Is é nádúr an duine féachaint le rudaí a athrú, bíodh sin chun feabhais nó chun donais. Go polaitiúil, go teicniúil, fiú go bitheolaíoch, rud a tharraingíonn idir áilleacht agus thubaiste. Ceann de limistéir is ansa le homo politicus, sin an teanga. Tugann an teanga fuinneoga éagsúla ar an réaltacht agus is feithicil tábhachtacha féiniúlachta sóisialta iad. Is uirlis chumhachtach agus uirlis cumhachta í. Dá bhrí sin, d'fhéach polaiteoirí, teangeolaithe, fealsúna agus scríbhneoirí i gcónaí le hathruithe teanga a dheachtú seachas ligean di bheith saor, le tacú le teanga amháin agus ceann eile a chur faoi chois, le litriú a rialáil nó téarmaí sofhriotail nua a thabhairt isteach do choincheapa diúltacha. Le teacht an stáit náisiúin san Eoraip sa 19ú agus 20ú haois, chuirtí teangacha náisiúnta chun cinn ar chostas na dteangacha mionlaigh, agus uaireanta ghlantaí focail iasachta astu.

Mar sin thug an Ungáiris focail dhúchasacha isteach in ionad na Gearmáinise agus na Laidinel, troideann an Académie Française i gcoinne iasachtaí ón mBéarla (ach ní rómhaith atá ag éirí leis), agus ar feadh i bhfad thug an Íoslainn ar inimircigh a n-ainm a athrú go ceann dúchasach mar gheall ar chóras Íoslainnise na n-ainmneacha. Ar ndóigh, bíonnn tionchar mór ag litríocht (nó a heaspa) ar chinniúint teanga. Is féidir le litríocht bhríomhar cabhrú chun teanga a shainmhíniú, a athrú nó a chobhsú. Mar shampla an tSlóvaicis sa 19ú céad, mar a raibh trí leagan den teanga liteartha san iomaíocht ar bhóthar na náisiúntachta, agus ba cheann amháin acu faoi deara an tSlóvaicis nua-aimseartha.

Agus ní le focail, bríonna agus athchóirithe iomadúla litriú na Gearmáinise amháin a bhaineann sé - bíonn fiú teangacha ina n-iomláine faoi réir pleanála, go minic fara clár oibre polaitiúil nó idé-eolaíocha. Sa tslí sin, tógadh an Eabhrais nua-aimseartha ó theanga ársa liteartha san aon am leis an stát Giúdach, seachas ligean mar shampla don Ghiúdais a hionad a choimeád, agus ba é tionscadal na Nua-Ioruaise (Nynorsk) príomhfheithicil neamhspleáchas na hIorua ón Danmhairg, nuair a cruthaíodh norm nua as canúintí tuaithe seachas glacadh leis an teanga dhanmhairgisithe sa phríomhchathair Christiania (Oslo).

Scéal ar leith pleanála agus cruthaithe teanga, sin cumarsáid thras-chultúrtha, ( Idirtheangeolaíocht ). Cé gur éirigh pidsin {agus link2} {crióil astu féin tar éis na trádákam na sclábhaíochta agus na lonnaíochta Eorpaí, iar-Cholumbaí, cruthaíodh, simplíodh nó caighdeánaíodh roinnt teangacha go sonrach chun tacú leis an gcumarsáid thras-chultúrtha . Mar shamplaí de chaighdeánú teangacha cúnta den sórt sin, tá an Svahaílis nua-aimseartha in Oirthear na hAfraice nó Lingua Geral na m-Íosánaigh sa Bhrasaíl choilíneach, a tógadh ón Túipis dhúchasach agus a úsáideadh go forleathan i dteaghlaigh mheasctha agus le trádáil in gceantar na hAmasóine. Feictear simpliú pleanáilte i dtionscadail amhail Basic English, InterlinguaLatine sine Flexione, agus is minic a bhíonn béarlagair ghairmiúla simplithe sa ghramadach ach saibhir i dtéarmaí (m.sh. Béarla na heitlíochta). Teangacha iomlána a cruthaíodh ar bhonn na dteangacha daonna atá ann cheana féin, tugtar teangacha a posteriori orthu, agus teangacha a tógadh ar bhonn na gcóras fealsúnachta, loighice, siombailí, fuaime srl, tugtar teangacha a priori{/b } orthu. Sna céadta bliain fhoréigneacha chéanna a d'fhulaing faoi fhuip na pleanála teanga náisiúnaí agus cur faoi chois na mionlach cultúrtha, tharla frithgluaiseacht, arb aidhm di teangacha a posteriori a chruthú fara clár oibre dhaonnach. An ceann ba rathúla de na tionscadal sin, Esperanto, seoladh é in 1887. Tógann sí a cuid focal agus a córas fuaime go príomha ó na teangacha Rómánsacha, agus úsáideann sí gramadach atá go hiomlán rialta agus córas táthmhíreann chun stór focal a fhorbairt. D'ainneoin a rialtachta agus a fócais ar chumarsáid thras-chultúrtha, rinneadh gnáth-theanga bheo d'Esperanto, agus a cuid cainteoirí dúchais agus filí aici. Faigheann sí téarmaí nua díreach mar aon teanga eile, trí iasachtaí nó úsáid chruthaitheach ag a pobal urlabhra, rud a laghdaíonn tionchar na pleanála teanga a thuilleadh,fara acadamh ná fuil níos cumhachtaí ná an Académie Française. Sa chiall sin, is lú mar atá Esperanto ina teanga phleanáilte anois ná, mar shampla, an Nua-Ioruais, a éilíonn glanadh leanúnach chun a féiniúlacht a chosaint.

