Esperanto
Esperanto lingvo
Esperanto lingvo
Idir 2-3 mhilliún (tá sí go líofa ag 100,000 agus rinne 2-3 mhilliún staidéar uirthi)
Ach amháin i gcomhdhálacha agus cruinnithe idirnáisiúnta Esperanto
Tá cónaí ar chainteoirí Esperanto i mbreis is 120 tír. Ní mionlach iad a bhfuil aitheantas oifigiúil acu in áit ar bith.
Is féidir sochaí Esperanto a chur i gcomparáid le diaspóra. Tá cainteoirí Esperanto ina gcónaí ar fud an domhain, tá a gcultúr féin acu ach níl aon stádas dlí acu.
Is é Ludwig Lazar Zamenhof {/ b} a chuir tús leis an teanga, a chruthaigh an ghramadach ar bhonn na dteangacha Eorpacha, agus íosmhéid eisceachtaí inti. Tá an foclóir bunaithe den chuid is mó ar theangacha Rómánsacha, cé go bhfuil focail ó theangacha Gearmáinice agus eile ann freisin. Foilsíodh an chéad téacsleabhar i 1887, mheall an teanga nua pobal cainteoirí agus thosaigh sí gnáthphróiseas éabhlóide teanga laistigh de phobal a d'úsáid in a lán timpeallachtaí í agus a chruthaigh cultúr a bhaineann leis an teanga. Scór bliain ina dhiaidh sin, rugadh na chéad pháistí a labhair Esperanto lena dtuismitheoirí, céad chainteoirí dúchais na teanga. Dá bhrí sin, is féidir a rá gur teanga í a cruthaíodh le haghaidh cumarsáide idirnáisiúnta, a criólaíodh ina dhiaidh sin agus is teanga dhiaspóra cainteoirí Esperanto inniu í.
Cruthaíodh í as stór focal theangacha Ind-Eorpacha, ach bhí sí le bheith sofhoghlamtha. Dá bhrí sin, gramadach ghleanúna atá aici, saintréith de chuid na dteangacha Tuirciceacha agus Fionn-Úgracha, agus ag leibhéal níos doimhne tá sí aonraíoch, mar atá an tSínis agus an Vítneaimis. Ciallaíonn sé sin gur féidir a cuid moirféimí a úsáid mar fhocail neamhspleácha. Tá gramadach aici atá go hiomlán rialta agus is féidir méid mór focal a chruthú trí fhréamhacha foclóireachta agus thart ar dhaichead táthmhír a chur le chéile (mar shampla ón bhfréamh san- (sláintiúil) is féidir focail mar iad seo a leanas a chruthú: malsana (“breoite”), malsanulo (“duine breoite”), gemalsanuloj (“daoine breoite, idir fhir agus mhná”), malsanulejo (“ospidéal”), sanigilo (“cógas”), saniĝinto (“duine ar tháinig biseach air”), sanigejo (“áit leighis”), malsaneto (“mionbhreoiteacht”), malsanego (“mórbhreoiteacht”), malsanegulo (“duine an-bhreoite”), sanstato (“staid sláinte”), sansento (“mothú sláinte”), sanlimo (“teorainn sláinte”), malsankaŭzanto (“pataigin”), kontraŭmalsanterapio (“teiripe in aghaidh breoiteachta”)…).Bíonn foircinn chomhsheasmhacha ag na príomhranna cainte (ainmfhocail, briathra, aidiachtaí agus dobhriathra) a thaispeánann i gcónaí an roinn chainte lena mbaineann siad. Déanann a rialtacht sofhoghlamtha í, agus i ngeall ar a cumas sruthlínithe chun focail nua a chruthú, tá sí ar cheann de na teangacha is táirgiúla dá bhfuil ann. Is acmhainn di líon focal gan teorainn a chruthú. Tá sí in ann aon smaointe nó staideanna nua a chur in iúl. Mar shampla, is féidir úrscéal a scríobh faoi Mharsaigh fhicseanúla a bhfuil cuma boird orthu agus cur síos orthu mar tablo (“bord”), tablino (“bord baineann”), tablido (“sliocht na mbord”)… Is féidir linn gléas a shimplíonn an saol gnéis a shamhlú agus cur síos air mar sekssimpligilo (" simplitheoir gnéis "), fear a shiúlann droim ar ais (inversmarŝanto,"siúlóir droim ar ais "), leigheas in aghaidh dogmatachais (maldogmigilo, "dí-dhogmatóir"), srl
Críochnaíodh an chéad leagan cianach den Esperanto, ar thug Zamenhof Lingwe Uniwersala uirthi. Ach tá sí éagsúil go maith ón Esperanto nua-aimseartha
Le cabhair óna bhean chéile foilsíonn Zamenhof Unua Libro , an leabhar a chuir tús leis an Esperanto nua-aimseartha.
