Rómáinis
Limba română
Limba română
thart ar 24 milliún (an Rómáin agus an Mholdóiv)
An Rómáin, an Mholdóiv, (Tras-dnístria), AE
an tSeirbia, an Ungáir
An Iodáil, an Spáinn, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Ghearmáin, an Ríocht Aontaithe, Ceanada, an Ostair, an Fhrainc, an Bheilg, an Phortaingéil, an Chipir, an Astráil, Éire
Úsáidtear an téarma Rómáinis uaireanta freisin i gciall níos ginearálta, a thagraíonn do cheithre theanga: Daco-Rómáinis, Aromáinis, Megleno-Rómáinis, agus Istro-Rómáinis . Tá an intuigtheacht fhrithpháirteachIs deacair eatarthu agus is sliocht iad ar na cineálacha Rómánsacha a labhartaí ó thuaidh agus ó dheas den Danóib, sular lonnaigh na treibheanna Slavónacha ó dheas den abhainn. Tugtar teangacha Oir-Rómánsacha orthu freisin. Nuair a bhíonn an téarma Rómáinis in úsáid i gciall leathan, úsáidtear an téarma Daco-Rómáinis don Rómáinis féin.
Shíolraigh an Rómáinis ó Laidin na ndaoine, a glacadh i nDáicia go luath sa tréimhse AD. Níl eolas faoi stair na dteangacha Oir-Rómánsacha idir an 3ú céad agus forbairt na Próta-Rómáinise sa 10ú céad, nuair a tháinig an limistéar faoi thionchar na hImpireachta Biosántaí,
D'fhan an Rómáinis neamhfhianaithe le linn na Meánaoiseanna, agus níor tháinig sí isteach i dtaifead na staire go dtí go luath san 16ú céad.
Is é litir Neacșu (1521) an doiciméad ar marthain is sine atá scríofa sa Rómáinis sa script Choireallach. Lean úsáid na scripte Coireallaí (taobh le script na Laidine) go dtí 1860, nuair a tugadh isteach aibítir na Laidine go hoifigiúil.
Cuireadh chun cinn go mór an tuairim gur teanga í an Mholdóivis atá éagsúil ón Rómáinis sa Poblacht Shóisialach Uathrialach Shóivéadach Mholdóvach (a bunaíodh i 1924). D'úsáidtí an aibítir Choireallach chun an teanga a scríobh. Sa bhliain 1932, athraíodh an script go hoifigiúil go Laidin agus b'ionann an litriú leis an Rómáinis chaighdeánach. Aisiompaíodh an treocht i 1938, nuair a fógraíodh an script Choireallach oifigiúil arís. Lean sé sin ar aghaidh tar éis 1940 sa Phoblacht Shóisialach Shóivéadach Mholdóvach (lena n-áirítear Bessarabia, a nasc-ghabhadh i 1940 ón Rómáin) go dtí 1989, nuair a fógraíodh oifigiúil script na Laidine (arís mar an gcéanna leis an Rómáinis). Sa bhliain 1991, athraíodh ainm na poblachta ó Republica Sovietică Socialistă Moldovenească (an Phoblacht Shóisialach Shóivéadach Mholdóvach) go Republica Moldova (Poblacht na Moldóive),
Úsáideann réigiún Tras-dnístria an aibítir Choireallach fós agus tagraíonn sé don teanga mar Mholdáivis.
Ní úsáidtear an litir â i lár na bhfocal; ní bhíonn sí i gceannlitreacha ach amháin i inscríbhinní uilecheannlitreacha.
Is ionann na litreacha î agus â ó thaobh foghraíochta agus feidhme. Ar chúiseanna stairiúla atá an dá cheann ann. ó thionscnamh na teanga sa Laidin.
A Б В Г Д Е Ж Ӂ З И Й К Л М Н О П Р С Т У Ф Х Ц Ч Ш Ы Ь Э Ю Я
а б в г д е ж ӂ з и й к л м н о п р с т у ф х ц ч ш ы ь э ю я
Is í an Rómáinis an t-aon teanga Rómánsach ina bhfuil na an t-alt sonrach {iarchlaonach: is é sin, ag gabháil le foirceann an ainmfhocail (mar atá sna teangacha Lochlannacha, sa Bhulgáiris agus sa Mhacadóinis), in ionad a bheith chun tosaigh (réamhchlaonach). Rinneadh iad, mar atá sna teangacha Rómánsacha eile, as forainmneacha taispeánacha na Laidine.
Aicmítar ainmfhocail na Rómáinise ina dtrí inscne, firinscneach, baininscneach, agus neodrach. Bíonn ainmfhocail neodracha mar ainmfhocail fhirinscneachs san uatha agus mar ainmfhocail bhaininscneacha san uimhir iolra. Ní hamhlaidh a bhíodh sa Laidin.
Má chríochnaíonn ainmfhocail atá ina mbunfhoirm {/ b} (uatha, ainmneach, gan aon alt) le consan nó le leathghuta -u, is gnách iad a bheith firinscneach nó neodrach; má chríochnaíonn siad in -ă or -a, de ghnáth bíonn siad baininscneach.
Fireann | Baineann | Neodrach |
---|---|---|
om
fear
|
bunică
seanmháthair
|
drum
bóthar
|
bou
damh
|
carte
leabhar
|
cadou
bronntanas, féirín
|
copac
crann
|
cafea
caife
|
exemplu
sampla
|
Fuair an Rómáinis cúig thuiseal : ainmneach, ginideach, tabharthach, áinsíoch, agus gairmeach mar oidhreacht ón Laidin. Ó thaobh na deilbhíochta, is ionann an t-ainmneach agus an t-áinsíoch in ainmfhocail; mar an gcéanna, is ionann foirm don ghinideach agus don tabharthach (ní hionann iad sna forainmneacha pearsanta, áfach). Bíonn an gairmeach teoranta de ghnáth do dhaoine nó do rudaí a labhraítear leo, agus tá claonadh nua-aimseartha an t-ainmneach a úsáid ina ionad.
Uatha | Iolra | |
---|---|---|
Ainmneach Áinsíoch |
Fireann | |
băiatul
buachaill
|
băieții | |
Baineann | ||
mama
máthair
|
mamele | |
Neodrach | ||
oul
ubh
|
ouăle | |
Ginideach Tabharthach |
Fireann | |
băiatului | băieților | |
Baineann | ||
mamei | mamelor | |
Neodrach | ||
oului | ouălor |
Uatha | Iolra | |
---|---|---|
Ainmneach Áinsíoch |
Fireann | |
băiat | băieți | |
Baineann | ||
mamă | mame | |
Neodrach | ||
ou | ouă | |
Ginideach Tabharthach |
Fireann | |
băiat | băieți | |
Baineann | ||
mame | mame | |
Neodrach | ||
ou | ouă |
Uatha | Iolra | |
---|---|---|
Gairmeach | Fireann | |
băiatule/băiete | băieților | |
Baineann | ||
mamo | mamelor | |
Neodrach | ||
oule | ouălor |
Difríochtaí foghraíochta is mó a idirdhealaíonn cineálacha na Rómáinise. Tugann na Rómánaigh féin cineálacha nó urlabhraí ar na difríochtaí.
Roinntear canúintí na Rómáinise ina dhá bpríomhchineál, theas agus thuaidh: