Ar aghaidh chuig an inneachar

Fionlainnis

Suomen kieli

Líon na gcainteoirí dúchais

4,994,490, ina measc 4,700,000 san Fhionlainn

Teanga oifigiúil i

An Fhionlainn, AE

Teanga mhionlaigh i

An tSualainn, Karelia (Cónaidhm na Rúise)

Teanga diaspóra

An tSualainn, an Eastóin, an Iorua, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Cónaidhm na Rúise, Ceanada

Aibítir
29 (26 na Laidne + ä, ö, å)
Tuisil gramadaí
15
Cód teanga
fi, fin
Saintréitheacht theangeolaíoch
gleanúna , cumascach , armóin gutaí , forainm ar lár , SVO
Fine teangacha
Úralach/Fionn-Úgrach, Fionlainneach
Líon na gcanúintí
3 phríomhghrúpa canúintí: canúintí an Tuaiscirt (Keski- ja pohjoispohjalaiset murteet, peräpohjalaiset murteet), canúintí an Oirthir (savolais- ja kaakkoismurteet) agus canúintí an Iarthair (lounaismurteet, lounaiset välimurteet, hämäläismurteet, Etelä-Pohjanmaan murre).

An focal is sia

ní, fiú amháin, trína heaspa eagraíochta, an dóígh leat

Focal nó abairt aisteach

Níl an greadtóir folctha freagrach ach amháin as an duine faoi seach atá freagrach as an ngreadtóir folctha.

Stair

Teanga Fhionn-Úgrach is ea an Fhionlainnis. In éineacht leis na teangacha Samaéadacha, déanann na teangacha Fionn-Úgracha an fhine teanga Úralach. Tá an figiúr a leanas ina léiriú grafach ar fhorbairt stairiúil na fine teanga Úralaí.

Forbairt stairiúil na fine teanga Úralaí (foinse:http://www.regulytarsasag.hu/madartavlatbol a luann Finnougor Kalauz., a chuir Martha Csepregi in eagar. Medicina Publishing Co, 2001.)

Measann a lán daoine go bhfuil an Fhionlainnis agus teangacha eile na Fionlainne 'Lochlannach'. Go deimhin, níl aon ghaol ag an bhFionlainneis le Sualainnis nó le hIoruais. Níl aon mhórtheanga Eorpach eile a bhfuil comhshinsearacht aici leis bhFionlainnis ach an Ungáiris. Lena léiriú cé chomh gar atá an gaol, ní cosúla an Fhionlainnis leis an Ungáiris ná an Ghaeilge le hAlbáinis nó Rúisis, abraimis. Na teangacha is cosúla leis an bhFionlainnis, sin na teangacha Bailt-Fhionlainneacha eile: Eastóinis, Cairéilis, Veipsis, Livvis, Ingris. srl. Tá cainteoirí Fionlainnise in ann Cairéilis a thuiscint agus, go pointe áirithe, Eastóinis. Tá an Fhionlainnis ar cheann de na teangacha Fionn-Úgracha is cumhachtaí. Tá stádas oifigiúil san Fhionlainn agus in AE aici, agus tá beagnach 5 milliún cainteoir aici. Formhór na dteangacha comhchosúla, is i gCónaidhm na Rúise a labhraítear iad. is iomaí teanga acu atá i mbaol díothaithe. Taispeánann an tábla thíos 15 fhocal as Fionlainnis agus i dteangacha eile Fionn-Úgracha.

Focail ghaolmhara san fhine teangacha Fhionn-Úgrach.

fi ee ve sa ma er ud ko kp ha ma hu
súil silmä silm sil’m čalbmi шинча сельме син син син сэм сам szem
teanga kieli keel kel' giella йылме кель кыл кыв кыв ньалəм нēлым nyelv
croí sydän süda südäin válbmu шӱм cедей сюлэм сьöлöм сьöлöм сăм сым szív
fuil veri veri veri varra вӱр вeрь вир вир вир ўр кēлп vér
domlas sappi sapp sap sáhppi шекш сэпе сэп сöп сöп сып восьрам epe
oighear jää jää jiekŋa ий эй йö йы йи йэк яӈк jég
scamall pilvi pilv pil’v balva пыл пeль пилем кымöp пив пăлəӈ тул felhő
abhainn joki jõgi jogi johka эҥep ёв шур ю ю йŏхан я folyó
nead pesä pesa peza beassi пыжаш пизэ kap пoз пoз тыхəл пити fészek
a haon yksi üks üks’ okta ик вейке одиг öтік öти ит акв egy
a dó kaksi kaks kaks’ guokte кoк кaвтo кык кык кык кăтəн кит kettő
a trí kolme kolm koume golbma кум колмо куинь куим куим хулəм хȳpӯм három
a ceathair neljä neli nel’ njeallje ныл нилe ньыль нёль нёль ньăл нилa négy
a cúig viisi viis viž vihtta вич вете вить вит вит вeт ат öt

Canúintí

Tá trí phríomhghrúpa canúintí: canúintí an Tuaiscirt, an Oirthir agus an Iarthair.

