Béarla
English language
English language
360 milliún, thart ar 70 milliún san Eoraip
54 thír, m.sh. An Eoraip: An Ríocht Aontaithe (60 milliún), Éire (4.5 milliún). An Domhan: Na Stáit Aontaithe (267 milliún), Ceanada (25 milliún), an Astráil (18 milliún), an Nua-Shéalainn (4 milliún). Úsáidtear an Béarla freisin in iar-choilíneachtaí na Breataine nó Mheiriceá mar theanga oifigiúil don riarachán poiblí, oideachas nó gnó cé go labhraíonn formhór na ndaoine teangacha eile ina saol príobháideach. Áirítear ar na tíortha sin an India (125 mhilliún cainteoir) agus an Phacastáin (88 milliún cainteoir).
An Spáinn agus an Fhrainc (thart ar 3 mhilliún san iomlán), sliocht na mBriotanach arb eol dóibh a sinsir sa Chomhlathas Briotanach
Tá stair an Bhéarla fite fuaite le hidirghníomhú le teangacha eile. I rith na gcéadta bliain bhí an Béarla faoi thionchar mór ó roinnt teangacha.
Bhí an Sean-Bhéarla faoi thionchar na dteangacha Ceilteacha agus na Laidine a bhí á labhairt nuair a thosaigh pobail Ghearmánacha ar dtús ag teacht go hoileán na Breataine Móire agus ansin faoi thionchar na Sean-Ioruaise, teanga na n-ionróirí Lochlannacha. Bhí an Meán-Bhéarla faoi thionchar na Fraincise Normannaí agus ansin na Fraincise Caighdeánaí.
Mar thoradh ar an idirghníomhaíocht sin, saibhríodh foclóir an Bhéarla le focail ó go leor teangacha, go háirithe ón Laidin agus ón bhFraincis. As an bhFraincis, ar ndóigh, na téarmaí feola, ach choinnigh na feirmeoirí a gcuid focal Gearmáinice do na hainmhithe féin. Mar sin, tá péirí cosúil le cow/ox (bó) vs. beef (mairteoil) nó {i} nó deer (fia) vs venison(fiafheoil). Ar chúiseanna ná tuigtear go hiomlán chaill an Béarla formhór na bhfoirceann infhillte a bhíodh sa Sean-Bhéarla.
Tá dhá bhunmhúnla de ghramadach an Bhéarla. An gramadach traidisiúnta a mhúintear (nó ná múintear) do chainteoirí dúchais, atá an-difriúil ón gceann a mhúintear dóibh siúd atá ag foghlaim Béarla mar an dara teanga.
Sa ghramadach thraidisiúnta do chainteoirí dúchais tá a lán rialacha ná leanann aon chainteoir dúchais, fiú amháin na daoine is oilte,go comhsheasmhach. Ina measc seo tá
Scríobhtar an Béarla in aibítir atá bunaithe ar an Laidin ina bhfuil 26 litir agus uaschama. Tá litriú an Bhéarla casta agus níl ach gaol indíreach idir an focal labhartha agus an focal scríofa. Tá a lán rialacha ginearálta ach tá go leor eisceachtaí orthu go léir.
Ciallaíonn sé sin go léir go gcaitheann Béarlóirí a lán ama ar scoil ag foghlaim conas focail a litriú i gceart. Dá bhrí sin bíonn cleachtadh ag Béarlóirí focail a litriú amach os ard, agus bíonn taithí acu air sin. Mar sin, is tábhachtach go mbeadh ainmneacha na litreacha ar eolas ag duine.
Tá dhá ainm ag an litir z. An t-ainm [zi:] a úsáidtear i gcónaí i mBéarla Mheiriceá ach úsáidtear an dá ainm i gcineálacha eile.
Ar bhealach, is litir an-tábhachtach an lánstad i mBéarla, go háirithe i mBéarla Mheiriceá, toisc go gcuireann go leor daoine - agus beagnach gach nuachtán nó iris - trí lánstad, ar a dtugtar focalbhá, in ionad eascainí, mar shampla What the ...? or What the f...?, what a ...ing idiot!