Foilsíodh an chéad iris Esperanto, La Esperantisto {/ b}, i Nurenberg, agus bunaíodh an chéad chlub Esperanto.
Tionóladh an chéad Universala Kongreso {/ b} (Comhdháil Dhomhanda) in Boulogne-sur-Mer, agus 688 i láthair.
Foilsíodh an Fundamento de Esperanto .
Bunaíodh an Universala Esperanto-Asocio {/ b}, Cumann Esperanto an Domhain.
Bhunaigh UNESCO caidreamh comhairliúcháin le Cumann Esperanto an Domhain. An chéad rún UNESCO ag tacú le hEsperanto.
An dara rún UNESCO af son Esperanto. Spreagann UNESCO ballstáit na Náisiún Aontaithe chun Esperanto a chur ar a gcuraclaim scoile.
D'fhreastail 6000 cainteoir Esperanto ar an 72ú Universala Kongreso i Vársá chun 100 bliain Esperanto a cheiliúradh.
Shroich leagan Esperanto den Vicipéid - an chiclipéid is mó ar líne - 200.000 alt.
Is féidir scrúduithe idirnáisiúnta Esperanto a dhéanamh ag trí leibhéal (B1, B2, C1). Meastar iarrthóirí i 4 bhunscil: léitheoireacht agus cluastuiscint, scríobh agus cumarsáid ó bhéal, i gcomhréir le Comhchreat Tagartha na hEorpa.
Ghlac Google Translate le hEsperanto mar an 64ú teanga.
Léitear Esperanto mar atá a scríobhtar í. Bíonn an fhuaim chéanna ag gach litir i gcónaí, agus is í an litir chéanna a chuireann an an fhuaim chéanna in iúl i gcónaí, agus bíonn an bhéim i gcónaí ar siolla leathdhéanach. Siolla amháin is ea na défhoghair amhail aŭ, eŭ, oŭ nó aj.
Roinnt fuaimeanna speisialta in Esperanto, agus traslitrithe Gaeilge nó Béarla leo: ĉ = ch an Bhéarla, ŝ = s in sí, ĝ = j an Bhéarla, ĥ (ch na Gaeilge, ĵ = zh an Bhéarla (nó Fraincis j).
Críochnaíonn gach ainmfhocail in -o: tabl-o (bord), lamp-o (lampa), hom-o(fear).
Críochnaíonn gach aidiacht in -a: bela (álainn), granda (mór), malgranda (beag).
Críochnaíonn infinideach gach briathair in -i, havi (bheith...ag), iri (téigh).
San aimsir láithreach bíonn an foirceann -as: mi manĝas (ithim),li manĝas (itheann sé), ili estas (tá siad), mi estas (táim), ŝi estas (tá sí).
San aimsir chaite bíonn an foirceann -is. Roinnt samplaí: li lernis (d'fhoghlaim sé), ili estis (bhí siad), homo estis (bhí fear), li manĝis (d'ith sé).
San aimsir fháistineach bíonn an foirceann -os, mi lernos (foghlaimeoidh mé), Marko sidos (suífidh Marko síos).
Chomh maith leis an tuiseal ainmneach, tá foirceann áinsíoch a úsáidtear le haghaidh ainmfhocal, aidiachtaí agus forainmneacha san uimhir uatha agus san iolra: -n (Mi vidas aŭton. Aŭton mi vidas.: Feicim an carr.)
A bhuí leis an áinsíoch, tá ord na bhfocal saor
Déantar uimhir iolra na n-ainmfhocal agus na n-aidiachtaí leis an bhfoirceann -j a chuirtear isteach i ndiaidh na bhfoirceann -o nó -a, libro (leabhar),libroj (leabhair).
Tá thart ar dhaichead réimír agus iarmhír chun focail nua a chruthú. I measc na bhfocal is minice tá an réimír mal-, a athraíonn brí an fhocail ina malairt. Seo í an chaoi: athraíonn bona (maith) go malbona (olc) agus bela (álainn) go malbela (gránna).
Ciallaíonn an iarmhír -ul 'duine', mar sin grandnazulo = duine a bhfuil srón mhór air. Cruthaíonn an iarmhír -in leaganacha baininscneacha amhail grandnazulinoj (mná a bhfuil srón mhór orthu).
Uatha | Iolra | |||
---|---|---|---|---|
Ainmneach | Áinsíoch | Ainmneach | Áinsíoch | |
Alt (an / na) | - / la | - / la | - / la | - / la |
Aidiacht (mór) | granda | grandan | grandaj | grandajn |
Ainmfhocal (mac tíre ) | lupo | lupon | lupoj | lupojn |
Tá dhá phríomh-thairseach áit ar féidir leat an teanga a fhoghlaim saor in aisce ar líne. Suíomh ginearálta is ea www.lernu.net agus is do mhúinteoirí go príomha www.edukado.net.
Vicipéid in Esperanto: eo.wikipedia.org.