Amhail orgánaigh bheo, bíonn teangacha ag athrú, agus bíonn teangacha a eascraíonn ón sinsearach céanna (ar a dtugtar "próta-theanga") mar chuid den fhine teangacha chéanna. Is féidir fine teangacha a fhoroinnt i roinnt fofhinte: mar shampla, {nasc} Polainnis {/} nasc agus Slóvaicis ar dhá theanga Iar-Shlavacha iad, sin foroinn de na teangacha Slavacha, ar brainse den fhine Ind-Eorpach iad.

Mar a thugann an t-ainm le fios, cuireann an teangeolaíocht chomparáideach teangacha i gcomparáid, d'fhonn a ngaol stairiúil a léiriú. Is féidir é sin a dhéanamh trí chomparáid a dhéanamh ar a bhfóineolaíocht, a ngramadach agus a stór focal, fiú i gcásanna nuair ná fuil aon chuntais scríofa ar shinsearaigh na dteangacha.

Dá fhad óna chéile a bhíonn teangacha, is amhlaidh is deacra a chinneadh an bhfuil gaol ghéiniteach eatarthu. Mar shampla, níl amhras ar aon teangeolaí go bhfuil nasc idir an {Spáinnis/link} agus an Iodáilis , ach tá conspóid ag baint le fine Altaech, (lena n-áireofaí Tuircis agus Mongóilis), a bheith ann agus ní ghlacann gach teangeolaí léi. Faoi láthair, is dodhéanta a chinneadh an dtagann gach teanga ó chomhshinsearach. Má bhí teanga bhunaidh dhaonna ann, bhíodh ​​sí á labhairt na cinata cairbreacha ó shin (nó níos faide ó shin). Déanann sé sin comparáidí thar a bheith deacair nó fiú dodhéanta.

Léarscáil de phríomhfhinte teangacha an domhain

Source: Wikimedia Commons

Liosta na bpríomhfhinte teangacha

Tá breis is céad bunfhine teangacha (finte teangacha arb eol gaol a bheith eatarthu) aitheanta ag teangeolaithe. Níl ach cúpla teanga i roinnt acu, ach tá breis is míle teanga i gcuid eile acu. Seo roinnt de phríomhfhinte teangacha an domhain.

Fine teangacha Limistéar Teangacha
Ind-Eorpach An Eoraip go dtí an India, sa lá atá inniu ann, gach ilchríoch Breis is 400 teanga á labhairt ag beagnach 3 billiún duine. Ina measc tá na teangacha Rómánsacha (Spáinnis, Iodáilis, Fraincis ...), na teangacha Gearmánacha (Béarla, Gearmáinis, Sualainnis ...), na teangacha Ceilteacha (Gaeilge, Gaeilge na hAlban, Gaeilge Mhanann, Breatnais, Briotáinis, Cornais), na teangacha Baltacha agus Slavacha (Rúisis, Polainnis ...), na teangacha Ind-Airianacha (Peirsis, Hiondúis, Coirdis, Beangáilis agus go leor teangacha a labhraítear idir an Tuirc agus Tuaisceart na hIndia) chomh maith le roinnt teangacha eile ar nós na Gréigise agus na hAirméinise.
Sín-Tibéadach An Áise Teangacha Síneacha, Tibéidis agus Burmais
An Nígir-Congóch An Afraic Fho-Shahárach Svaihílis, Iarúibis, Seoinis, Súlúis
Afra-Áiseach An Meán-Oirthear, an Afraic Thuaidh Teangacha Seimíteacha (Araibis, Eabhrais ...), Somáilis
Astráinéiseach Oirdheisceart na hÁise, an Téaváin, An tAigéan Ciúin, Madagascar Breis is 1,000 teanga, ina measc Indinéisis, Filipínis, Malagáisis, Haváíais, Fidsis ...
Úralach Lár, Oirthear agus Tuaisceart na hEorpa, an Áise Thuaidh Ungáiris, Fionlainnis, Eastóinis, teangacha Sámacha, roinnt teangacha de chuid na Rúise (Udmairtis, Mairis, Coimis ...)
Altaech (faoi chonspóid) An Tuirc go dtí an tSibéir Teangacha Tuirciceacha (Tuircis, Casaicis ...), teangacha Mongólacha (Mongóilis ...), teangacha Tungúsacha (Mainsiúis ...), cuireann roinnt daoine Seapáinis agus Cóiréis leo seo, fiú
Dráivideach An India Theas Tamailis, Mailéalaimis, Cannadais, Teileagúis
Tai-Cadaech Oirdheisceart na hÁise Téalainnis, Laois
Astrá-Áiseach Oirdheisceart na hÁise Vítneaimis, Ciméiris
Na-Déineach Meiriceá Thuaidh Tlingis, Navachóis
Túpach Meiriceá Theas Guaráinis
Cugasach (faoi dhíospóid) Cugas Trí fhine. Is í an tSeoirsis an teanga Chugasach is mó atá á labhairt.

Cásanna speisialta

Aonaráin teanga

Is ionann aonarán teanga agus "dílleachta": teanga nár cruthaíodh go mbaineann sí le haon fhine teangacha ar leith. Is í an Bhascais, teanga atá á labhairt sa Spáinn agus sa Fhrainc, an sampla is fearr. Cé go bhfuil sé timpeallaithe ag teangacha Ind-Eorpacha, tá sí an-éagsúil leo. Chuir teangeolaithe an Bhascais i gcomparáid le teangacha eile a labhraítear san Eoraip, sa Chugas agus fiú i Meiriceá, ach níor léiríodh aon ghaol riamh.

Aonarán cáiliúil eile is ea an Chóiréis, cé gur mhol roinnt teangeolaithe gaol leis na teangacha Altaecha nó leis an tSeapáinis. Uaireanta meastar gur aonarán í an tSeapáinis féin, ach is fearr cur síos uirthi mar bhall den fhine bheag Sheapánach, lena n-áirítear roinnt teangacha gaolmhara ar nós na hOicineáise.

Pidsin agus crióil

Is ionann pidsean agus córas cumarsáide simplithe a thagann chun cinn idir dhá ghrúpa nó níos mó ná fuil teanga i bpáirt acu. Ní thagann sí go díreach ó theanga amháin, ach is féidir í a dhéanamh le gnéithe as roinnt teangacha. Nuair a thosaíonn páistí a fhoghlaim pidsin mar theanga dhúchais, bíonn sí ina teanga chobhsaí lán-chuimsitheach, ar a dtugtar criól.

Toradh ar choilíniú is ea formhór na bpidsean agus na gcríol atá á labhairt sa lá atá inniu ann. Is ar na teangacha seo a leanas a bunaíodh iad: {Béarla / link}, Fraincis {/ link2} nó Portaingéilis . Tá Tok Pisin, atá ina teanga oifigiúil i Nua-Ghuine Phapua, ar cheann de na crióil is fairsinge atá á labhairt. Tá sí bunaithe ar an mBéarla, ach tá a gramadach éagsúil agus áirítear ar a stór focal na focail a fuarthas ar iasacht ón nGearmáinis , Malaeis, Portaingéilis agus ó theangacha áitiúla éagsúla.