ar chuid eile acu (mar shampla seacláid, tequila {púma).

Focail Spáinne de bhunadh na Nachuáitlise

I measc na bhfocal Nachuáitlise atá doiciméadaithe sa Spáinnis (a labhraítear den chuid is mó i Meicsiceo agus Lár Mheiriceá) tá liosta fada de na focail a léiríonn ainmhithe, plandaí, torthaí agus glasraí, bianna agus deochanna, agus fearais tí.

Críochnaíonn go leor de na focail sin leis an iarmhír -tl i Nachuáitlis. Is deacair do Spáinniseoirí an foirceann sin a fhuaimniú, agus d'athraigh sé sa Spáinnis go -te (e.g. axolotl = ajolote).

  • chapulín
    dreoilín teaspaigh
  • guajalote
    turcaí
  • ocelote
    osalat
  • cacao
    cacó
  • chile
    piobar sillí
  • tomate
    tráta
  • chocolate
    seacláid
  • tequila
    tequila
  • papalote
    eitleog

Focail Cheatsuaise sa Spáinnis

  • pampa
    pampas
  • llama
    láma
  • cancha
    páirc imeartha
  • puma
    púma
  • cóndor
    condar
  • coca
    cóca
  • guano
    guanó

Canúintí

Tá leaganacha réigiúnacha na Spáinnise difriúil óna chéile, níos mó ná san fhoghraíocht agus sa stór focal ná sa ghramadach. Tá na difríochtaí is mó le fáil idir an Spáinnis Eorpach (ar a dtugtar freisin Spáinnis na Leithinse) agus Spáinnis Mheiriceá Laidinigh, ach bíonn difríochtaí freisin laistigh den Spáinn agus Meiriceá Laidineach.

Focail théamacha

Seanfhocail agus nathanna traidisiúnta atá greannmhar nó corr

Ar ais go barr