Neach sóisialta is ea an duine. Bíonn sé nó sí nasctha le daoine eile trí nasc mothúchánach, a mheastar uaireanta mar chairdeas, gean nó grá. Bíonn beirt ar a laghad i ngrúpa. Is é an chéad grúpa a mbaineann duine ó bhreith leis grúpa an linbh agus a mháthair. Ansin baineann duine le níos mó grúpaí, ar dtús beaga agus ansin grúpaí níos mó.

Shainmhínigh F. de Saussure teanga go struchtúrtha mar chóras comharthaí a úsáidtear le haghaidh cumarsáide. Bíonn na comharthaí treallach (cumtha) agus is feiniméan sóisialta an teanga. Dhá bhunfheidhm a bhíonn ag teanga: cumarsáid agus féiniúlacht. Pléifimid leis na gnéithe cumarsáide agus teanga i gcaibidlí eile. Anseo breithneoimid feidhm na féiniúlachta.

Príomhriachtanas grúpa, sin slí a fháil chun baill a idirdhealú ó neamhbhaill. Foghlaimíonn baill an ghrúpa teanga laistigh den ghrúpa agus is féidir ach le baill an ghrúpa í a úsáid ag ardleibhéal inniúlachta. Dá bhrí sin tá an teanga ar an bpríomhthoisc trínar féidir le daoine a dhéanamh amach cé acu an mbaineann strainséir leis an ngrúpa nó ná baineann. agus i bhformhór na gcásanna freisin cén grúpa eile lena mbaineann an duine sin.

Is féidir teangacha a roinnt ina dteangacha daonna agus neamh-dhaonna (ainmhithe, meaisín ...). Teangacha an duine, sin teangacha a úsáideann daoine chun cumarsáide. Tá gach teanga dhaonna nádúrtha agus saorga araon. Saorga toisc go n-úsáideann gach teanga dhaonna comharthaí treallacha (saorga) - focail - agus toisc gur daoine a chum iad. Tá siad go léir nádúrtha mar gheall ar a struchtúr gramadaí domhain. Is féidir le gach duine daonna aon teanga dhaonna a fhoghlaim agus cruthaíonn sé sin go bhfuil siad go léir nádúrtha.

Gnáth-theangacha daonna is ea teangacha ar nós Esperanto, pidsin agus crióil sa tslí chéanna le teangacha eitneacha, canúintí agus cineálacha eile urlabhra. Má bhíonn córas urlabhra úsáid go rialta ag pobal is teanga dhaonna í.

Daoine a chruthaigh an scríbhneoireacht, agus ansin bhunaigh stáit teangacha stáit atá éagsúil ó theangacha spontáineacha toisc go mbíonn siad caighdeánaithe. Rialaítear teangacha caighdeánaithe trí shamhlacha den litriú agus den fhuaimniú, trí ghramadach agus foclóirí, agus scríobhtar iad. Dá bhrí sin, bíonn athruithe i dteangacha mar sin níos moille ná i dteanga spontáineacha.

Baineann gach duine san aon am le go leor grúpaí (teaghlach, cathair, réigiún, náisiún, reiligiún, fealsúnacht, grúpaí cairde, srl.). Agus bíonn claonadh ag gach grúpa athruithe teanga fhorbairt chun é féin a idirdhealú ó ghrúpaí eile. Dá bhrí sin, labhraíonn gach cainteoir cineálacha éagsúla teanga, nó réimeanna teanga, fiú murab eol daoibh sin. Tá daoine ilteangach ó dhúchas.

Claonann gach teanga chomh maith i dtreo úsáide níos fairsinge, lasmuigh dá ghrúpa féin agus bíonn claonadh i dtreo roinnt úsáide ag grúpaí comharsanacha chun cumarsáid a éascú. Sa tslí sin, leanfaidh roinnt teangacha ag fás mar gheall ar neart ginearálta a gcainteoirí (eacnamaíoch, míleata, srl), agus neart agus tarraingteacht a gcultúir (áirítear ar tháirgí cultúrtha ealaín, oideachas, reiligiún, tionscail siamsaíochta ...) agus de réir a chéile déantar teangacha idirnáisiúnta a úsáidtear go forleathan díobh.

Is iad na teangacha is treise is fairsinge úsáid idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, tá roinnt teangacha idirnáisiúnta éagsúla. In ainneoin chuma cheannasach an Bhéarla, is iomaí duine ar fud an domhain ná fuil sé acu. Tá ról idirnáisiúnta leanúnach san iar-Aontas Sóivéadach ag an Rúisis, ag an Spáinnis ar fud Mheiriceá Laidineach (seachas an Bhrasaíl), ag an bhFraincis i dtíortha iomadúla {la francophonie} , ag an Sínis i réigiún mór timpeall na Síne, agus tá teangacha idirnáisiúnta éagsúla in úsáid i measc daoine gan chríoch ar leith, ar nós na Romach agus na Sinteach, Eabhrais roimh chruthú Iosrael, Esperanto srl.

Má dhéantar stáit ghrúpaí eitneacha nó náisiúin éagsúla a aontú, bíonn gá le teanga nua neodrach chun a bhféiniúlacht foriomlán a chur i bhfriotal, ar nós Bahasa Indonesia. Má bhrúnn teanga an ghrúpa eitnigh is mó tionchair chun na críche sin, ní bhíonn saol fada i ndán don stát (e.g. an tIar-Aontas Sóivéadach, an Iúgslaiv, srl) nó maireann sé le héagobhsaíocht fhadtéarmach.