Fraincis
La langue française
La langue française
77 milliún cainteoir dúchais agus a lán eile á labhairt mar dhara teanga (150-220 milliún)
An Fhrainc, an Bheilg, an Eilvéis, Monacó, Lucsamburg, AE, Ceanada, Háítí, Vanuatú agus 29 dtír san Afraic.
An Iodáil, Stáit Aontaithe Mheiriceá
An Ailgéir, an Airgintín, an Astráil, Ceanada, an tSile, an Liobáin, Meicsiceo, Maracó, an Nua-Shéalainn, an Túinéis, Uragua
Labhraítear Fraincis i 29 dtír an {Francophonie. Dá bhrí sin, tá roinnt cineálacha Fraincise san Eoraip, san Afraic, i gCeanada, sna Stáit Aontaithe agus san Áise. San Eoraip, tá difríochtaí beaga idir na cineálacha san Eilvéis agus sa Bheilg agus an caighdeán labhartha sa Fhrainc.
Is san Afraic (thart ar 115 milliún i 31 thír) atá an líon is mó cainteoirí dúchais agus cainteoirí Fraincise mar dhara teanga le fáil. Tíortha iar-Impireacht choilíneach na Fraince (An tSeineagáil, An Ailgéir, An Ghabúin, an Túinéis, an Mháratáin, An Cósta Eabhair srl.), is minic a úsáideann siad Fraincis mar chomhréiteach idir na teangacha áitiúla tar éis an neamhspleáchais.
Tá roinnt teangacha criólacha, amhail an Háítis, bunaithe ar fhoclóir na Fraincise.
Úsáideann roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail na Náisiúin Aontaithe, EDT, ECAT, Comhairle na hEorpa, an Chrois Dhearg - an Fhraincis mar theanga oifigiúil, mar a dhéanann Cathair na Vatacáine. Tá de chúram ar an Alliance Française teanga agus cultúr na Fraince a chur chun cinn ar fud an domhain.
Léarscáil a thaispeánann teangacha agus canúintí na Fraince agus na réigiún teorann.
Foinse: Wikimedia Commons
D'fhás an Fhraincis mar theanga Rómánsach ó Laidin na ndaoine, faoi thionchar na teanga Ceiltí a labhraítí sa Ghaill (Tuaisceart na Fraince anois). Bhí Ocatáinis á labhairt i ndeisceart na tíre.
Is é Mionnaí Strasbourg (Serments de Strasbourg 842) an téacs is luaithe.
Rinne Proinsias I teanga oifigiúil riaracháin den Fhraincis i 1539 in ionad na Laidine. Ina dhiaidh sin, tugadh céim síos do theangacha eile san Fhrainc.
Rinneadh teanga idirnáisiúnta den Fhraincis san Eoraip le linn réimeas Louis XIV (17ú céad). Ba í an teanga is tábhachtaí sa taidhleoireacht í ón 17ú céad go dtí lár an 20ú céad, nuair a ghlac an Béarla ról mar theanga idirnáisiúnta.
Scríobhtar an Fhraincis le 26 litir na Laidine agus 14 litir idirdhealaitheacha (à â ç é è ê ë î ï ô ù û ü ÿ) agus 2 nasclitir (æ, œ).
Is le teannas matánach a dhéantar fuaimniú na bhfuaimeanna. Is minic a bhíonn litir dheireanach na bhfocal balbh. Níl aon fhuaim h. Ní fhuaimnítear an h ag tús focail: hôtel [otel] (óstán). Saintréith de chuid an teanga is ea r sine siain na Fraincise.
Tá an litriú casta go leor toisc gur mó i bhfad a scríobhtar ná a fhuaimnítear. Tá réimniú na mbriathra sa scríobh, ach ní idirdhealaíonn an fuaimniú ach trí fhoirm as sé cinn san aimsir láithreach. I dtábla an réimnithe is ionann fuaimniú don uimhir uatha uile agus don tríú pearsa uimhir iolra.
Bíonn cuma níos casta ar fhuaimeanna urlabhra na Fraincise ná mar a mheasfadh an foghlaimeoir teanga mar ní fhuaimnítear roinnt gutaí agus fuaimnítear grúpaí focal le chéile mar aon ní amháin:
Je ne le sais pas (Níl sé ar eolas agam/Ní haithnid dom é)
Tá suas le 13 ghuta ó bhéal agus 4 ghuta shrónacha sa Fhraincis chaighdeánach. Is minic ná fuaimnítear an /ə/, a bhfuil fuaimniú cosúil le œ aige (e muet). De ghnáth, ní fhuaimnítear ag deireadh na bhfocal é mar atá i porte, ach d'fhéadfaí í a fhuaimniú san fhilíocht.
Litir | Sampla | Aistriúchán |
---|---|---|
a à | patte, là | lapa, ansin |
a â | image, pâté | íomhá, bloc |
ai, ei, è | chère, neige, faire | daor, sneachta, déan |
ê | rêve | taibhreamh |
é | été | samhradh |
i | livre | leabhar |
œ, eu | œil, jeune | súil, óg |
eu, eû | peu, jeûne | beagán, troscadh |
e [ə] | je | l |
o, au, eau | mot, peau, beau | focal. craiceann, álainn |
o | mort | bás |
ou | sous | faoi |
u | but | cúl |
Ní fhuaimnítear na gutaí a, o, u agus i faoi shrónú nuair a leanann n iad. | ||
an | dans | i |
on | mon | mo |
un | brun | donn |
in | vin | fíon |
Tá défhoghair sa Fhraincis freisin: oui (‘is ea’), huit (‘ocht’), roi (‘rí’), louer (‘cíos’), ciel (‘spéir’).