San Eoraip, úsáidtear an Béarla go minic mar lingua franca (cé nach lingua franca é, ar ndóigh) i gcumarsáid thras-teanga, ach is beag úsáid a bhaintear as sa rialtas áitiúil nó san oideachas (seachas gur ábhar éigeantach ar scoil é). Is éagsúil na cineálacha Béarla neamh-dhúchasacha seo ar chuid mhaith bealaí ó chineálacha dúchasacha agus tá roinnt gnéithe atá tábhachtach i gcineálacha dúchais ach ná húsáidtear sa chineál neamhdhúchasach. Uaireanta ní honann úsáid na n-aimsirí nó úsáid na n-alt, nó cuid den stór focal, fiú. Bíonn roinnt daoine ag tuairimíocht go bhféadfadh caighdeán neamhdhúchasach Eorpach teacht ar an saol, caighdeán a bheadh éagsúil ó úsáid na gcainteoirí dúchais, agus a mbeadh ar na cainteoirí dúchais é a fhoghlaim (ach ní mhíníonn siad conas a d'fhéadfadh sé sin tarlú, nó conas a ghlacfadh Béárlóirí dúchais lena leithéid).
Níl aon chóras amháin gutaí i mBéarla. Ina ionad sin tá roinnt córas éagsúil atá difriúil de réir ceantair, aicme nó tosca eile agus bíonn forluí eatarthu. Ní hamháin go bhfuil an fardal gutaí ag brath ar na tosca sin ach ní hionann dáileadh na ngutaí ó chanúint go chéile ionas go bhfuaimnítear {pasta, mar shampla, mar ['pastə] i roinnt canúintí agus mar ['pæstə] i gcanúintí eile.
Seo iad fardail gutaí na bhfuaimnithe caighdeánacha sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe faoi seach.
Litrithe coitianta | AFI (Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta) | Sampla | AFI (Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta) | Aistriúchán |
---|---|---|---|---|
ee, ea, e-e | i | bead | bi:d | coirnín |
i | ı | bid | bıd | imthairg |
e | e | bed | bed | leaba |
a | æ | bad | bæd | olc, droch- |
u- | ʌ | bun | bʌn | borróg |
ur, er | ɜ | burn | bɜ:n | dóigh |
u, oo, ue | u | suit | su:t | culaith |
oo, ou | ʊ | soot | sʊt | súiche |
au, augh, ough | o | caught | ko:t | rug ar |
o- | ɒ | cot | kɒt | cliabhán |
a, ar- | a: | cart | ka:t | trucail |
gan bhéim | ||||
-a, -er | ə | speaker | 'spi:kə | cainteoir |
Défhoghair | ||||
ay, ai-, a-e | eı | bay | beı | bá |
i, i-e, igh, uy, -y | aı | buy | baı | ceannaigh |
oy, oi- | oı | boy | boı | buachaill |
uoy, ooey | uı | buoy | buı | bulla |
ow, ou- | aʊ | bow | baʊ | umhlaigh |
o, o-e, oe, oa- | oʊ | bow | boʊ | bogha |
Litrithe coitianta | AFI (Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta) | Sampla | AFI (Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta) | Aistriúchán |
---|---|---|---|---|
ee, ea, e-e | i | bead | bid | coirnín |
i | ı | bid | bıd | imthairg |
e | e | bed | bed | leaba |
a | æ | bad | bæd | olc, droch- |
u- | ʌ | bun | bʌn | borróg |
ur, er | ɝ | burn | bɝn | dóigh |
u, oo, ue | u | suit | sut | culaith |
oo, ou | ʊ | soot | sʊt | súiche |
au, augh, ough | ɔ * | caught | kɔt | rug ar |
o- | a * | cot | kat | cliabhán |
gan bhéim | ||||
-a, -e- | ə | Donna | 'danə | Donna (ainm) |
-a, -e- | ɚ | Donner | 'danɚ | Donner (ainm) |
Défhoghair | ||||
ay, ai-, a-e | eı | bay | beı | bá |
i, i-e, igh, uy, -y | aı | buy | baı | ceannaigh |
oy, oi- | oı | boy | bɔı | buachaill |
uoy, ooey | uı | buoy | buı | bulla |
ow, ou- | aʊ | bow | baʊ | umhlaigh |
o, o-e, oe, oa- | oʊ | bow | bɔʊ | bogha |
*Níl dhéanann go leor Meiriceánach idirdhealú idir an dá cheann seo ach amháin roimh leathghuta nó /r/.