Scrúdaíonn an fhealsúnacht i gcoitinne ceisteanna a bhaineann le nádúr an domhain agus na ndaoine, agus scrúdaíonnan fealsúnacht na teanga cineál ginearálta na teanga agus a gaol leis an domhan agus le haigne an duine, a fheiceann agus a dhéanann cur síos ar an réaltacht trí mheán teanga. I bhfocail eile, measann fealsúnacht na teanga an gaol idir teanga, smaoineamh agus an réaltacht.

Fiú amháin sa seanam bhíodh daoine ag ceistiú cé mhéad is coinbhinseanúil {/ b} an gaol idir foirm focail (mar shampla, {madra ) agus an rud atá léirithe ag an bhfocal sin (réad: madra ), is é sin, cé mhéad a bhunaíonn daoine go treallach agus cé mhéad is nádúrtha é, is é sin, intreach agus do-scartha. Ní hionann teangacha an domhain maidir leis an tslí a gcuireann siad lipéad ar ghnéithe na réaltachta (Béarla: dog,Fraincis: chien, Gearmáinis: Hund, Polainnis: pies srl), agus sin argóint i bhfabhar choinbhinseanúlacht na teanga (féach Séimeantaic).

Ainmfhocal coiteann is ea an focal Madra, murab ionann is an focal Antartach (ainmfhocal dílis). In ionad tagairt do rud amháin (ilchríoch ar leith), ciallaíonn sé (nó seasann sé do) grúpa, speiceas nó catagóir rudaí ar fad, is é sin na {madraí go léir a bhí ann, atá ann, a bheidh ann nó a d'fhéadfadh a bheith ann.

Ba spéis le fealsúnaithe riamh an cheist an bhfuil catagóir (speiceas, grúpa) mar chineál iomláine atá ann dáiríre, neamhspleách ar aireachtáil an duine, nó ná fuil réalaíoch ach rudaí ar leith, agus ná fuil i gcatagóirí, grúpaí (is é sin uilígh) ach rudaí a chruthaigh aigne an duine nó ná fuil le fáil ach amháin sa teanga.

Is cuma cén coincheap brí a nglactar leis agus cén cineál réaltachta a bhronntar ar chatagóirí, caithfear a aithint ná fuil bríonna beachta ag go leor focal, is é sin, ná fuil teorainneacha sainithe ag na catagóirí a bhfreagraíonn siad dóibh. Ar ndóigh, focail cosúil le mór, tá bríonna coibhneasta acu, ag brath ar shaintréithe na rudaí a dtagraíonn siad dóibh ( madra mór i gcomparáid le seangán mór). Ach fiú nuair a bhíonn tagairt do rud ar leith, ní bhíonn an bhrí cruinn. Ní léir cad é an airde ar a laghad nach mór a bheith ag madra sular féidir a rá go bhfuil sé {mór. Bíonn an fhadhb chéanna le go leor ainmfhocal, mar ní léir cé mhéad sifíní tuí (cá fhad) nach mór a bheith i {gcoca féir, d'fhonn tagairt dó mar {choca. Is ceist thábhachtach í seo mar baineann sé le hiontaofacht na teanga agus an féidir ráitis fhíora a dhéanamh faoin domhan tríthi. I bhfocail eile, an bhfuil na ráitis seo a leanas fíor?

Tá an madra sin (65 ceintiméadar ar airde) mór.

Is coca féir (1 méadar ciúbach ná fuil ach tuí ann) an rud sin.

Bíonn difríochtaí idir theangacha an domhain, ní hamháin ó thaobh fuaime agus modh scríofa (mar shampla Béarla dog, Polainnis pies, Fraincis chien srl), ach freisin an leibhéal beachtais lena gcuireann siad gnéithe éagsúla na réaltachta i láthair. Samplaí de sin is ea líon éagsúil na bhfocal le cur síos ar na dathanna boinn (féach Séimeantaic), mar shampla i dteanga na nDanach sa Nua-Ghuine níl ach mili (a thagraíonn do gach dath dorcha, fionnuar amhail dubh, glas agus gorm), agus mola (dathanna teolaí, éadroma amhail bán, dearg agus buí). Os a choinne sin, tá dhá fhocal san Ungáiris a fhreagraíonn do {dearg} agus dhá fhocal sa Pholainnis ar {gorm}.