Litir | Sampla | Aistriúchán |
---|---|---|
b | beau | álainn |
c, s, ç | cent, sous, ça | céad, faoi, seo |
c, k, q | cause, kilo, cinq | cúis, cileagram, cúig |
ch | chaise | cathaoir |
d | dans | i |
f, ph | fée, photo | sióg, grianghraf |
g, j | gens, journal | daoine, irisleabhar |
g | garde | garda |
l | lait | bainne |
m | mère | máthair |
n | non | ní hea |
gn | campagne | feachtas |
p | porte | doras |
r | rose | rós |
t | triste | brónach |
v | ville | baile mór |
x | expansion | leathnú |
z | gazette | nuachtán |
Bíonn béim an ghutha sa Fhraincis ar shiolla deireanach na bhfocal, ach ní bhíonn ach béim amháin ag focail a fhuaimnítear le chéile mar aonad rithimeach (amhail un petit enfant = 'leanbh beag'). Consain ná fuaimnítear de ghnáth, fuaimnítear uaireanta iad nuair a bhíonn guta ina ndiaidh (fuaimnítear an t deiridh de petit sa sampla thuas). liaison a thugtar air sin.
Chaill an Fhraincis díochlaontaí agus réimnithe casta na Laidne. Tá comhartha d'ainmfhocail agus aidiachtaí san iolra, cé gur go minic balbh é. Úsáidtear ord na bhfocal agus réamhfhocail chun gaol comhréire a chur in iúl. Úsáidtear briathra cúnta chun aimsirí agus modhanna a chur i bhfriotal.
Sa Fhraincis tá dhá inscne (alt firinscneach: le agus alt baininscneach: la), agus aontaíonn an aidiacht, a leanann an t-ainmfhocal de ghnáth (ach amháin roinnt aidiachtaí gearra, coitianta) leis an ainmfhocal in inscne agus in uimhir.
Uatha
Iolra
Sna habairtíní sin, ní fhuaimnítear go héagsúil ach an t-alt san uimhir uatha agus san uimhir iolra.
Bíonn bríonna éagsúla ag roinnt aidiachtaí roimh an ainmfhocal agus ina dhiaidh.
Tá trí ghrúpa réimnithe ag na briathra i gcomhréir le foircinn an infinidigh (-er, -ir, -re).
parler
labhair |
finir
críochnaigh |
mettre
cuir |
||
Láithreach táscach | ||||
---|---|---|---|---|
Uatha | ||||
1ad pearsa | je parle | je finis | je mets | |
2ra pearsa | tu parles | tu finis | tu mets | |
3ú pearsa | il parle | elle finit | il met | |
Iolra | ||||
1ad pearsa | nous parlons | nous finissons | nous mettons | |
2ra pearsa | vous parlez | vous finissez | vous mettez | |
3ú pearsa | ils parlent | elles finissent | ils mettent | |
Neamhfhoirfe | ||||
Uatha | ||||
1ad pearsa | je parlais | je finissais | je mettais | |
2ra pearsa | tu parlais | tu finissais | tu mettais | |
3ú pearsa | il parlait | elle finissait | il mettait | |
Iolra | ||||
1ad pearsa | nous parlions | nous finissions | nous mettions | |
2ra pearsa | vous parliez | vous finissiez | vous mettiez | |
3ú pearsa | ils parlaient | elles finissaient | ils mettaient | |
Láithreach foirfe | ||||
Uatha | ||||
1ad pearsa | j’ai parlé | j’ai fini | j’ai mis | |
2ra pearsa | tu as parlé | tu as fini | tu as mis | |
3ú pearsa | il a parlé | elle a fini | il a mis | |
Iolra | ||||
1ad pearsa | nous avons parlé | nous avons fini | nous avons mis | |
2ra pearsa | vous avez parlé | vous avez fini | vous avez mis | |
3ú pearsa | ils ont parlé | elles ont fini | ils ont mis | |
Fáistineach | ||||
Uatha | ||||
1ad pearsa | je parlerai | je finirai | je mettrai | |
2ra pearsa | tu parleras | tu finiras | tu mettras | |
3ú pearsa | il parlera | elle finira | il mettra | |
Iolra | ||||
1ad pearsa | nous parlerons | nous finirons | nous mettrons | |
2ra pearsa | vous parlerez | vous finirez | vous mettrez | |
3ú pearsa | ils parleront | elles finiront | ils mettront | |
Coinníollach láithreach | ||||
Uatha | ||||
1ad pearsa | je parlerais | je finirais | je mettrais | |
2ra pearsa | tu parlerais | tu finirais | tu mettrais | |
3ú pearsa | il parlerait | elle finirait | il mettrait | |
Iolra | ||||
1ad pearsa | nous parlerions | nous finirions | nous mettrions | |
2ra pearsa | vous parleriez | vous finiriez | vous mettriez | |
3ú pearsa | ils parleraient | elles finiraient | ils mettraient | |
Ordaitheach | ||||
Uatha | ||||
1ad pearsa | ||||
2ra pearsa | parle | finis | mets | |
3ú pearsa | ||||
Iolra | ||||
1ad pearsa | parlons | finissons | mettons | |
2ra pearsa | parlez | finissez | mettez | |
3ú pearsa |
Ní úsáideann an Fhraincis comhfhocail, ach friotal cumaisc amhail:
Tá na huimhreacha bunaithe ar an seanchóras Ceilteach, ar nós na Gaeilge, a úsáideann 20 mar bhonnuimhir. Dá bhrí sin is é 80 quatre-vingts ('ceithre scór') agus is é 95 quatre-vingt-quinze ('cúig déag agus ceithre scór'). I bhFraincis na Beilge agus na hEilvéise (chomh maith le roinnt cineálacha eile) úsáidtear deich mar bhonnuimhir ionas go ndeirtear 95 iontu mar nonante-cinq.