Is beag sampla d'fhíortheangacha neamhspleácha a priori, ach tá roinnt acu ina samplaí an-daite de chomh hairgtheach, súgrach agus cruthaitheach is a bhíonn aigne an duine. Mar shampla, Solresol, a bunaíodh ar nótaí ceoil, agus a d'fhéadfaí a cheol, a fheadaíl nó a ionadú le dathanna nó le méarchomharthaí. Murab ionann agus teanga fheadaíola na n-aoirí sna hoileáin Chanáracha, tá foclóir a pleanáladh go comhfhiosach ag Solresol.

Cumann daoine teangacha freisin chun críocha sonracha, amhail rúndacht seachas tuiscint. Leaganacha códaithe de theangacha atá ann cheana féin a bheidh ina bhformhór, cosúil le "teanga na robálaithe" Astrid Lindgren, ach d'fhéadfaidís a bheith a priori chomh maith, cosúil le Lingua Ignota Hildegard von Bingen, a d'úsáid gramadach Laidine fara focail agus litreacha a cumadh. Rinne roinnt ealaíontóirí sáriarracht chun a gcruinne ealaíne a shaibhriú le teangacha ealaíne. Ar na samplaí cáiliúla tá teangacha Tolkien, Klingon an chláir Star Trek, nó teangacha scannán le déanaí cosúil le Na'v (Avatar) agus Dothraki (Game of Thrones). Feidhmíonn gach ceann de na teangacha thuas ghnáththeangacha, agus tá an chuma sin orthu, ach tá teangacha a cumadh ar fhorais fealsúnachta nó loighciúla amháin arb é is aidhm dóibh coincheapa a rangú go cuimsitheach. Ar na samplaí tá córas fealsúnachta Leibnitz sa 17ú céad nó na teangacha nua-aimseartha loighciúla Loglan agus Lojban.

Ar deireadh tá réimse na téarmaíochta, iarracht na n-eolaithe cosúil le poitigéirí, bitheolaithe, geolaithe nó socheolaithe focail a shaoradh ón athbhrí agus ón athrú laethúil, agus a mbrí a shainiú gan athbhrí agus go deo. I roinnt réimsí bíonn an téarmaíocht comhlánaithe ag cineál gramadaí atá eolaíoch nó gairmiúil. Is sampla an-rialta de sin cumasc na dtéarmaí ceimiceacha (féach an "focal is faide" in go leor teangacha). Sampla níos nádúrtha ó thaobh na teangeolaíocha, sin Laidin an leighis a cheadaíonn agus a chaighdeánaíonn abairtíní níos faide nó fiú abairtí iomlána. Arna spreagadh ag obair sin na téarmaíochta agus ag gluaiseacht chiclipéideach an 19ú céad, d'fhéach teangeolaithe freisin le hointeolaíochtaí teanga agus líonta focal a thógáil ná sainmhíníonn téarmaí, ach a bhíonn fós ag iarraidh focail a rangú agus a nascadh, m.sh.WordNet).