Foghraíocht, fardal fuaimeanna
"Na fuaimeanna a labhraímid"
"Na fuaimeanna a labhraímid"
An fhoghraíocht, sin brainse den teangeolaíocht a dhéanann staidéir ar fhuaimeanna urlabhra an duine. Úsáidtear an téarma freisin do theangacha comharthaíochta, ina ndéanann sí staidéar ar chomhdhéanamh gothaí agus amhairc na gcomharthaí.
Baineann an fhoghraíocht le táirgeadh fisiciúil, tarchur, agus brath na bhfuaimeanna. Os a choinne sin, pléann an fhóineolaíocht, le patrúnú na bhfuaimeanna laistigh de theanga. Bíonn an fhóinéim ríthábhachtach anseo. Is ionann fóinéimí agus aonaid aireachtála atá ina mbloic thógála d'fhocail (labhartha nó ina gcomharthaí) na teanga.
Trascríobh foghraíochta, sin bealach chun na fuaimeanna a tharlaíonn i dteangacha daonna a ionadú neamhspleách ar an mbealach a scríobhtar iad. Is é an córas is forleithne atá in úsáid an Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta (IPA), atá bunaithe den chuid is mó ar an aibítir Laidneach atá in ann gnéithe cainte a thrascríobh, amhail consain, gutaí, agus gnéithe osteascánacha. Is é an Cumann Idirnáisiúnta Foghraíochta a chum í le bheith ina léiriú caighdeánaithe ar fhuaimeanna urlabhra an duine. Úsáideann foclóirithe, mic léinn agus múinteirí teangacha iasachta, teangeolaithe, paiteolaithe urlabhra-teanga, amhránaithe, aisteoirí, cruthaitheoirí teangacha pleanáilte, agus aistritheoirí an IPA.
Cairt oifigiúil an IPA mar a bhí in 2005 (ceadúnas CC-BY-SA)
Is é an {foghar bunaonad fuaime chaint an duine; Is í an {fhóinéim an bunaonad fuaime do theangacha ar leith. Aonad teibí do theanga ar leith is ea fóinéim agus bíonn roinnt foghar éagsúil inti. Léirítear é sin i leibhéil éagsúla trascríofa. Is é is cuspóir do thrascríobh foghraíochta (de ghnáth i lúibíní cearnacha) fuaimeanna (foghair) a thrascríobh ionas go dtaifeadtar an urlabhairt go beacht. Trascríobhann an trascríobh fóinéimeach (de ghnáth i slaiseanna) na focail maidir le conas a dhéantar na fuaimeanna a chatagóiriú i dteanga ar leith. Ní bhíonn an teorainn idir trascríobh fóinéimeach agus trascríobh foghraíochta soiléir i gcónaí - gabhann trascríobh foghraíochta cúng níos mó éagsúlachtaí i bhfuaimeanna agus ní ghabhann trascríobh foghraíochta leathan ach na gnéithe is suntasaí agus cumascann sé leis an trascríobh fóinéimeach.
Mar shampla, d'fhéadfaí fuaimniú coitianta den fhocal Béarla