Canúintí na Fionlainnise

  1. Lounaismurteet
  2. Hämäläismurteet
  3. Etelä-Pohjanmaan murre
  4. Keski- ja pohjoispohjalaiset murteet
  5. Peräpohjalaiset murteet
  6. Savolaismurteet
  7. Kaakkoismurtee

Foinse: Wikimedia Commons

I gcomparáid le teangacha eile na hEorpa, tá ranna canúna na Fionlainnise mór go leor. Is í an roinnt is mó idir na canúintí Fionlainnise an ceann idir canúintí an Oirthir agus an Iarthair. Baineann na difríochtaí i gcanúintí den chuid is mó le foghraíocht agus fóineolaíocht, ach tá roinnt difríochtaí foclóireachta suimiúla. Mar shampla, is é an focal ar chraobh na beithe a úsáidtear sa sabhna vihta san Iarthar agus vasta i dTuaisceart agus in Oirthear na Fionlainne.

Dáileadh vasta agus vihta. .

Córas scríbhneoireachta agus fuaimniú

  • a
  • å
  • ä
  • b
  • c
  • d
  • e
  • f
  • g
  • h
  • i
  • j
  • k
  • l
  • m
  • n
  • o
  • ö
  • p
  • q
  • r
  • s
  • t
  • u
  • w
  • v
  • x
  • y
  • z

Úsáideann an Fhionlainnis aibítir na Laidine agus trí chomhartha idirdhealaitheacha: ä, ö agus å. Tá Ä agus ö coitianta go leor, ach ní úsáidtear å ach in iasachtaí ón tSualainnis ar nós skål ('sláinte!'). Déanann Fionlainnis idirdhealú idir gutaí fada agus gearra. Is tábhachtach cuimhneamh air sin toisc gur féidir le botún i bhfad na ngutaí nó nó na gconsan brí an fhocail a athrú. Mar shampla, níor chóir cúlú (lama) agis láma (laama) a mheascadh!. Tá difríochtaí móra brí idir na focail Fionlainnise seo a leanas, atá cosúil lena chéile ó thaobh fuaime:

  • tili
    cuntas
  • tiili
    bríce
  • tilli
    lus mín

Ar an gcéad siolla atá an bhéim san Fhionlainnis. Is teanga í ina ndeirtear an rud a scríobhtar. Má fheiceann tú focal Fionlainnise i scríbhinn, beidh tú in ann é a fhuaimniú i gceart. Seo alt ar líne mar gheall ar na focail Fionlainnise is áile.

Gramadach

Is teanga ghleanúna í an Fhionlainnis, áit a seasann moirféim (an t-aonad is lú teanga a thugann brí) amháin do bhrí ghramadaí amháin. Is cosúil focail a chumadh i dteanga ghleanúna ar nós na Fionlainnise agus coirníní a chur ar théad, ceann i ndiaidh a chéile. Is féidir vaimollenikin na Fionlainnise a chur i nGaeilge le roinnt focal mar 'do mo bhean chéile, freisin':

vaimo-lle-ni-kin

bean chéile-do-mo-freisin

Sa réamhrá ag an tús tá an focal Fionlainnise is sia nach focal cumaisc é - epäjärjestel­mällistyttämättö­myydelläänsäkäänköhän . Tá sé curtha le chéile le moirféimí de réir rialacha na gleanúna. Is ar éigean atá ciall leis an bhfocal, ámh, mar a chonaiceamar thuas.

Gné shuimiúil san Fhionlainnis is ea líon na dtuiseal gramadaí. Ag brath ar an gcur chuige, deirtear go bhfuil 14 go 17 dtuiseal san Fhionlainnis. Tá sé cinn acu ina dtuisil áitreabhacha: cuireann siad in iúl an bhrí gluaiseacht chuig áit, a bheith in áit agus bogadh ar shiúl ó áit. Más mian le duine a rá go bhfuil sé sa teach (talo), deirtear talossa, 'i' a chiallaíonn an mhír -ssa-. Cuirtear {-sta leis an bhfréamh chun 'amach as' a chur in iúl, ach ciallaíonn -on i taloon '(isteach) i'. As Fionlainnis is tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir na tuisil áitreabhacha laistigh agus lasmuigh. Má tá rud éigin i spás oscailte (cosúil le bord nó le díon), ní hionann na foircinn a úsáidtear agus na trí cinn thuasluaite mar déanann an Fhionlainnis idirdhealú gramadaí idir, mar shampla, 'isteach' agus 'aníos ar an'. Ciallaíonn Katto 'díon' san Fhionlainnis. Ciallaíonn Katolle an gníomh teacht aníos ar an díon agus katolta - dul síos ón díon:

Tuisil áitreabhacha na Fionlainnise

Déanmhas focal agus foclóir

Tá clú ar an bhFionlainnis as na focail uile fuaimfhoclaíochta atá aici. Focail a léiríonn fuaimeanna as Fionlainnis, bíonn siad difriúil de réir an té nó an rud a dhéanann iad.

Fuaimfhoclaíocht san Fhionlainnis

dord

  • hurista
    innill
  • suhista
    an fhuaim sna cluasa (dordán)

sios

  • sihistä
    nathrach
  • suhista
    gaoithe
  • sähistä
    cait

crónán

  • surista
    cuileoige
  • pöristä
    ciaróige
  • inistä
    míoltóige
  • kahista
    duilleog

soifnigh

  • murista
    an mhadra
  • kurista
    an ghoile
  • vikistä
    luiche

Focail théamacha

Seanfhocail agus nathanna traidisiúnta atá greannmhar nó corr

Ar ais go barr