Ní hionann na focail do bhaill teaghlaigh ach oiread. Is minic a bhraitheann sé sin ar ghnéas an tagraí mar atá in {deartháir, agus {deirfiúr, ach i gcultúir eile, bíonn difríochtaí aoise díreach chomh tábhachtach. san Indinéisis tagraíonn kakak do dheartháir nó do dheirfiúr atá níos sine agus adik do dheartháir nó do dheirfiúr níos óige, beag beann ar an ngnéas. Sn Indinéis, mar atá in a lán tíortha san Áise, bíonn tábhacht leis an aois i gcaidrimh idirphearsanta. San Ungáiris, os a choinne sin, déantar idirdhealú de réir aoise agus de réir gnéis, agus tagraíonn báty agus öcs do dheartháir atá níos sine agus níos óige faoi seach, agus tagraíonn nővér agus húg do dheirfiúr atá níos sine agus do dheirfiúr atá níos óige.

Ní difríochtaí foclóireachta amháin a bhíonn ann ach baineann siad freisin le codanna den ghramadach, amhail aimsirí na mbriathra agus inscne na n-ainmfhocal. Is féidir ainmfhocail a ghrúpáil in inscní, ina measc firinscneach, baininscneach agus neodrach, ach tá córais a bhfuil níos mó agus níos lú catagóirí agus tá roinnt teangacha gan aon aicmiú inscne. Is léir treallacht an tsannta inscne sna hinscní éagsúla a shanntar don choincheap céanna. I bPolainnis tá an ghrian neodrach (słońce), i nGearmáinis tá sí baininscneach (die Sonne) agus tá sí firinscneach i bhFraincis (le soleil). Tá inscne na dtíortha sa Pholainnis le feiceáil sa léarscáil seo a leanas:

  • masculine
  • feminine
  • neuter
  • plural

Tá ceist i dtaobh an tionchair a bhíonn ag na difríochtaí sin ar thuiscint na ndaoine ar an domhan agus ar a gcuid smaointe faoi. Cinnteachas teanga (mar shampla Humboldt, Sapir agus Whorf) a thugtar ar an hipitéis go mbíonn tionchar ag struchtúr teanga ar an mbealach a bhraitheann úsáideoirí sin an domhan. Tháinig torthaí débhríocha ón taighde a fhéachann le gnéithe den chinnteachas teanga a chruthú nó a bhréagnú. Fiafraíonn criticeoirí an chinnteachais an gciallaíonn do-aistritheacht abairte áirithe ó theanga X go teanga Y "focal ar fhocal" nach féidir an smaoineamh céanna.a chur in iúl.

Baineann a leithéid de cheist le hábhar freisin i gcásanna cumarsáide ar leith. Éilíonn an Béarla, mar shampla, ar an gcainteoir cinnteacht/éiginnteacht ruda éigin a chur in iúl ( a dog i gcomparáid le the dog ), ach ní éilíonn an Pholainnis é sin. Is féidir a rá jakiś pies (madra éigin) nó ten pies (an madra sin), ach is féidir i gcónaí a rá go simplí pies (madra), rogha ná fuil ar fáil do Bhéarlóirí. Is í an cheist ansin, agus an Béarlóír ag smaoineamh ar rud, an mór dó smaoineamh go sonrach air mar rud atá cinnte nó éiginnte?

Measann leagan níos séimhe de hipitéis Sapir-Whorf - ar a dtugtar coibhneasacht teanga - go bhfuil catagóirí éagsúla gramadaí agus séimeantacha ag teangacha, agus go mbíonn tionchar acu ar mhachnaimh sa tslí sin. Tríd is tríd, bíonn tionchar frithpháirteach i gceist: léiríonn teangacha cultúr, timpeallacht fhisiciúil agus shóisialta an phobail teanga, a thaithí agus a chóras luachanna. Cuireann teangacha éagsúla pictiúir éagsúla den domhan l láthair ina gcuid struchtúr gramadaí, ina stór focal (a bhaineann le nithe réadúla amhail ainmneacha plandaí agus ainmhithe i réigiún ar leith) agus ina gcuid frásaíochta (mar a bhíonn i seanfhocail). De réir mar a fhoghlaimíonn páistí a gcéad teanga, foghlaimíonn siad faoin domhan trí na catagóirí sin.